Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Litir ó Chumann na Gaedhilge i Nua-Eabhrac.
Title
Litir ó Chumann na Gaedhilge i Nua-Eabhrac.
Author(s)
Údair éagsúla,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1897
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Litir ó Chumann na Gaedhilge i Nuadh-Eabhrach. Cumann na Gaedhilge, Nuadh Eabhrac, U.S.A., 26adh lá Bealtaine, 1897. Do'n Athair Urramach, Aindrias Mac Niallghuis, Sagart Pobuil Gartáin. A athair dhil, I n-ainm Cumainn na Gaedhilge de Nuadh-Eabhrac cuirimid teachtaireacht bheag chugaibh ar an ócáid mhóir seo atá i láthair .i. an tríomhadh céad déag lá féile Choluim Cille. Ba ro-mhaith do tuilleadh an t-ainm “Oileán na Naomh agus na nOllamh” le hÉirinn ar feadh Aoise Órdha na hEaglaise, óir is iliomad na fir léigheannta naomhtha do rugadh agus do tógadh ar a hucht ghlas ar feadh na dtrí gcéad mbliadhan tar éis teachta Naoimh Phadraig; acht de'n iomlán, ní raibh aon aca níos naomtha, níos léigheannta ná níos oirdheirce ná do bhí Colum Cille féin. Ba naomh os cionn na naomh é, acht 'san am céadna ba h- Éireannach os cionn na nÉireannach é. Thug sé a chéad-ghrádh do Dhia, mar ba chóir; acht thug sé a dhara grádh gan roinn do'n tír áluinn i n-a rugadh é agus i nár fhéad sé a chomhnuidhe do dhéanamh; óir rinne sé díbearthach go toilteanach dhe féin, chum Creidimh Chríost do sgapadh i measg na ndaoine mbocht n-ainbhfeasach do mhair i ndorchadas págánachta ins na tíorthaibh comhgaracha. Acht ar feadh a bheathadh fada i measg na gcoigcrígheach, bhí a chroidhe i nÉirinn le n-a mhuintir féin, agus “ba mhór na deóra 'na shúil ghuirm, nuair d'iompuigh sé a radharc chum oileáin áluinn a óige.” Ní hiongnadh é go dtugann Clanna Gaedheal onóir agus urraim d'ainm agus do chuimhne dhílis an naoimh mhóir agus an Ollaimh léigheannta so. Go háirithe is ro-oireamh- nach go mbeidheadh mórughadh a fhéile agaibh- se ar an mball talmhan beannuighthe sin i n-a rugadh agus i n-ar hoileadh réalta naomh- thachta agus foghlama na hEaglaise Éireann- aighe agus Críosdaidhthe na hEórpa, trí chéad déag bliadhain ó shoin. Acht gidh gur geineadh Colum Cille i measg sléibhte fiadhain áluinn Tíre Conaill, agus gidh gur shaothruigh sé mór-chuid d'á shaoghal ar oileán lom uaigneach Í, fós ní'l a cháil ceangailte de 'n dá bháll talmhan sin amháin. Is leis an domhan mór Críosda- mhail a chlú, óir ní'l aon tír ar dhruim na cruinne indiu i nár cuireadh creideamh Críosd ar bun agus i nach bhfuil an creideamh sin d'á chothughadh le deisgioblaibh agus le comh- dhúthchasachaibh naoimh Choluim Chille. Mar dhearbhadh air sin beidh iodhbairt adhramhail an Aifrinn toirbheartha ar a shon i n-iomad teampoll ar fud fairsinge na móir-thíre seo ar an naomhadh lá de Mheitheamh. Agus ar an lá céadna sin, nuair bheidheas sibh- se i nGartán, áit a bhreithe, ag ofráil Aifrinn mhóir agus ag tabhairt molta agus glóire dhó 'san tsean-Ghaedhilg úd do labhair an naomh féin agus i n-ar sgríobh agus i n-ar ghabh sé
a chainticidhe milse do Dhia, beidh comhaltadha an Chumainn seo agus ar gcáirde cruinnighthe 'n-ár míltibh 'san halla is mó ins an gcathair seo, trí míle míle i gcéin uaibh-se, ag éisdeachd le heaglaiseach ro-léigheannta de phóir na nGaedheal (gidh nach bhfaca sé talamh na hÉireann riamh) ag tráchd go líomhtha linn ar chráibhtheachd agus ar thíorthamh- lachd Choluim Chille agus ag taisbeáint na méide do rinne sé ar son Críosdaigheachda na hEórpa. Mar sin de, gidh gur fada i gcéin atámaoid, gan dóchas ag mórán againn go bhfeicfimid Éire na srothán go deó arís, tá ar gcroidhthe libh in gach nídh bhaineas le honóir agus le clú na nGaedheal. Go dtugaidh Dia, tré eadarghuidhe Choluim Chille, i n-éinfheachd le paidreachaibh a chloinne dílse ar fud an domhain ar an ócáid seo, síothcháin saoirse agus sonas gan mhoill d'ár máthair bhoicht Éire! Is sinne, a athair dhil, (ar son Cumainn na Gaedhilge) bhur seirbhísigh umhla. E.T. MacCríostamhail, uachdarán. Piaras de Cent, leas-uachdarán. Uilliam Ua Bailbh, rúnaire. Pádraic Ua Broin, fear eagair.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services