Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Oráid.

Title
Oráid.
Author(s)
Mag Fhloinn, Monsignor Toirdhealbhach,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1897
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 45


Oráid



Thug an Sagart Fíor-urramach Monsignor
Toirdhealbhach Mag Fhloinn, sagart
pobail Sratha an Urláir.



A Thighearna Easbuig, a aithreacha, agus a
dhaoine uaisle — Seo lá glórmhar agus lá
áthasach do Chloinn Chonaill agus d'Éire-
annchaibh thríd an domhan go huilidhe — lá
féile Choluim Chille. Seo é an lá chríoch-
nuigheas an tríomhadh céad bliadhain déag
i ndiaidh a bháis. “Is luachmhar i n-amharc
an Tighearna, bás na naomh.”



Tá prímh-chléireach Eaglaise na h-
Éireann — prionnsa ár dteampuill; tá
Easbog urramach onórach Rátha Bhoth; tá
cléirigh agus tuata ó'n uile pharáiste ins an
díoghóise mhóir so cruinnighthe annso indiu
i nGartán, ins an áit i n-ar bogadh an
naomh ins an chliabhán, leis an Aifreann
naomhtha do thoirbhirt do Dhia Mhór na glóire
ar son na n-iomad grása agus tiodhlacadh do
phronn Sé ar Cholum Chille agus thríd-sean ar
Éireannchaibh agus ar dhaoinibh na dtíortha eile
fuair eolas an fhír-chreidimh thríd saothar agus
foghlaim na manach naomtha d'fhág sé 'na
dhiaidh ins an iomad tighthe riaghalta do chuir
sé ar bun.



Do labhair cuid de a cainteoiríbh annso
indiu ar bheathaidh ár naoimh i mórán
dóigheanna, acht is mian liom-sa trácht air
mar fhear puiblidhe agus mar dheagh-chomhairli-
gheach, agus ar an mhaitheas agus ar an tairbhe d'á
thír agus do'n Eaglais, d'éirigh as a chuid
gníomhartha agus comhairle. Tháinic sé de'n
fhuil dob' uaisle agus dob' áirde i nÉirinn.
Budh é Conall Gulban mac Néill Naoi-
ghiallaigh, Árd-rí Éireann, a ghar-athair.
Ar thaoibh a mháthar, budh de shliocht ríogh
Laighean é. Ar an adhbhar sin, bhí sé i n-a
chumas comhairle do chur ar mhór-chuid de
ríghthibh agus d'uachdaránaibh na tíre. Go hóg
i n-a shaoghal, fuair sé teagasg agus oideas
maith cúramach, mar dóir do'n tsliocht
ríoghamhail ar dhe é. Bhí sé ard-inntinneach
meisneamhail agus gaisgeamhail in gach con-
tabhairt, agus níos mó tugtha do bheith ag
déanamh gníomhartha tréan calma ná do
bheith ag urnaigheachas. 'Na chuideachta so,
bhí inntinn daingean dóchasach agus claonta
láidire aige, agus nuair do bhí siad so dírighthe
mar budh chóir, is minic thug siad buaidh dhó
agus lámh i n-uachdar in gach gábhadh agus cúis
achrannaigh tháinic roimhe.



Nuair tháinic an t-am ar ba chóir dhó a
ghairm beathadh do thogha, thug sé suas a
cheart ar ríoghacht Thíre Conaill agus b'fhéidir
ar choróin áird-ríogh Éireann, agus ghlac sé
mar raogha bheith 'na mhanach, agus thug sé é féin
suas go dúthrachdach do sheirbhís Dé agus do
shlánughadh anam. Bhí ní ba mhó de nádúir
Mharta aige 'ná de nádúir Mháire — ní ba
mhó dúile aige i ngníomharthaibh 'ná i n-a
smuaineadh. Chuir sé na céadta de thighthibh
pobail agus de mhainistreachaibh ar bun, agus
riaghluigh sé iad. Thionntuigh sé na mílte
de phágánachaibh i n-a mbeith i n-a gCríos-
daidhibh. Theagaisg sé na bráithre. Shiubhail
sé ar fairrge agus ar talamh ag déanamh na
n-oibreacha so, agus casadh an iomad de
dhaoinibh idir árd agus íseal air, agus fuair sé
meas, onóir, urraim, agus géillsine uatha uile
acht 'sa bheag agus ní dhearna duine ar bith
maith dhó riamh nach bhfuair díolaidheachd ar a
shon, agus mar an gcéadna níor mhasluigh agus níor
tharcaisnigh aon duine 'nár éirigh mío-thapa
dhó. Ba chosmhail Colum Cille le fathach i
measg na ndaoine do chomhnuigh ins an
seiseadh aois, agus chuaidh a chliú agus a cháil i bhfad
's i ngearr.



