Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Oráid.
Title
Oráid.
Author(s)
Mag Fhloinn, Monsignor Toirdhealbhach,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1897
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Oráid Thug an Sagart Fíor-urramach Monsignor Toirdhealbhach Mag Fhloinn, sagart pobail Sratha an Urláir. A Thighearna Easbuig, a aithreacha, agus a dhaoine uaisle — Seo lá glórmhar agus lá áthasach do Chloinn Chonaill agus d'Éire- annchaibh thríd an domhan go huilidhe — lá féile Choluim Chille. Seo é an lá chríoch- nuigheas an tríomhadh céad bliadhain déag i ndiaidh a bháis. “Is luachmhar i n-amharc an Tighearna, bás na naomh.” Tá prímh-chléireach Eaglaise na h- Éireann — prionnsa ár dteampuill; tá Easbog urramach onórach Rátha Bhoth; tá cléirigh agus tuata ó'n uile pharáiste ins an díoghóise mhóir so cruinnighthe annso indiu i nGartán, ins an áit i n-ar bogadh an naomh ins an chliabhán, leis an Aifreann naomhtha do thoirbhirt do Dhia Mhór na glóire ar son na n-iomad grása agus tiodhlacadh do phronn Sé ar Cholum Chille agus thríd-sean ar Éireannchaibh agus ar dhaoinibh na dtíortha eile fuair eolas an fhír-chreidimh thríd saothar agus foghlaim na manach naomtha d'fhág sé 'na dhiaidh ins an iomad tighthe riaghalta do chuir sé ar bun. Do labhair cuid de a cainteoiríbh annso indiu ar bheathaidh ár naoimh i mórán dóigheanna, acht is mian liom-sa trácht air mar fhear puiblidhe agus mar dheagh-chomhairli- gheach, agus ar an mhaitheas agus ar an tairbhe d'á thír agus do'n Eaglais, d'éirigh as a chuid gníomhartha agus comhairle. Tháinic sé de'n fhuil dob' uaisle agus dob' áirde i nÉirinn. Budh é Conall Gulban mac Néill Naoi- ghiallaigh, Árd-rí Éireann, a ghar-athair. Ar thaoibh a mháthar, budh de shliocht ríogh Laighean é. Ar an adhbhar sin, bhí sé i n-a chumas comhairle do chur ar mhór-chuid de ríghthibh agus d'uachdaránaibh na tíre. Go hóg i n-a shaoghal, fuair sé teagasg agus oideas maith cúramach, mar dóir do'n tsliocht ríoghamhail ar dhe é. Bhí sé ard-inntinneach meisneamhail agus gaisgeamhail in gach con- tabhairt, agus níos mó tugtha do bheith ag déanamh gníomhartha tréan calma ná do bheith ag urnaigheachas. 'Na chuideachta so, bhí inntinn daingean dóchasach agus claonta láidire aige, agus nuair do bhí siad so dírighthe mar budh chóir, is minic thug siad buaidh dhó agus lámh i n-uachdar in gach gábhadh agus cúis achrannaigh tháinic roimhe. Nuair tháinic an t-am ar ba chóir dhó a ghairm beathadh do thogha, thug sé suas a cheart ar ríoghacht Thíre Conaill agus b'fhéidir ar choróin áird-ríogh Éireann, agus ghlac sé mar raogha bheith 'na mhanach, agus thug sé é féin suas go dúthrachdach do sheirbhís Dé agus do shlánughadh anam. Bhí ní ba mhó de nádúir Mharta aige 'ná de nádúir Mháire — ní ba mhó dúile aige i ngníomharthaibh 'ná i n-a smuaineadh. Chuir sé na céadta de thighthibh pobail agus de mhainistreachaibh ar bun, agus riaghluigh sé iad. Thionntuigh sé na mílte de phágánachaibh i n-a mbeith i n-a gCríos- daidhibh. Theagaisg sé na bráithre. Shiubhail sé ar fairrge agus ar talamh ag déanamh na n-oibreacha so, agus casadh an iomad de dhaoinibh idir árd agus íseal air, agus fuair sé meas, onóir, urraim, agus géillsine