Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Gasúr agus Gabhar.

Title
Gasúr agus Gabhar.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1898
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

GASÚR AGUS GABHAR.



Easbog do bhí ann fad ó, agus ba mhaith
leis, nuair thagadh na daoine trasna air, iad
do bheith ag umhlughadh dhó agus ag déanamh
lúta dhó. Lá amháin, bhí sé ag siubhal an
bhóthair, go dtáinig sé suas le gasúirín
bheag agus é leath-mharbh ag gabhar. Is
amhlaidh bhí an gasúr, agus é aig iarraidh
an gabhar a thabhairt a bhaile, agus ní rachadh
an gabhar leis. Annsin, chuir sé súgán
faoi mhuineál an ghabhair, agus shaoil sé an
gabhar a shreachailt 'na dhiaidh; acht dheamhan
cos a chuirfeadh mo bhuachaill roimhe acht ag
dul siar i gcomhnuidhe. Dar ndóigh, is é
siúd dúthchas na ngabhar.



Bhí go maith. Tháinig an t-Easbog suas
leo. D'fheuch sé ar an ngasúr. D'fheuch
an gasúirín air. “An é nach n-aithnigheann
tú mise?” ars an t-Easbog. “Aithnighim,
muis,” ars an gasúirín, “is tú an Tigh-
earna easbuig.” “Agus cad chuige nach
mbaineann tú do chaipín díot?” ars an
Easbog. “Beir ar an súgán, agus
bainfead,” ars an gasúr. Do ghluais an
t-Easbog roimhe.



Fír-Bréc.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services