Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Mion-chomhradh Gaedhilge. VII.
Title
Mion-chomhradh Gaedhilge. VII.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1897
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
MION-CHOMHRADH GAEDHILGE. VII. SGEUL. D'fhan an sgéal mar sin. Sgéal thairis! Tá an sgéal go breac thall aca. Tá an sgéal go haindeis agaibh. Cionnus atá an sgéal aca? Caidé an sgéal é. Cuir sgéal chuca. Is túisge deoch 'ná sgéal. Is mór an sgéal é. Is beag an sgéal é. Is truagh an sgéal é. Is olc an sgéal é. Is tiubaisdeach an sgéal é. Is millte an sgéal é. Is mí-adhbharach an sgéal é. Is greannmhar an sgéal é. Is ait an sgéal é. Sgéal gan dath! Sgéal an chaipín deirg. "A sgéal féin sgéal gach aon'ne, agus sgéal an chait a phiscín." CUID. Cuid de'n arán. Cuid de'n fheóil. Cuir uait cuid de'n chaint. Ceapann sé mo chuid do bhreith leis. Ní hé do chuid é. Ní beag d'aon 'ne a chuid féin. Ní 'l sé sásta le n-a chuid féin, gan cuid an fhir thall do bheith 'n-a teannta aige. Mo chuid fola. Mo chuid airgid. Mo chuid talaimh. Mo chuid arbhair. Mo chuid féir. Mo thalamh. Mo chuid gruaige. Mo ghruaig. Mo chuid leabhar. Mo leabhair. Mo leabhar. Leabhar liom. Talamh liom. Thusa agus do chuid óil fá ndeár an obair seo. Tá breall ort féin agus ar do chuid faireacháin. Ní dhíolfair an cíos led' chuid rinnce. Leig dom féin led' chuid cainte. Thusa agus do chuid críche thug an méid sin orainn. Caidé an chuid atá agat- sa dhe? Ní'l aon chuid agat de. Ná caith amach an t-uisge salach go mbeidh an chuid ghlan isteach agat. Eisd, a chuid! Mo chuid de 'n tsaoghal thu! Tar a leith, a chuidín! Cuid na hoidhche. "An té bhíos amuigh, fuarann a chuid." "Ní beag do dhuine gan chuid de chuin é féín." Duine gan chuid. An chuid is lugha dhe. An chuid is lugha dhe, dhá uair sa' mbliadhain. Tá do chuid is do chlú agat. Mo chuid de'n mhin. Mo chuid mine. An chuid is fearr aca. An chuid is mó aca. A n-urmhór, a bhformhór. An chuid eile. Rinne sí dhá chuid de 'n tlú. Mór-chuid, cuid mhór, cuid mhaith. An-chuid fíona. An chuid nach bhfuaramar.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services