Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Eachtra Lomnochtáin an t-Sléibhe Riffe.
Title
Eachtra Lomnochtáin an t-Sléibhe Riffe.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1898
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Eachtra Lomnochtáin an t-Sléibhe Riffe. 54. Iomthúsa Maoghnais Mhóir Ór-armtha agus mic ríogh an domhain agus na mac ríogh eil, agus na ridirí do bhí'n-a bhfarradh, cruinnighidh ar aon láthair chum dul do dhécheannadh Fiann nÉireann, agus do bhí an rí ró-bhuaidh- eartha i dtaobh an charadais do rinne sé féin leó sain do bhriseadh, agus do chuir duine ós íseal le sgéalaibh chum na Féinne ar an trom-shluagh do bhí ag triall ortha an oidhche sin. An tan do chualadar Fianna Éireann an sgéal sain do ghabh mire meanman agus dásacht aignidh iad, agus gabhaid a gculaithe catha umpa. Is annsain adubhairt an inghean gurab é budh chóir dóibh a dhéanamh dul i luing Lomnochtáin agus éalódh a-bhaile gan fhios do shluagh an dúna. Do labhair Goll agus is é do ráidh, — “Ar thionnsgnamh mo ghaisgidh dham féin do thugas móid lem' ghaisgeadh do chosnamh, agus gan teitheadh roimh dá mhéid do thiocfadh do throm-shluagh im aghaidh ar eagla báis nó buain-éaga d'imirt
orm, agus an nídh nach dearna mé riamh ní thoiseochad leis anois, eadhón mo ghaisgeadh do bhriseadh. 55. Níor chian dóibh mar sin go gcualadar mór-gháir na sluagh dá n-ionnsaighe, agus iar dteacht i bhfogus don dún dóibh do chuirea- dar aon-gháir os árd uatha, ionnus gur clos fo na críobhaibh ba choimhneasa dhóibh an mhór-gháir sin. “A Dhiarmaid,” ar Conán, ”ó's sinne araon do thosuigh leis an móir- ghleó so, tar liom anois ionnus go dtabhra- maois cúis chaoi do'n mhuintir do léig an gháir allta so do chualamar.” Do chuaidh Diar- maid agus Conán amach as a haithle sin agus thug- dar trí leabhar-chuarta timcheall an dúna, agus do mharbhadar cúig céad do gach cuairt díobh, agus thángadar isteach annsain, agus d'ibhe- dar deoch as corn na mbuadh agus do bhíodar sláin-chréachtach dá éis. Téid amach an dara feacht agus thugadar trí leabhar-chuarta eile timcheall na bruighne, agus do mharbhadar trí chéad do gach ruathar díobh sain, agus thán- gadar isteach do'n dún agus d'ibheadar deoch as an gcorn agus do léigheasadh ó n-a gcréach- taibh iad. 56. Do labhair Goll annsain agus adubhairt gur chóir uile dul amach d'fheachain an bhfaghdaois an sluagh eachtrann sain do chlaoi sul d'éireochadh an lá ar n-a bhárach. Annsain d'éirgheadar Fiann Éireann amach as an dún agus thugadar aghaidh ar an sluagh agus ghabhadar da leónadh agus dá leadradh dá ndeis agus gá gclí, ionnus gur chuireadar sgaoileadh agus sgaipeadh orth, agus an naonbhar gaisghidheach allmhurach da ngreannughadh agus dá ndlúthughadh chum an bháis: óir do ghabhadar Fianna Éireann dá leadraidh amhail faol-chonaibh ocracha croas-sgaoilte tré mhin-tréadaibh caorach, nó amhail míol mór tré mhin-iasgaibh nó amhail seabhaic tré ealtain de mhin- éanaibh, ionnus gur comhluath iad ag ciorrbhadh corp, cathbhfarr agus ceann a namhad. Ba fuilteach féinnidhe ó'n gcaith-ghleó sain, gur ghabh Goll glac-láidir glain- bhéimeannach mac Mórna tríotha mar bhuinne taidhbhseach tréan-adhbhal ag dortadh le slios mór sléibhe, bhriseas agus sguabas roimpi gach nídh da dtig i n-a chomhair, agus i é tuarasgbháil Osgair an-ghlonnaigh mhic Oisín, amhail torann mór teintidhe tóirnigh ag dortadh agus ag briseadh agus ag séideadh as an bhfiormanaint neamhdha ag dul fo na sluaghaibh, agus gabhann dá n-oirleach amhail fiodh coille dá dtreasgairt nó mar bhrúcht mór-fhairrge ag tréan-bhualadh le sleasaibh cairrgeacha le hanfadh gaoithe. Mar sin dóibh uile ar aon tsamhail. 