Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Mion-chomhradh Gaedhilge. II.
Title
Mion-chomhradh Gaedhilge. II.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Collector
O'Leary, Rev. P.
Composition Date
1897
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Mion-chomhradh Gaedhilge. II. [A haon (1) is comhartha do'n chéad-rádh, a dó (2) is comhartha do'n fhreagra.] AR AN AONACH. 1. An rabhais ar an aonac? 1 2. Bhíos. 1 1. Cad a bhí agat dá dhéanamh ann? (M). 1. Ceurd a bhí tú 'dhéanamh ann? (C). 2 2. Ag díol na ngamhan. 3 1. Ar dhíolais iad? 1 1. Ar dhíol tú iad? (C.U.) 2. Dhíolas. 1. Cá mheud (cé mheud) fuair tú ar an gce- ann díobh? 1. An mór a fuarais ar an gceann díobh? (M). 4 2. Seacht bpuint deich. 1. Ba mhaith é. 2. Níor bh'olc é, agus oir- ead beithidheach ann. 1. Tá an dúthaigh lán díobh. 2. Tá agus gach aon-ne' ag iarraid sgara- mhaint leó. 5 1. Mar sin ní'l an feur ann chum a gcothuighthe (M). 6 1. Is maith do sgarais-se 1 led' chuid féin díobh. 7 2. Cheapas go bhfuighinn na hocht bpuint, nó an chuid ba lugha dhe, seacht bpuint cúig deug. 8. 1. Go deimhn ní gearánta dhuit i n-aon chor. Fuarais rud maith. 9 1. Go dtugaidh Dia lá maith dhuit! 2. Go dtéidhir slán! AG TEACHT ISTEACH I DTIGH. 1. Bail ó Dhia oraibh! 10 1. Go mbeannuighidh Dia annso.! 2. Dia 's Muire dhuit! 1. Cionnus táthaoi go léir? 11 2. Tá an tsláinte againn, buidheachas le Dia! Cionnus táir féin? 1. Ag cur díom chomh maith agus fhéadaim é. 12 2. Ar thugais aon sgeul nua leat chugainn? (M). 2 1. Níor thugas blúire ar domhan. 13. 2. Ach! caidé an mhaith thu? Druid aníos chum na teineadh agus téigh thu féin. Tá an lá indiu pas cruaidh ann séin. 14 1. Ní misde a rádh go bhfuil. 2. O thárla na prátaidhe bheith beirbhthe againn, b'fhéidir go n-íosfá ceann nó dhó aca. 15 1. Ambasa ní h-ins gach aon bhall do gheabh- ainn iad. Táid siad a' dul i ngannchúisighe ag daoinibh, mar phráthaidhe. 16 2. Is gearr go mbeid na prátaidhe nua againn, le congnamh Dé. 1. Is gearr go mbeidh siad agaibh-se, acht cathain bheidh siad ag daoinibh eile? 17 2. Badh cheart do gach aon- ne' cúpla iomaire prátaidhe luath do bheith aige i gcomhair an tsaosúir. 18 1. O! seach 's dóigh! dá ndéanadh gach aon-ne' an ceart, bheidheadh an saoghal go dian- mhaith. Acht b'fhéidir nach é gach aon-ne' go mbeidheadh an chóir aige, ná d'fhéadfadh an aimsir do fhrio- tháileam. 19 2. Bheidhís díomhaoin an fhaid do bheidís 'ghá dhéanamh. Agus "dá mbeidheadh soineann go Samhain ann, bhei- dheadh breall ar dhuine éigin." 20.
1. Ambasa, 21 is sean-fho- cal é. 2. 'Seadh, agus ní sáruigh- thear a leithéidí. 1. 'Seadh! Beannacht Dé agaibh istigh agus amuigh! Is cuma dhom anois caidé an cor do bhéarfaidh me an chuid eile de'n lá. 22 2. Mhaise', ní he an mhéid sin do chuirfidh puinn masmais ort. Is lag is cóir é mhaoidheamh ort. 23
Cathair Chéin na mbeann n-óir, 'Nar shia a lón 'ná shaoghal, (171). O'Drisceoil glégeal, O'Súiliobháin Bheura, 'S O'Mathghamhna nár thréig riamh a cháirde.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services