Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Eachtra Lomnochtáin an t-Sléibhe Riffe.

Title
Eachtra Lomnochtáin an t-Sléibhe Riffe.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1898
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Eachtra Lomnochtáin an t-Sléibhe
Riffe.



54. Iomthúsa Maoghnais Mhóir Ór-armtha
agus mic ríogh an domhain agus na mac ríogh eil,
agus na ridirí do bhí'n-a bhfarradh, cruinnighidh
ar aon láthair chum dul do dhécheannadh
Fiann nÉireann, agus do bhí an rí ró-bhuaidh-
eartha i dtaobh an charadais do rinne sé
féin leó sain do bhriseadh, agus do chuir duine
ós íseal le sgéalaibh chum na Féinne ar an
trom-shluagh do bhí ag triall ortha an oidhche
sin. An tan do chualadar Fianna Éireann
an sgéal sain do ghabh mire meanman agus
dásacht aignidh iad, agus gabhaid a gculaithe
catha umpa. Is annsain adubhairt an
inghean gurab é budh chóir dóibh a dhéanamh
dul i luing Lomnochtáin agus éalódh a-bhaile
gan fhios do shluagh an dúna. Do labhair
Goll agus is é do ráidh, — “Ar thionnsgnamh mo
ghaisgidh dham féin do thugas móid lem'
ghaisgeadh do chosnamh, agus gan teitheadh roimh
dá mhéid do thiocfadh do throm-shluagh im
aghaidh ar eagla báis nó buain-éaga d'imirt


L. 216


orm, agus an nídh nach dearna mé riamh ní
thoiseochad leis anois, eadhón mo ghaisgeadh
do bhriseadh.



55. Níor chian dóibh mar sin go gcualadar
mór-gháir na sluagh dá n-ionnsaighe, agus iar
dteacht i bhfogus don dún dóibh do chuirea-
dar aon-gháir os árd uatha, ionnus gur
clos fo na críobhaibh ba choimhneasa dhóibh an
mhór-gháir sin. “A Dhiarmaid,” ar Conán,
”ó's sinne araon do thosuigh leis an móir-
ghleó so, tar liom anois ionnus go dtabhra-
maois cúis chaoi do'n mhuintir do léig an gháir
allta so do chualamar.” Do chuaidh Diar-
maid agus Conán amach as a haithle sin agus thug-
dar trí leabhar-chuarta timcheall an dúna,
agus do mharbhadar cúig céad do gach cuairt
díobh, agus thángadar isteach annsain, agus d'ibhe-
dar deoch as corn na mbuadh agus do bhíodar
sláin-chréachtach dá éis. Téid amach an
dara feacht agus thugadar trí leabhar-chuarta
eile timcheall na bruighne, agus do mharbhadar
trí chéad do gach ruathar díobh sain, agus thán-
gadar isteach do'n dún agus d'ibheadar deoch
as an gcorn agus do léigheasadh ó n-a gcréach-
taibh iad.



56. Do labhair Goll annsain agus adubhairt
gur chóir uile dul amach d'fheachain an
bhfaghdaois an sluagh eachtrann sain do
chlaoi sul d'éireochadh an lá ar n-a bhárach.
Annsain d'éirgheadar Fiann Éireann amach
as an dún agus thugadar aghaidh ar an sluagh agus
ghabhadar da leónadh agus dá leadradh dá ndeis
agus gá gclí, ionnus gur chuireadar sgaoileadh
agus sgaipeadh orth, agus an naonbhar gaisghidheach
allmhurach da ngreannughadh agus dá ndlúthughadh
chum an bháis: óir do ghabhadar Fianna
Éireann dá leadraidh amhail faol-chonaibh
ocracha croas-sgaoilte tré mhin-tréadaibh
caorach, nó amhail míol mór tré mhin-iasgaibh
nó amhail seabhaic tré ealtain de mhin-
éanaibh, ionnus gur comhluath iad ag
ciorrbhadh corp, cathbhfarr agus ceann a namhad.
Ba fuilteach féinnidhe ó'n gcaith-ghleó
sain, gur ghabh Goll glac-láidir glain-
bhéimeannach mac Mórna tríotha mar
bhuinne taidhbhseach tréan-adhbhal ag dortadh
le slios mór sléibhe, bhriseas agus sguabas
roimpi gach nídh da dtig i n-a chomhair, agus i
é tuarasgbháil Osgair an-ghlonnaigh mhic
Oisín, amhail torann mór teintidhe tóirnigh
ag dortadh agus ag briseadh agus ag séideadh as
an bhfiormanaint neamhdha ag dul fo na
sluaghaibh, agus gabhann dá n-oirleach amhail
fiodh coille dá dtreasgairt nó mar bhrúcht
mór-fhairrge ag tréan-bhualadh le sleasaibh
cairrgeacha le hanfadh gaoithe. Mar sin
dóibh uile ar aon tsamhail.