Nuair tháinic Aodhán chum bheith 'na rígh ar
na hÉireannchaibh do bhí socruighthe i nAlbain,
budh mhaith leis dá ndéanfadh Colum Cille
é choisreacan. Thug an naomh an athchuingidh
so dhó, leag a lámha air, bheannuigh agus choisric
é, agus budh é so an céad rí críosdamhail dá
ndearnadh leis é. 'Na dhiaidh so, tháinic sé
chum bheith 'na ghnás do ríghthibh Dála Riada,
dul go hÍ go ndéanadh an t-ab a gcois-


L. 46


reacan. Ba ghnáthach leis na hÉireannchaibh
do rinne áit chomhnuidhe i nAlban, siúd is
go raibh a ríghthe féin aca, cíos do dhíol le
ríghthibh na hÉireann. Ba léir do Cholum
Chille gurbh' adhbhar bruighne agus cogaidh do
bheidheadh ins an cháin so, agus fuair sé maithte
é ag cruinniughadh mór do bhí aca ins an
bhliadhain 574 i nDruim Cheat i gCondae
Dhoire, siúd is go raibh siad ag dul chum
troda, acht gur chongbhuigh stuaim agus co-
mhairle agus críonnachd Choluim Chille uadh iad.



Chímid a chríonnachd mar an gcéadna i
gcúis na mbárd. Bhí an iomad díobh ins
an tír agus bhí casaoideacha móra 'na n-aghaidh,
agus chuir an rí Aodh roimhe iad do sgrios nó
a ndíbirt; acht ar chomhairle agus ar eadar-
ghuidhe Choluim Chille, ní dhearna sé so, acht
laghduigh sé a n-uimhir; agus uadh sin amach bhí
a gceól agus a ndánta tugtha suas go mór
do'n Eaglais, agus bhí an oiread sin buidhea-
chais aca ar an fhear do shábháil iad, gur
chum an t-árd-ollamh do bhí os a gceann,
Dallán Forgaill, dán dó; acht i ndiaidh é
chluinsin, thug an naomh air geallamhain nach
seinnfeadh sé é chomh fada agus bheidheadh sé
féin beó ar eagla roimh an bhród. Am
fada 'na dhiaidh sin, chongbhuigh na báird
spioraid an tíor-ghrádha beó i nÉirinn, agus
gidh gur fhéach ríghthe na Sacsan agus go háirithe
an bhainríoghain Isibéal iad do dhíol ar son
seannma dhóibh, ní sheinnfeadh siad aon phort
agus ní chumfadh siad aon rann dóibh.



Ag cruinniughadh mhór Droma Ceat, thug
Colum Cille, mar ríoghachd-fhear glic, an
chomhairle dheireannach uadh ar thalamh na
hÉireann do na ríghthibh, easbogaibh, cléir-
chibh, uachdaránaibh, agus do'n mhéid eile bhí ann-
sin as Albain agus as Éirinn, 'se sin, bheith
ríothchánta carthanach díleas d'á chéile, eas-
onóir do mhaitheadh, na deoraidhe díbeartha do
thabhairt ar ais. Im' sheasamh dhamh ar an
talamh naomhtha so i nGartán, an áit i n-a
rugadh ar naomh beannuighthe, bheirim-se an
chomhairle chéadna do thaoiseachaibh agus do
dhaoinibh na hÉireann go hiomlán. Táthar
ag goid dá mhilliún go leith punta 'sa
bhliadhain uainn; tá na daoine ag imtheacht
as an tír 'na míltibh; támuid ag éirghe níos
boichde; tá na príosúnaigh ag cailleadh a
gcéille i Sasanaibh; tá na bunadh do cuir-
eadh as a gcuid gabháltais tréigthe, féadaim
a rádh; acht dá mbíodh síothcháin agus aondachd
agus carthanas eadrainn, bheidheadh an leigheas
i n-ár láimh féin, agus tuilleadh.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services