Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Toist agus Taist.
Title
Toist agus Taist.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Collector
Pléimeann, Donnchadh
Composition Date
1898
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Toist agus Taist Nó Fios Fátha anma na sléibhte ar a dtugh- tar “Cruacha Dubha Mac Giolla i mbun coda.” Sceul ar n-a sgríobhadh síos díreach fá mar thug an sgeulaidhe uaidh é. Muiris 'Ac Conraoi is ainm do'n sgeulaidh sin agus rugadh agus beathuigheadh é i gCondae Chiarraighe. La de'n tsean-aimsir, 'nuair nach raibh dligheadh na tíre cómh geur a's atá 'san aimsir-seo, do chómhnuigh beirt dearbhráthar de mhuinntir Shúileabháin i mbarúntacht Dhúin na Ciarráin ar cheanntar Neidín nó Chinn Mhara i gContae Chiarraighe. Do bhí saidhbhreacht aca go leor agus mórán“ rachmuis agus eastáid, agus do cheap duine aca — an fear budh shine dhíbh — ar chaisleán dá dtiubhfadh sí cungnamh do. “Tiubhraidh mise cungnamh duit 'nuair a theastóchaidh uait caisleán do dheunamh ach' tabhair-se cungnamh damhsa ar dtúis.” Do thosnuigh an dearbhráthair críonn agus do chuir sé an obair ar bun agus do lean sé dhe nó gur chríochnuigh sé an caisleán. Annsain do thosnuigh an dearbhráthair óg [ar] a chaisleán a dheunamh agus níor dhein an dearbhráthair críonn maith d'á fhocal. Do lean an fear óg dá obair nó gur chríochnuigh sé an caisleán ar a shon féi, agus budh bhreághtha é 'ná an caisléan eile. Do bhí eud ar an dearbhráthair críonna i dtaobh an chaisleáin do rinn an fear óg do bheith go mór agus go ró-mhór níos breághtha 'ná a chaisleán féin. As sain do thosnuigh ag cath, agus a thiníotuighthe 'féin aige 's gach aon neach aca; agus do tháinig
sé cum caisleáin an fhir óig agus níor fhág sé duine beo sa chaisleán nár aoidigh sé ach amháin bean Uí Shúileabháin óig gur thug sé leis do láimh láidir, agus banartla go raibh leanbh mic Uí Shúileabháin óig fa chúram aice, agus do theith sí sin ó'n gcath agus do thug sí an leanbh léithi, agus le h-eagla, le buadhairt agus le huaigneas níor stad sí, í féin agus an leanbh, no gur dheachadar go Cúig' Uladh. Do fuair sí obair annsain agus gnó le deunamh agus do bheathuigh sí an leanbh agus do thug sí tabhairt suas do nó sgoluidheacht. 'Nuair bhí sé ag éirghe suas 'na chorránach, do bhí se lá ag teacht ó sgoil le sgoláiridhibh eile agus do thug duine des na sgoláiridhibh do bhí ar an sgoil easonóir do, gur ghlaodhuigh sé as a ainm é. Níor stad se choidhche nó gur chuaidh é go dtí an bhanaltra. Do bhí sí ag sníomh 'nuair do tháinig sé ó sgoil agus do fuair sí dinnéir ullamh do. “Dar go deimhin,” ar seisean léithi, 'nuair adubhairt sí leis teacht go dtí a dhinnéir, “Ní íosad aon nídh,” ar seisean, “nó go n-inneosair dam cia h-é m'athair.” “Caidé an bhuadhairt atá ort, a mhic,” ar sise, “go g-cuireann tú an cheist sin chugam.” “Ní gan brón,” ar seisean, “do chuirim an cheist sin chugat; a leithéid-seo do thuit amach idir mé féin agus buachaillidhe eile ag teacht ó sgoil indiumh agus do ghlaodhuigh duine aca a leithéid-seo d'ainm orm.” “Dá n-innsosainn-se duit cia h-é t'athair, do bheidheadh brón níos mór ort agus an aoide d'imthigh air.” “Anois, ní íosad ar aon bhórd agus chodaileochad ar aon leabaidh go n-inneasaidh tú dhamh,” ar sé, agus bhí sé ag gabháil di gur innis séi do mar a thuit na h-aon nidh amach, mar a d'innseas suas, agus 'nuair a fuair sé faisnéis air, adubhairt sé léithi,”Beidh an dinnéir agam anois agus beimid ag triall a bhaile i mbárach.” Do thosnuigheadar an mhaidin lá ar na bhárach agus do thrialladar ins an tsiubhal na h-aon lá ó d'fhágadar Cúig' Uladh nó gur dheachadar go Cúige Mumhan agus do chuadar go Conntae Chiarraighe agus níor stadadar no go dtángadar go bun cnuic na gcruacha dubha, ar thaobh seana-bhóthair mar a raibh bothán ins an aimsir-sin. Do chuaidh an bhanartla isteach 'sa bhothán agus do luirg sí ósduiigeacht na hoidhche. Do bhí beirt daoine aosda istigh, fear agus bean. ”Is minic,” ars an bhean, 'nuair iarr an bhanartla lóstuidheacht, “is minic do bhíomar, agus budh mhaith linn bhur leithéid do ghabháil chugainn i gcuim na h-oidhche, ach us furaiste é sin do shéanadh indiumh, 'ar- sain féin tiubhramaoid lóistidheacht duit comh maith agus do fheudfamaoid é, agus suidh síos.” 