57. Cidh trách do b'é críoch an mhór-chomh- raic sin nach raibh gan marbhadh ar maidin ag éirghe lae do na mór-shluaghaibh sin, acht amháin an naonbhair Éireannach agus an naonbhar príomh-laoch allmhurach do budh taoisigh ar na sluaghaibh, agus ní ar tlás ná ar mí-loachas do chuadar d'éis áir a muintire, acht ar mire meanmaan agus ar dásacht aigeanta, óir thugadar an naonbhar allmhurach a n-aghaidh ar Fhiannaibh Éireann, agus do b'adhbhal le n-a aithris inneall an chomhraic sin. Acht cheana ba ghníomhach an deabhaidh, ba taoibh-dhearg taoisigh agus deagh-laoich, ba dealbh-chorcar dreach-nimhneach deigh-fhir, gur bha ciorr- bhuighthe curaidhe, gur bha leónta laochradh ón leadair-ghleó sain, agus fós do b'é sin an comhrac cró-linnteach céad-ghoineach cos- garthach, agus deabhaidh dian díoghbhálach, agus na urlaidheacht oll-bhorb, agus an treas trom- ghoineach, ionnus gur raobadar cuirp agus cneas a chéile, gur choimh-bhriseadar a gcraoiseacha crann-ramhra sa gcaith-ghleó sain. 58. Annsain do thairngeadar a gclaidh- mhthe cros-órdha cuilg-dhíreacha as a dtruaillibh taisgeadha agus do-rinneadr ur- laidheacht tréan treabhar-dhaingean gur chlos a bhfuaim agus a bhfothram i gcuasaibh cran agus caireach, gur ghabhadar na dúile domhanda coimhsgeimhleadh, ionnus gur éirgheadar tráth dá ghaoith i dtuaidh an bheatha fá
bhuinidhibh an Oileáin Doilbhthe um an am sain, go ndearnadar comhrac agus cathughadh agus comhthuaragain i lár na maighe. D'fhás tein- teacha agus tóirneach, crioth comhbhogadh, i gcathrachaibh i bportaibh agus igcairgibh na tíre n-a dtimcheall le huathbhás an chomhraic sin. Do-chluintí is na críochaibh ba choimhneasa dhíbh coigeadal na gclaidheamh, gáir na sgiath ngeal-bholgach dá sgoltadh, agus osnaidhe na dtréin-mhíleadh ar ngabháil béimeann catha, go dtug gach fear comhthrom cnead agus créacht dá chéile. 59. Acht dob' é críoch an chomhraic gur chuir Diarmaid Ó Duibhne an ga dearg gan chaime gan chlaonadh tré sgiath, sgaball, agus corp an Mhacaoimh Mhóir ó ucht go formhna, óir is do Dhiarmaid do-rinne sé céile comhraic, iar n-aithne dho gur leis do snadh- madh an inghean, gur fhág i marbh-shuan an bháis é, agus do thuit Maoghnas Ór-armach le hOsgar, agus do thuit Ridire na Beilte Uaine le Goll, agus do thuit Ridire na Beilte Deirge le Faolán, agus do thuit mac ríogh na hÉigipte le hArt Óg, agus do thuit mac ríogh Tíre an Óir le Glas mac Aoin-chearda, agus do thuit mac ríogh an Oileáin Dorcha le Conán, agus do mharbh Garbh garbh-fholtach Gruagach Dúna an Óir, agus ba cneadhach créach- tach cróilinnte trom-ghonta na Fianna d'éis an chatha sain, acht do chuaidh Osgar chum an dúna, agus thug an corn leis, agus d'ibheadar uile deoch as, agus tar éis na dighe sin do bhíodar sláin-chréachtach. 