uatha uile acht 'sa bheag agus ní dhearna duine ar bith maith dhó riamh nach bhfuair díolaidheachd ar a shon, agus mar an gcéadna níor mhasluigh agus níor tharcaisnigh aon duine 'nár éirigh mío-thapa dhó. Ba chosmhail Colum Cille le fathach i measg na ndaoine do chomhnuigh ins an seiseadh aois, agus chuaidh a chliú agus a cháil i bhfad 's i ngearr. Nuair tháinic Aodhán chum bheith 'na rígh ar na hÉireannchaibh do bhí socruighthe i nAlbain, budh mhaith leis dá ndéanfadh Colum Cille é choisreacan. Thug an naomh an athchuingidh so dhó, leag a lámha air, bheannuigh agus choisric é, agus budh é so an céad rí críosdamhail dá ndearnadh leis é. 'Na dhiaidh so, tháinic sé chum bheith 'na ghnás do ríghthibh Dála Riada, dul go hÍ go ndéanadh an t-ab a gcois-
reacan. Ba ghnáthach leis na hÉireannchaibh do rinne áit chomhnuidhe i nAlban, siúd is go raibh a ríghthe féin aca, cíos do dhíol le ríghthibh na hÉireann. Ba léir do Cholum Chille gurbh' adhbhar bruighne agus cogaidh do bheidheadh ins an cháin so, agus fuair sé maithte é ag cruinniughadh mór do bhí aca ins an bhliadhain 574 i nDruim Cheat i gCondae Dhoire, siúd is go raibh siad ag dul chum troda, acht gur chongbhuigh stuaim agus co- mhairle agus críonnachd Choluim Chille uadh iad. Chímid a chríonnachd mar an gcéadna i gcúis na mbárd. Bhí an iomad díobh ins an tír agus bhí casaoideacha móra 'na n-aghaidh, agus chuir an rí Aodh roimhe iad do sgrios nó a ndíbirt; acht ar chomhairle agus ar eadar- ghuidhe Choluim Chille, ní dhearna sé so, acht laghduigh sé a n-uimhir; agus uadh sin amach bhí a gceól agus a ndánta tugtha suas go mór do'n Eaglais, agus bhí an oiread sin buidhea- chais aca ar an fhear do shábháil iad, gur chum an t-árd-ollamh do bhí os a gceann, Dallán Forgaill, dán dó; acht i ndiaidh é chluinsin, thug an naomh air geallamhain nach seinnfeadh sé é chomh fada agus bheidheadh sé féin beó ar eagla roimh an bhród. Am fada 'na dhiaidh sin, chongbhuigh na báird spioraid an tíor-ghrádha beó i nÉirinn, agus gidh gur fhéach ríghthe na Sacsan agus go háirithe an bhainríoghain Isibéal iad do dhíol ar son seannma dhóibh, ní sheinnfeadh siad aon phort agus ní chumfadh siad aon rann dóibh. Ag cruinniughadh mhór Droma Ceat, thug Colum Cille, mar ríoghachd-fhear glic, an chomhairle dheireannach uadh ar thalamh na hÉireann do na ríghthibh, easbogaibh, cléir- chibh, uachdaránaibh, agus do'n mhéid eile bhí ann- sin as Albain agus as Éirinn, 'se sin, bheith ríothchánta carthanach díleas d'á chéile, eas- onóir do mhaitheadh, na deoraidhe díbeartha do thabhairt ar ais. Im' sheasamh dhamh ar an talamh naomhtha so i nGartán, an áit i n-a rugadh ar naomh beannuighthe, bheirim-se an chomhairle chéadna do thaoiseachaibh agus do dhaoinibh na hÉireann go hiomlán. Táthar ag goid dá mhilliún go leith punta 'sa bhliadhain uainn; tá na daoine ag imtheacht as an tír 'na míltibh; támuid ag éirghe níos boichde; tá na príosúnaigh ag cailleadh a gcéille i Sasanaibh; tá na bunadh do cuir- eadh as a gcuid gabháltais tréigthe, féadaim a rádh; acht dá mbíodh síothcháin agus aondachd agus carthanas eadrainn, bheidheadh an leigheas i n-ár láimh féin, agus tuilleadh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services