Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Mion-chomhradh Gaedhilge. II.

Title
Mion-chomhradh Gaedhilge. II.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Collector
O'Leary, Rev. P.
Composition Date
1897
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Mion-chomhradh
Gaedhilge. II.



[A haon (1) is comhartha
do'n chéad-rádh, a dó (2) is
comhartha do'n fhreagra.]



AR AN AONACH.



1. An rabhais ar an
aonac? 1
2. Bhíos. 1
1. Cad a bhí agat dá
dhéanamh ann? (M).
1. Ceurd a bhí tú 'dhéanamh
ann? (C). 2
2. Ag díol na ngamhan. 3
1. Ar dhíolais iad? 1
1. Ar dhíol tú iad? (C.U.)
2. Dhíolas.
1. Cá mheud (cé mheud)
fuair tú ar an gce-
ann díobh?
1. An mór a fuarais ar
an gceann díobh? (M). 4
2. Seacht bpuint deich.
1. Ba mhaith é.
2. Níor bh'olc é, agus oir-
ead beithidheach ann.
1. Tá an dúthaigh lán díobh.
2. Tá agus gach aon-ne'
ag iarraid sgara-
mhaint leó. 5
1. Mar sin ní'l an feur
ann chum a gcothuighthe
(M). 6
1. Is maith do sgarais-se 1
led' chuid féin díobh. 7
2. Cheapas go bhfuighinn
na hocht bpuint, nó
an chuid ba lugha dhe,
seacht bpuint cúig
deug. 8.
1. Go deimhn ní gearánta
dhuit i n-aon chor.
Fuarais rud maith. 9



1. Go dtugaidh Dia lá
maith dhuit!
2. Go dtéidhir slán!



AG TEACHT ISTEACH
I DTIGH.



1. Bail ó Dhia oraibh! 10
1. Go mbeannuighidh Dia
annso.!
2. Dia 's Muire dhuit!
1. Cionnus táthaoi go
léir? 11
2. Tá an tsláinte againn,
buidheachas le Dia!
Cionnus táir féin?
1. Ag cur díom chomh maith
agus fhéadaim é. 12
2. Ar thugais aon sgeul
nua leat chugainn?
(M). 2
1. Níor thugas blúire ar
domhan. 13.
2. Ach! caidé an mhaith thu?
Druid aníos chum na
teineadh agus téigh thu
féin. Tá an lá indiu
pas cruaidh ann séin. 14
1. Ní misde a rádh go
bhfuil.
2. O thárla na prátaidhe
bheith beirbhthe againn,
b'fhéidir go n-íosfá
ceann nó dhó aca. 15
1. Ambasa ní h-ins gach
aon bhall do gheabh-
ainn iad. Táid siad
a' dul i ngannchúisighe
ag daoinibh, mar
phráthaidhe. 16
2. Is gearr go mbeid na
prátaidhe nua againn,
le congnamh Dé.
1. Is gearr go mbeidh siad
agaibh-se, acht cathain
bheidh siad ag daoinibh
eile? 17
2. Badh cheart do gach aon-
ne' cúpla iomaire
prátaidhe luath do
bheith aige i gcomhair
an tsaosúir. 18
1. O! seach 's dóigh! dá
ndéanadh gach aon-ne'
an ceart, bheidheadh
an saoghal go dian-
mhaith. Acht b'fhéidir
nach é gach aon-ne' go
mbeidheadh an chóir
aige, ná d'fhéadfadh
an aimsir do fhrio-
tháileam. 19
2. Bheidhís díomhaoin an
fhaid do bheidís 'ghá
dhéanamh. Agus "dá
mbeidheadh soineann
go Samhain ann, bhei-
dheadh breall ar dhuine
éigin." 20.


L. 30


1. Ambasa, 21 is sean-fho-
cal é.
2. 'Seadh, agus ní sáruigh-
thear a leithéidí.
1. 'Seadh! Beannacht Dé
agaibh istigh agus
amuigh! Is cuma dhom
anois caidé an cor
do bhéarfaidh me an
chuid eile de'n lá. 22
2. Mhaise', ní he an mhéid
sin do chuirfidh puinn
masmais ort. Is lag
is cóir é mhaoidheamh
ort. 23


L. 31


Cathair Chéin na mbeann n-óir,
'Nar shia a lón 'ná shaoghal,




(171). O'Drisceoil glégeal,
O'Súiliobháin Bheura,
'S O'Mathghamhna nár thréig riamh a cháirde.


L. 32


19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services