60. Annsain téid do'n dún agus ba lúth- gháireach do bhí inghean ríogh an Oileáin Doilbhthe rómpa, agus do phóg go dil agus go díochra iad uile acht Conán. “Créad um nach bpógann tú Conán fíor-laochda? ar Diarmaid. “Dar mo chubhais, a mhic Uí Dhuibhne,” ar an bhean, “ní le fauth dho ná pógfainn é, acht gidh maith gaisgeamhail a ghníomh, ní thig liem' aigneadh fear a dheilbhe do phógadh, óir gidh gur gránna raoimhe seo é, atá sé ró-uathmhar ó cuireadh an caipín úd air.” “Galar nimhe id bhéal,” ar Conán, “is gráinne an caipín atá ar do dhearbhrá- thair iagus is dil a phóg tú an fear do mharbh é, agus a bhfuil a chrú bog te ar a chraoisigh fós agus luighim-se i bhfiadhnaise m'airm ná caithfidh mé biadh ná deoch go mbainidh mé a cheann de'n rígh, agus go dtugaid mé dearg-ár a mhuin- tire, agus annsacht le Diarmaid tusa, do b'fhéidir go bhfuighin uain ar an nídh gcéadna do dhéanamh leat, mar do-rinneas leis an mnaoi i nOileán na mBarc, an lá do marbhadh inghean ríogh Ghréag.” 61. “Má théidheann tusa ar an turus sain, a fhir mhóir,” ar sí, “is deabh go gcaillfidhear thú féin agus an drong sain d'Fhiannaibh Éireann id chuideachtain thríd, óir atáid ceithre príomh-ghaisgidhigh an domhain ann i bhfarradh an ríogh ar an uair-se,” ar sí, “.i. an Ridire Dubh mac Gruagaigh Chairge na mBarc, an Ridire Dearg mac Gruagaigh na Gascaine, an Ridire Gorm mac ríogh Oileáin na Marbh, agus an Ridire talamh trom-fhódach aon laoch atá ionchomh- raic le haon neach díobh sain, óir do ghabhadar urmhór an domhain cheana.” 62. “Is cosmhail,” ar Conán, “nach dea- chadar go hÉirinn riamh, nó fós cá rabhadar nár thárladar orainne i n-aon turas dá dtugamar; agus ó's anois a theangmhamar leo, ní beidh agat le rádh i mbárach acht nár buadhadh orra riamh gur thárla mise leo, óir an méid nach ndeargfaidh arm orra, bris- fead a gcnámha istigh i n-a gcroiceann,agus bainfead a gcinn de'n cheathrar gaisgidheach sain, agus de'n rígh mar a gcéadna, agus ann- sain ní fhágfad an ríoghacht an feadh bheas fear bean ná leanbh beo innti; óir is iomdha anfhorlann do fuaras ó d'fhágas Éire, agus is mór do straoileadh d'fheoil agus de leathar mo chinn agus d'fhuil mo chneis.” 63. “A Chonáin,” ar an Fhian, “ná bris an stíothcháin do-rinneamair-ne leis an rígh, nídh ná brisfimís féin ar mhaitheas na
cruinne, mar is dá aimhdheóin a thángadar na sluaighte sin le n-a mhac.” “Déanfad- sa mar a gcéadna libh-se,” ar Conán, “agus níor chaill aon duine agaibh-se croiceann a chinn mar do chailleas-sa, agus má rinneabhar- sa síothcháin leis an rígh, congbhaidh í gan briseadh, agus ní'lim-se ag iarraidh conganta na cabhrach oraibh-se, agus luighim fá na déithibh ná déanfad stad ná comhnaidhe go gcríoch- nuigheadh gach ndubhras, agus go n-íocad orra an caipín seo tré a bhfuilim ag fagháil aithise. 64. Do ghluais Conán fó rabharta feirge i n-aithgiorra gacha conaire go dún an ríogh, agus do bhuail a sgiath go lonn loisgneach agus iarran comhrac. Do chuaidh an Ridire Dubh amach, agus do labhair le Conán agus d'fhiaf- ruigh dhe cia aca d'fholaibh uaisle nó anuaisle an domhain é. “Mise,” ar sé, “Conán mac Mórna, laoch d'Fhiannaibh Éireann atá ag iarraidh comhraic aoinfhir.” “Is tearc áit dá rabhais riamh, darab usa dhuit sin d'fhagháil,” ar sé, “óir atá miosgais ró-mhór ag an rígh, agus ag na gaisgidheachaibh uile atái n-a fhochair chum Fiann Éireann agus do- gheabhaidh tú comhrac aoifhir gan mhoill.” “Maiseadh ná bíodh sé i bhfad uaim,” ar Conán. Téid an Ridire Dubh tar a ais do'n dún, agus do cheangail a chorp dá chaith- éideadh, agus téid ar an bhfaithche i gcoinne agus i gcomhdháil Chonáin Mhaoil, agus tháinig an rí mar aon le sluagh an dúna d'fhéachain an