57. Cidh trách do b'é críoch an mhór-chomh-
raic sin nach raibh gan marbhadh ar maidin
ag éirghe lae do na mór-shluaghaibh sin, acht
amháin an naonbhair Éireannach agus an naonbhar
príomh-laoch allmhurach do budh taoisigh ar
na sluaghaibh, agus ní ar tlás ná ar mí-loachas
do chuadar d'éis áir a muintire, acht ar
mire meanmaan agus ar dásacht aigeanta, óir
thugadar an naonbhar allmhurach a n-aghaidh
ar Fhiannaibh Éireann, agus do b'adhbhal le n-a
aithris inneall an chomhraic sin. Acht cheana
ba ghníomhach an deabhaidh, ba taoibh-dhearg
taoisigh agus deagh-laoich, ba dealbh-chorcar
dreach-nimhneach deigh-fhir, gur bha ciorr-
bhuighthe curaidhe, gur bha leónta laochradh ón
leadair-ghleó sain, agus fós do b'é sin an
comhrac cró-linnteach céad-ghoineach cos-
garthach, agus deabhaidh dian díoghbhálach, agus na
urlaidheacht oll-bhorb, agus an treas trom-
ghoineach, ionnus gur raobadar cuirp agus
cneas a chéile, gur choimh-bhriseadar a
gcraoiseacha crann-ramhra sa gcaith-ghleó
sain.



58. Annsain do thairngeadar a gclaidh-
mhthe cros-órdha cuilg-dhíreacha as a
dtruaillibh taisgeadha agus do-rinneadr ur-
laidheacht tréan treabhar-dhaingean gur chlos
a bhfuaim agus a bhfothram i gcuasaibh cran agus
caireach, gur ghabhadar na dúile domhanda
coimhsgeimhleadh, ionnus gur éirgheadar
tráth dá ghaoith i dtuaidh an bheatha fá


L. 217


bhuinidhibh an Oileáin Doilbhthe um an am
sain, go ndearnadar comhrac agus cathughadh agus
comhthuaragain i lár na maighe. D'fhás tein-
teacha agus tóirneach, crioth comhbhogadh, i
gcathrachaibh i bportaibh agus igcairgibh na tíre
n-a dtimcheall le huathbhás an chomhraic sin.
Do-chluintí is na críochaibh ba choimhneasa
dhíbh coigeadal na gclaidheamh, gáir na
sgiath ngeal-bholgach dá sgoltadh, agus osnaidhe
na dtréin-mhíleadh ar ngabháil béimeann
catha, go dtug gach fear comhthrom cnead agus
créacht dá chéile.



59. Acht dob' é críoch an chomhraic gur
chuir Diarmaid Ó Duibhne an ga dearg
gan chaime gan chlaonadh tré sgiath, sgaball,
agus corp an Mhacaoimh Mhóir ó ucht go formhna,
óir is do Dhiarmaid do-rinne sé céile
comhraic, iar n-aithne dho gur leis do snadh-
madh an inghean, gur fhág i marbh-shuan an
bháis é, agus do thuit Maoghnas Ór-armach le
hOsgar, agus do thuit Ridire na Beilte Uaine
le Goll, agus do thuit Ridire na Beilte
Deirge le Faolán, agus do thuit mac ríogh na
hÉigipte le hArt Óg, agus do thuit mac ríogh
Tíre an Óir le Glas mac Aoin-chearda, agus
do thuit mac ríogh an Oileáin Dorcha le
Conán, agus do mharbh Garbh garbh-fholtach
Gruagach Dúna an Óir, agus ba cneadhach créach-
tach cróilinnte trom-ghonta na Fianna d'éis
an chatha sain, acht do chuaidh Osgar chum an
dúna, agus thug an corn leis, agus d'ibheadar uile
deoch as, agus tar éis na dighe sin do bhíodar
sláin-chréachtach.



