Litir ó Chumann na Gaedhilge i
Nuadh-Eabhrach.
Cumann na Gaedhilge,
Nuadh Eabhrac, U.S.A.,
26adh lá Bealtaine, 1897.
Do'n Athair Urramach,
Aindrias Mac Niallghuis,
Sagart Pobuil Gartáin.
A athair dhil,
I n-ainm Cumainn na Gaedhilge de
Nuadh-Eabhrac cuirimid teachtaireacht bheag
chugaibh ar an ócáid mhóir seo atá i láthair
.i. an tríomhadh céad déag lá féile Choluim
Cille. Ba ro-mhaith do tuilleadh an t-ainm
“Oileán na Naomh agus na nOllamh” le
hÉirinn ar feadh Aoise Órdha na hEaglaise,
óir is iliomad na fir léigheannta naomhtha
do rugadh agus do tógadh ar a hucht ghlas ar
feadh na dtrí gcéad mbliadhan tar éis
teachta Naoimh Phadraig; acht de'n iomlán,
ní raibh aon aca níos naomtha, níos
léigheannta ná níos oirdheirce ná do bhí
Colum Cille féin. Ba naomh os cionn na
naomh é, acht 'san am céadna ba h-
Éireannach os cionn na nÉireannach é.
Thug sé a chéad-ghrádh do Dhia, mar ba chóir;
acht thug sé a dhara grádh gan roinn do'n
tír áluinn i n-a rugadh é agus i nár fhéad sé
a chomhnuidhe do dhéanamh; óir rinne sé
díbearthach go toilteanach dhe féin, chum
Creidimh Chríost do sgapadh i measg na
ndaoine mbocht n-ainbhfeasach do mhair i
ndorchadas págánachta ins na tíorthaibh
comhgaracha. Acht ar feadh a bheathadh fada
i measg na gcoigcrígheach, bhí a chroidhe i
nÉirinn le n-a mhuintir féin, agus “ba mhór
na deóra 'na shúil ghuirm, nuair d'iompuigh
sé a radharc chum oileáin áluinn a óige.”
Ní hiongnadh é go dtugann Clanna
Gaedheal onóir agus urraim d'ainm agus do
chuimhne dhílis an naoimh mhóir agus an Ollaimh
léigheannta so. Go háirithe is ro-oireamh-
nach go mbeidheadh mórughadh a fhéile agaibh-
se ar an mball talmhan beannuighthe sin i
n-a rugadh agus i n-ar hoileadh réalta naomh-
thachta agus foghlama na hEaglaise Éireann-
aighe agus Críosdaidhthe na hEórpa, trí chéad
déag bliadhain ó shoin.
Acht gidh gur geineadh Colum Cille i
measg sléibhte fiadhain áluinn Tíre Conaill,
agus gidh gur shaothruigh sé mór-chuid d'á shaoghal
ar oileán lom uaigneach Í, fós ní'l a cháil
ceangailte de 'n dá bháll talmhan sin
amháin. Is leis an domhan mór Críosda-
mhail a chlú, óir ní'l aon tír ar dhruim na
cruinne indiu i nár cuireadh creideamh
Críosd ar bun agus i nach bhfuil an creideamh
sin d'á chothughadh le deisgioblaibh agus le comh-
dhúthchasachaibh naoimh Choluim Chille. Mar
dhearbhadh air sin beidh iodhbairt adhramhail
an Aifrinn toirbheartha ar a shon i n-iomad
teampoll ar fud fairsinge na móir-thíre
seo ar an naomhadh lá de Mheitheamh. Agus
ar an lá céadna sin, nuair bheidheas sibh-
se i nGartán, áit a bhreithe, ag ofráil
Aifrinn mhóir agus ag tabhairt molta agus glóire
dhó 'san tsean-Ghaedhilg úd do labhair an
naomh féin agus i n-ar sgríobh agus i n-ar ghabh sé
a chainticidhe milse do Dhia, beidh comhaltadha
an Chumainn seo agus ar gcáirde cruinnighthe
'n-ár míltibh 'san halla is mó ins an
gcathair seo, trí míle míle i gcéin uaibh-se,
ag éisdeachd le heaglaiseach ro-léigheannta
de phóir na nGaedheal (gidh nach bhfaca sé
talamh na hÉireann riamh) ag tráchd go
líomhtha linn ar chráibhtheachd agus ar thíorthamh-
lachd Choluim Chille agus ag taisbeáint na
méide do rinne sé ar son Críosdaigheachda
na hEórpa. Mar sin de, gidh gur fada i
gcéin atámaoid, gan dóchas ag mórán
againn go bhfeicfimid Éire na srothán go
deó arís, tá ar gcroidhthe libh in gach nídh
bhaineas le honóir agus le clú na nGaedheal.
Go dtugaidh Dia, tré eadarghuidhe Choluim
Chille, i n-éinfheachd le paidreachaibh a
chloinne dílse ar fud an domhain ar an
ócáid seo, síothcháin saoirse agus sonas gan
mhoill d'ár máthair bhoicht Éire!
Is sinne, a athair dhil, (ar son Cumainn
na Gaedhilge) bhur seirbhísigh umhla.
E.T. MacCríostamhail, uachdarán.
Piaras de Cent, leas-uachdarán.
Uilliam Ua Bailbh, rúnaire.
Pádraic Ua Broin, fear eagair.