chomhraic sin. Do leanadar Fiann Éireann Conán ar eagla a thuitme le sluagh an dúna. 65. Cidh trácht d'ionnsuigheadar an dís deagh-laoch sain a chéile, agus do rinneadar comhrac croidheamhail calma coimh-neartmhar, agus fós do b'é sin an comhrac reachtmhar ró- aigeantach aithghearr tolganach, bas-luath borb-thréan créachtach croibh-dhearg eas- gcaireamhail ó thosach an chomh-laoi go meadhón, agus sluagh an dúna agus Fiann Éireann ag amharc orra. Gabhann Diarmaid Ó Duibhne ag moladh agus ag láin-ghreasacht Chonáin, agus is é adubhairt, “A Chonáin chalma, a chliath bhearnan céad, agus a chabhair i n-am an ghábhaidh, cuimhnigh do ghail agus do ghaisgeadh agus do gháith-iorghail, t'uaisle agus t'athardha ar cheana.” 66. Ó'dchuala Conán aitheasg Dhiarmada, d'éirigh a mheisneach agus d'árduigh a aigneadh i n-aghaidh an Ridire Dhuibh. Ar n-a fheicsin sin do'n Ridire Dhubh, do ghabh rabharta ró- fheirge é, agus do theilg a chlaidheamh agus a shleagh uaidh, agus do chuaidh go toll-bhorb chum Chonáin, agus do rad fásg-tharraing dho, gur thóg suas ar árd a ghualann é, agus ritheann leis chum an dúna agus ceanglann go cruaidh daingean do-sgaoilte é, agus do chuir fá'n rígh-cheangal dá phianadh é. 67. Annsain tháinig an rí chum Diarmada agus fáiltigheann roimhe, agus adubhairt gur bh'iongnadh leis iad do bhriseadh an chean- gail pháirte agus charadais do rinneadar le chéile, agus gurab dá aimhdheoin fein do chuaidh a mhac agus na sluaighte do bhí i n-a fharradh dá n-ionnsaighe. Adubhairt Diarmaid na raibh aon mhilleán aige féin air mar gheall ar an ngníomh do-rinne a mhac, agus gan aon mhilleán do bheith aige sin i dtaobh gnó Chonáin, do bhrígh gurab d'aimhdheoin na Féinne tháinig sé ar an turas sain, agus go raibh sé ciapálach achrannach riamh, agus adu- bhairt fós ar mhaitheas na talmhan ná bris- fidís féin a gceangal ná a bpáirt leis, gidheadh na léigfidís masla Chonáin gan a íoc ar an gceathrar gaisgidheach do bhí'san dún, agus sásamh a bhaint díobh. 68. “Ní'l acht díómhaoineas díobh dul i n-iomadh leó súd,” ar an rí,, “óir dá mbeadh slaugh an domhain 'n-a n-aghaidh siúd do bhuaidhfidís orra uile, agus níor briseadh a gcath ná a gcomhlann riamh orra, agus gheabhad- sa uatha Conán d'fhuasgladh.” “Bheirim mo bhriathar,” ar Diarmaid, “ná glacfam-ne uatha é acht muna bainfeam díobh dá n-aidhdheoin é.” Annsain ceileabhraid dá chéile, agus gluaiseann Diarmaid agus a mhuintir go dún Lomnochtáin go dubhach ceann-trom,
óir ba mhór an tarcaisne leó Conán a bheith ceangailte. 69. Do thugadar as an oidhche sin, agus ar maidin do labhair Goll agus adubhairt gur mhithid dóibh dul fá dháil Chonáin agus na ngais- gidheach, “agus a mhic Uí Dhuibhne,” ar sé, “tusa agus Osgar agus mo dhearbhráthair Garbh garbh- fholtach fhriotháilfeas an comhrac, óír atáid ró-arrachta do'n druin óig seo.” Adu- bhairt Faolán mac Fhinn gur mhór an mí-chlú d'Fhiannaibh Éireann fur phráidhinn do'n cheathrar laoch do f'fhearr gaisgeadh dá raibh i bhFiannuigheacht comhrac do fhreag- gradh d'allmhurachaibh ar bith, agus ná léig- fadh féin chum comhrac an lae sin iad, óir ba dhearbh leis nach raibh 'san domhan aon cheathrar eachtrannach ná tiubhradh féin agus Art Óg mac Mórna agus Liagán Luaimneach ó Luachair Dheaghaidh agus Glas mac Aonchearda Béarra comhrac dóibh. (Tuilleadh).
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services