60. Annsain téid do'n dún agus ba lúth-
gháireach do bhí inghean ríogh an Oileáin
Doilbhthe rómpa, agus do phóg go dil agus go
díochra iad uile acht Conán. “Créad um
nach bpógann tú Conán fíor-laochda? ar
Diarmaid. “Dar mo chubhais, a mhic Uí
Dhuibhne,” ar an bhean, “ní le fauth dho ná
pógfainn é, acht gidh maith gaisgeamhail a
ghníomh, ní thig liem' aigneadh fear a dheilbhe
do phógadh, óir gidh gur gránna raoimhe seo
é, atá sé ró-uathmhar ó cuireadh an caipín
úd air.” “Galar nimhe id bhéal,” ar Conán,
“is gráinne an caipín atá ar do dhearbhrá-
thair iagus is dil a phóg tú an fear do mharbh é,
agus a bhfuil a chrú bog te ar a chraoisigh fós
agus luighim-se i bhfiadhnaise m'airm ná caithfidh
mé biadh ná deoch go mbainidh mé a cheann
de'n rígh, agus go dtugaid mé dearg-ár a mhuin-
tire, agus annsacht le Diarmaid tusa, do
b'fhéidir go bhfuighin uain ar an nídh
gcéadna do dhéanamh leat, mar do-rinneas
leis an mnaoi i nOileán na mBarc, an lá
do marbhadh inghean ríogh Ghréag.”



61. “Má théidheann tusa ar an turus
sain, a fhir mhóir,” ar sí, “is deabh go
gcaillfidhear thú féin agus an drong sain
d'Fhiannaibh Éireann id chuideachtain thríd,
óir atáid ceithre príomh-ghaisgidhigh an domhain
ann i bhfarradh an ríogh ar an uair-se,” ar
sí, “.i. an Ridire Dubh mac Gruagaigh
Chairge na mBarc, an Ridire Dearg mac
Gruagaigh na Gascaine, an Ridire Gorm
mac ríogh Oileáin na Marbh, agus an Ridire
talamh trom-fhódach aon laoch atá ionchomh-
raic le haon neach díobh sain, óir do
ghabhadar urmhór an domhain cheana.”



62. “Is cosmhail,” ar Conán, “nach dea-
chadar go hÉirinn riamh, nó fós cá rabhadar
nár thárladar orainne i n-aon turas dá
dtugamar; agus ó's anois a theangmhamar leo,
ní beidh agat le rádh i mbárach acht nár
buadhadh orra riamh gur thárla mise leo, óir
an méid nach ndeargfaidh arm orra, bris-
fead a gcnámha istigh i n-a gcroiceann,agus
bainfead a gcinn de'n cheathrar gaisgidheach
sain, agus de'n rígh mar a gcéadna, agus ann-
sain ní fhágfad an ríoghacht an feadh bheas
fear bean ná leanbh beo innti; óir is
iomdha anfhorlann do fuaras ó d'fhágas
Éire, agus is mór do straoileadh d'fheoil agus de
leathar mo chinn agus d'fhuil mo chneis.”



63. “A Chonáin,” ar an Fhian, “ná bris
an stíothcháin do-rinneamair-ne leis an rígh,
nídh ná brisfimís féin ar mhaitheas na


L. 218


cruinne, mar is dá aimhdheóin a thángadar
na sluaighte sin le n-a mhac.” “Déanfad-
sa mar a gcéadna libh-se,” ar Conán, “agus
níor chaill aon duine agaibh-se croiceann
a chinn mar do chailleas-sa, agus má rinneabhar-
sa síothcháin leis an rígh, congbhaidh í gan
briseadh, agus ní'lim-se ag iarraidh conganta
na cabhrach oraibh-se, agus luighim fá na déithibh
ná déanfad stad ná comhnaidhe go gcríoch-
nuigheadh gach ndubhras, agus go n-íocad orra
an caipín seo tré a bhfuilim ag fagháil
aithise.



64. Do ghluais Conán fó rabharta feirge
i n-aithgiorra gacha conaire go dún an
ríogh, agus do bhuail a sgiath go lonn loisgneach
agus iarran comhrac. Do chuaidh an Ridire
Dubh amach, agus do labhair le Conán agus d'fhiaf-
ruigh dhe cia aca d'fholaibh uaisle nó anuaisle
an domhain é. “Mise,” ar sé, “Conán mac
Mórna, laoch d'Fhiannaibh Éireann atá ag
iarraidh comhraic aoinfhir.” “Is tearc áit
dá rabhais riamh, darab usa dhuit sin
d'fhagháil,” ar sé, “óir atá miosgais ró-mhór
ag an rígh, agus ag na gaisgidheachaibh uile atái
n-a fhochair chum Fiann Éireann agus do-
gheabhaidh tú comhrac aoifhir gan mhoill.”
“Maiseadh ná bíodh sé i bhfad uaim,” ar
Conán. Téid an Ridire Dubh tar a ais
do'n dún, agus do cheangail a chorp dá chaith-
éideadh, agus téid ar an bhfaithche i gcoinne agus
i gcomhdháil Chonáin Mhaoil, agus tháinig an rí
mar aon le sluagh an dúna d'fhéachain an
chomhraic sin. Do leanadar Fiann Éireann
Conán ar eagla a thuitme le sluagh an dúna.



