Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Féachain.

Title
Féachain.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1898
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Féachain.



A' Choisir Chiuil. The St. Columba
Collection of Gaelic Songs, arranged for
part-singing. J. and R. Parlane, Paisley.



Is deas - fír-dheas — an leabhar é seo.
Féadamaoid a rádh gurab é an leabhar
ceoil agus abhráin Ghaedhealaigh is fearr dá
bhfacamar riamh fós. Is mór an truagh
gan a leithéid againne. Tá tuilleadh agus


L. 210


ceithre fichid abhrán ins an leabhar. Nótaidhe
gach fuinn os cionn na siollaidhe diaidh i
ndiaidh agus an crónán nó an t-íochtar-chanas
faoi n-a mbun ar an nós céadna, agus go
deimhin ní hé lot an ghnótha sain do rinneadh.



Tá na habhráin go léir go han-deas,
siúd agus gur caint simplidhe atá ionnta. Tá
meadaireacht álainn i mór-chuid aca. Seo
solaoidí orra:



Thug mi'n oidhche 'n raoir sunndach
Beatadh dluth ris a 'chaladh,
Gus an d'ráinig mi'n t-áite
Far an d'fhág mi mo leannan;
Fhuair mis' i 's i póste
Ri fear óg aig a' bhaile,
Le snaim dhainginn nach fhuasgail,
Dh'fhágas truagh mi ri'm mhaireann.



Thainig an gille dubh 'n raoir do'n
bhaile so,
'S trom mo cheum o'n thréig mo lean-
nan mi,
Thainig an gille dubh 'n raoir do'n
bhaile so,
'S mis tha gu tinn,
Le goirteas mo chinn,
'S ged rachadh mi'n chill, cha till mo
leannan rium.



Is minic an mhéadaireacht so thíos dá
chleachtadh i gcúig Cúigeadhaibh na hÉireann.
Ní hannamh muintir Leithe Cuinn dá taithighe
ar aon nós:



A Mháiri bhán óg gur óg bha mis' agus
thu
An coille nan cnó, 's gu'm pógainn fhéin
thu gu dlúth;
Do ghruaidh mar na rósan, 's bóídheach
leam sealladh do ghúis,
'S chan fhad bhios mi beó ma phósas
fear eil' us thu.



Ní'l aon fhocal ins an cheathramhaih sin
nach dtuigfeadh Gaedheal Éireannach go maith
acht bóidheach(.i. álainn, dóigheamhail).
Sealladh = silleadh.



Acht tá a lán eile dá leithéid 'san lea-
bhar, mar sh.: Máiri Bhán ó, Muile na
Mór-bheann, Mo chruinneag Ileach, Gur
moch rinn mi dúsgadh, Cumha Mhic Crio-
main, Fuadach nan Gáeidheal, &cl. Déan-
tús “Fhinn” an ceann is déidheanaighe
chuireamar síos, agus ní holc an déantús é,
dar ndóigh, agus fír-fhileadheacht ann.



Thugamar fó ndear, a lán do na foclaibh
ata ins na habhránaibh, gur i gCúigeadh
Uladh is mó cluintear iad anois i
nÉirinn mar sh.: cianail=cianamhail, cian-
mhar, cianach, iarguin=iarguin(U), iargnó,
sgaoil=sgaaoll, air dóigh= ar dóigh, agus
cuir i gcoimhmheas le ríbhinn lurach lurán
úr óg adeirthear i dtaoibh theas d'Ultaibh,
'n eis=i n-éis, rúsgadh, furan, &cl. Fuara-
mar ionnta, 'n-a dhiaidh sin, focal nach
bhfuil d'eolus againn orra go ruige seo
acht go n-abairthear 'sa' Mhumhain iad, mar
sh: Dh'fhág sin mo chré brónach, &cl., agus
canamhnachais Chonnacht comh maith, mar sh:
dúinte. Is iongnadh linn a mhéid de bhaint
do fuaramar le gach ao chanamhaint linn.



Ní baoghal a rádh go bhfuil an ceol go
binn. Nach gcualamar an ceoltóir clisde
agus an t-abhránaidhe ádhmhar úd Ruaidhrí Mac
Leoid da ghabháil le fír-dhéidheanaighe i
láthair an Oireachtais? Gur fada bheas sé
faoi reim! Agus is iomdha ceol binn 'san
leabhar so i bhfarradh 's ar ghabh seisean.



Dá dtaráchtamaois ar an litriughadh, is
dócha gurab iomdha locht do gheabhmaois air.
Ní thaitnigheann culthaobh (l.20) = cúlaibh
ná a leithéidí linn.



I ndeireadh thiar thall, is é rud atamaoid
do rádh go mbudh chóir do gach Gaedheal,
Éireannach nó Albanach, chuireas dúil 'san
cheol Gaedhealach iarraidh do chur ar an
leabhar deas so.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services