Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Féachain.
Title
Féachain.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1898
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Féachain. A' Choisir Chiuil. The St. Columba Collection of Gaelic Songs, arranged for part-singing. J. and R. Parlane, Paisley. Is deas - fír-dheas — an leabhar é seo. Féadamaoid a rádh gurab é an leabhar ceoil agus abhráin Ghaedhealaigh is fearr dá bhfacamar riamh fós. Is mór an truagh gan a leithéid againne. Tá tuilleadh agus
ceithre fichid abhrán ins an leabhar. Nótaidhe gach fuinn os cionn na siollaidhe diaidh i ndiaidh agus an crónán nó an t-íochtar-chanas faoi n-a mbun ar an nós céadna, agus go deimhin ní hé lot an ghnótha sain do rinneadh. Tá na habhráin go léir go han-deas, siúd agus gur caint simplidhe atá ionnta. Tá meadaireacht álainn i mór-chuid aca. Seo solaoidí orra: Thug mi'n oidhche 'n raoir sunndach Beatadh dluth ris a 'chaladh, Gus an d'ráinig mi'n t-áite Far an d'fhág mi mo leannan; Fhuair mis' i 's i póste Ri fear óg aig a' bhaile, Le snaim dhainginn nach fhuasgail, Dh'fhágas truagh mi ri'm mhaireann. Thainig an gille dubh 'n raoir do'n bhaile so, 'S trom mo cheum o'n thréig mo lean- nan mi, Thainig an gille dubh 'n raoir do'n bhaile so, 'S mis tha gu tinn, Le goirteas mo chinn, 'S ged rachadh mi'n chill, cha till mo leannan rium. Is minic an mhéadaireacht so thíos dá chleachtadh i gcúig Cúigeadhaibh na hÉireann. Ní hannamh muintir Leithe Cuinn dá taithighe ar aon nós: A Mháiri bhán óg gur óg bha mis' agus thu An coille nan cnó, 's gu'm pógainn fhéin thu gu dlúth; Do ghruaidh mar na rósan, 's bóídheach leam sealladh do ghúis, 'S chan fhad bhios mi beó ma phósas fear eil' us thu. Ní'l aon fhocal ins an cheathramhaih sin nach dtuigfeadh Gaedheal Éireannach go maith acht bóidheach(.i. álainn, dóigheamhail). Sealladh = silleadh. Acht tá a lán eile dá leithéid 'san lea- bhar, mar sh.: Máiri Bhán ó, Muile na Mór-bheann, Mo chruinneag Ileach, Gur moch rinn mi dúsgadh, Cumha Mhic Crio- main, Fuadach nan Gáeidheal, &cl. Déan- tús “Fhinn” an ceann is déidheanaighe chuireamar síos, agus ní holc an déantús é, dar ndóigh, agus fír-fhileadheacht ann. Thugamar fó ndear, a lán do na foclaibh ata ins na habhránaibh, gur i gCúigeadh Uladh is mó cluintear iad anois i nÉirinn mar sh.: cianail=cianamhail, cian- mhar, cianach, iarguin=iarguin(U), iargnó, sgaoil=sgaaoll, air dóigh= ar dóigh, agus cuir i gcoimhmheas le ríbhinn lurach lurán úr óg adeirthear i dtaoibh theas d'Ultaibh, 'n eis=i n-éis, rúsgadh, furan, &cl. Fuara- mar ionnta, 'n-a dhiaidh sin, focal nach bhfuil d'eolus againn orra go ruige seo acht go n-abairthear 'sa' Mhumhain iad, mar sh: Dh'fhág sin mo chré brónach, &cl., agus canamhnachais Chonnacht comh maith, mar sh: dúinte. Is iongnadh linn a mhéid de bhaint do fuaramar le gach ao chanamhaint linn. Ní baoghal a rádh go bhfuil an ceol go binn. Nach gcualamar an ceoltóir clisde agus an t-abhránaidhe ádhmhar úd Ruaidhrí Mac Leoid da ghabháil le fír-dhéidheanaighe i láthair an Oireachtais? Gur fada bheas sé faoi reim! Agus is iomdha ceol binn 'san leabhar so i bhfarradh 's ar ghabh seisean. Dá dtaráchtamaois ar an litriughadh, is dócha gurab iomdha locht do gheabhmaois air. Ní thaitnigheann culthaobh (l.20) = cúlaibh ná a leithéidí linn. I ndeireadh thiar thall, is é rud atamaoid do rádh go mbudh chóir do gach Gaedheal, Éireannach nó Albanach, chuireas dúil 'san cheol Gaedhealach iarraidh do chur ar an leabhar deas so.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services