65. Cidh trácht d'ionnsuigheadar an dís
deagh-laoch sain a chéile, agus do rinneadar
comhrac croidheamhail calma coimh-neartmhar,
agus fós do b'é sin an comhrac reachtmhar ró-
aigeantach aithghearr tolganach, bas-luath
borb-thréan créachtach croibh-dhearg eas-
gcaireamhail ó thosach an chomh-laoi go
meadhón, agus sluagh an dúna agus Fiann Éireann
ag amharc orra. Gabhann Diarmaid Ó
Duibhne ag moladh agus ag láin-ghreasacht
Chonáin, agus is é adubhairt, “A Chonáin chalma,
a chliath bhearnan céad, agus a chabhair i n-am an
ghábhaidh, cuimhnigh do ghail agus do ghaisgeadh agus
do gháith-iorghail, t'uaisle agus t'athardha ar
cheana.”



66. Ó'dchuala Conán aitheasg Dhiarmada,
d'éirigh a mheisneach agus d'árduigh a aigneadh i
n-aghaidh an Ridire Dhuibh. Ar n-a fheicsin
sin do'n Ridire Dhubh, do ghabh rabharta ró-
fheirge é, agus do theilg a chlaidheamh agus a shleagh
uaidh, agus do chuaidh go toll-bhorb chum Chonáin,
agus do rad fásg-tharraing dho, gur thóg suas
ar árd a ghualann é, agus ritheann leis chum
an dúna agus ceanglann go cruaidh daingean
do-sgaoilte é, agus do chuir fá'n rígh-cheangal
dá phianadh é.



67. Annsain tháinig an rí chum Diarmada
agus fáiltigheann roimhe, agus adubhairt gur
bh'iongnadh leis iad do bhriseadh an chean-
gail pháirte agus charadais do rinneadar le
chéile, agus gurab dá aimhdheoin fein do chuaidh
a mhac agus na sluaighte do bhí i n-a fharradh
dá n-ionnsaighe. Adubhairt Diarmaid na
raibh aon mhilleán aige féin air mar gheall
ar an ngníomh do-rinne a mhac, agus gan aon
mhilleán do bheith aige sin i dtaobh gnó
Chonáin, do bhrígh gurab d'aimhdheoin na
Féinne tháinig sé ar an turas sain, agus go
raibh sé ciapálach achrannach riamh, agus adu-
bhairt fós ar mhaitheas na talmhan ná bris-
fidís féin a gceangal ná a bpáirt leis,
gidheadh na léigfidís masla Chonáin gan a
íoc ar an gceathrar gaisgidheach do bhí'san
dún, agus sásamh a bhaint díobh.



68. “Ní'l acht díómhaoineas díobh dul i
n-iomadh leó súd,” ar an rí,, “óir dá mbeadh
slaugh an domhain 'n-a n-aghaidh siúd do
bhuaidhfidís orra uile, agus níor briseadh a
gcath ná a gcomhlann riamh orra, agus gheabhad-
sa uatha Conán d'fhuasgladh.” “Bheirim mo
bhriathar,” ar Diarmaid, “ná glacfam-ne
uatha é acht muna bainfeam díobh dá
n-aidhdheoin é.” Annsain ceileabhraid dá
chéile, agus gluaiseann Diarmaid agus a mhuintir
go dún Lomnochtáin go dubhach ceann-trom,


L. 219


óir ba mhór an tarcaisne leó Conán a
bheith ceangailte.



69. Do thugadar as an oidhche sin, agus ar
maidin do labhair Goll agus adubhairt gur
mhithid dóibh dul fá dháil Chonáin agus na ngais-
gidheach, “agus a mhic Uí Dhuibhne,” ar sé, “tusa
agus Osgar agus mo dhearbhráthair Garbh garbh-
fholtach fhriotháilfeas an comhrac, óír atáid
ró-arrachta do'n druin óig seo.” Adu-
bhairt Faolán mac Fhinn gur mhór an mí-chlú
d'Fhiannaibh Éireann fur phráidhinn do'n
cheathrar laoch do f'fhearr gaisgeadh dá
raibh i bhFiannuigheacht comhrac do fhreag-
gradh d'allmhurachaibh ar bith, agus ná léig-
fadh féin chum comhrac an lae sin iad, óir
ba dhearbh leis nach raibh 'san domhan aon
cheathrar eachtrannach ná tiubhradh féin agus
Art Óg mac Mórna agus Liagán Luaimneach
ó Luachair Dheaghaidh agus Glas mac Aonchearda
Béarra comhrac dóibh.



(Tuilleadh).




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services