Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Mion-chomhradh Gaedhilge. VII.

Title
Mion-chomhradh Gaedhilge. VII.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1897
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

MION-CHOMHRADH
GAEDHILGE. VII.



SGEUL.



D'fhan an sgéal mar sin.
Sgéal thairis!
Tá an sgéal go breac
thall aca.
Tá an sgéal go haindeis
agaibh.
Cionnus atá an sgéal
aca?
Caidé an sgéal é.
Cuir sgéal chuca.
Is túisge deoch 'ná sgéal.
Is mór an sgéal é.
Is beag an sgéal é.
Is truagh an sgéal é.
Is olc an sgéal é.
Is tiubaisdeach an sgéal é.
Is millte an sgéal é.
Is mí-adhbharach an sgéal é.



Is greannmhar an sgéal é.
Is ait an sgéal é.
Sgéal gan dath!
Sgéal an chaipín deirg.
"A sgéal féin sgéal gach
aon'ne, agus sgéal an chait
a phiscín."



CUID.



Cuid de'n arán.
Cuid de'n fheóil.
Cuir uait cuid de'n chaint.



Ceapann sé mo chuid do
bhreith leis.
Ní hé do chuid é.
Ní beag d'aon 'ne a chuid
féin.
Ní 'l sé sásta le n-a chuid
féin, gan cuid an fhir
thall do bheith 'n-a
teannta aige.



Mo chuid fola.
Mo chuid airgid.
Mo chuid talaimh.



Mo chuid arbhair.
Mo chuid féir.
Mo thalamh.
Mo chuid gruaige.



Mo ghruaig.
Mo chuid leabhar.
Mo leabhair.
Mo leabhar.
Leabhar liom.
Talamh liom.



Thusa agus do chuid óil fá
ndeár an obair seo.
Tá breall ort féin agus ar
do chuid faireacháin.
Ní dhíolfair an cíos led'
chuid rinnce.
Leig dom féin led' chuid
cainte.
Thusa agus do chuid críche
thug an méid sin orainn.



Caidé an chuid atá agat-
sa dhe?
Ní'l aon chuid agat de.
Ná caith amach an t-uisge
salach go mbeidh an chuid
ghlan isteach agat.
Eisd, a chuid!
Mo chuid de 'n tsaoghal
thu!
Tar a leith, a chuidín!



Cuid na hoidhche.
"An té bhíos amuigh,
fuarann a chuid."
"Ní beag do dhuine gan
chuid de chuin é féín."



Duine gan chuid.
An chuid is lugha dhe.
An chuid is lugha dhe, dhá
uair sa' mbliadhain.
Tá do chuid is do chlú agat.



Mo chuid de'n mhin.
Mo chuid mine.
An chuid is fearr aca.
An chuid is mó aca.
A n-urmhór, a bhformhór.
An chuid eile.



Rinne sí dhá chuid de 'n
tlú.
Mór-chuid, cuid mhór, cuid
mhaith.
An-chuid fíona.
An chuid nach bhfuaramar.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services