'Nuair a shuidheadar síos do fuair an tseana-bhean suipéir ullamh dóibh cómh maith a's dob' fhéidir léi do dheunamh. Taréis a'tsuipéir do bhíodar ag comhrádh agus ag caint agaus d'fhiafruigh an corr- ánach, “Cia h-é tighearna an talmhan?” agus dubhairt an seanduine leis gurbh' é Uaithne O Súileabháin. Do chonnaic an corr- ánach trí muca reamhra ag teacht chum an bhotháin agus d'fhiafruigh sé de'n tseanduine a ndílfadh sé iad. Dubhairt an seanfhear gurbh' é sin a chíos do bhí ag teacht go dtí an tigh agus go mbeidheadh diománaigh ó thighearna an talmhan chum iad do thabhairt leo i mbárach. Dubhairt an fear óg nó an corránach, “Caidé an t-am do bheidh siad annso?” “I meadhón a' lae,” arsa an fear críonna. Le n-a linn-sin d'imthigh an fear óg go dtí na muca nó na hearca agus sgian fhada i n-a láimh, agus do sháithigh sé ceann des na mucaibh. Nuair a chonnaic an bhean aosda an mhuc 'gá sáthadh, do bhéic sí agus do bhuail a dá bhois le sgeilmis agus le h-eagla go ndíbrochaidhe iad ó'n mbothán 'nuair nach raibh a 'cíos aca. “Sgal an huc, cuir ar salanní, agus ith í,” ars an fear óg, “agus a sheana-bhean díol- fadsa an cíos duit-se.” Timcheall a's dá
uair an chluig rimh meadhón lae lá ar na bhárach, do bhí na daoine ag bailiughadh ar na bóithribh le h-ainmhíntighthe chum an chíosa do dhíol, nó iad do thabhairt suas do dhuine an chíosa, agus ní fada ina dheabhaigh sin go bhfeacadar an gárda ag teacht agus math- shluagh leo. Do thángadar an gárda agus bhíodar ag bailiughadh na mbeithidheach le n-a chéile mar thugadh na daoine suas dóibh iad. Bhíodar ag siubhal nó gur thángadar do dtí an bothán-so agus do bhí an bhean aosta ag gol le h-eagla. Dubhradar leis na bhfear aosta trí muca reamhra do chur amach agus dubhairt an seanduine leotha nach raibh aige acht dhá cheann, agus an tríomhadh ceann gur mharbh fear óg do ghabh an bóthar an óidhche roimhe sin gur thugadr lóis- didheacht na h-oidhche dho agus dá mháthair. “Ca bhfuil fear óg? arsa duine des na díománaigh do bhí ag marcuigheacht ar chapall. “Táim annso,” adubhairt an fear óg, “an sásamh atá uait do réir a leithéide seo do dheunamh? má 'is eadh do gheabhaidh tú é,” ag tabhairt iarracht do chloidheamh do'n fhear do bhí ar an gcapall agus do sgiob an ceann de. 'Nuair a bhí an méid-sin aige deunta, d'fheuch sé ar dhuine eile aca agus dubhairt sé leis, “imthigh isteach ins an choill-sin agus tabhair chugam slat mhaith fhada agus dein gad de; mara ndeunaidh tú, tiubhraidh mé an tslighe cheudna ort.” D'imthigh sé le h-eagla agus do dhein sé gad caorthainn agus do thug sé do'n fhear óg é. Do tharraing seisean trí cluasa an chinn é do'n té do bhí ar an gcapall gur bhuain se a cheann de, agus dubhairt sé leis an bhfear eile, “tabhair é sin a bhaile go dtí do mháighistir agus innis do, má thagann sé annso ag bailiughadh chíos dho, go ndeun- far an cleas ceudna leis. D'imthigh Tiast agus ceann Thoist aige ar a ghualainn agus níor stad sé gur chuaidh sé go dtí an mháighistir agus d'innis sé a sgeul mar a thuit na h-aon nídh amach. D'éist an máighistir leis, agus mar bhí se ag éisteacht leis an sgeul, do bhí se ag smuaineamh agus a bhuadhairt ag teacht air, agus dubhairt sé 'nuair a chualaidh se an sgeul, gur imthigh leanbh óg agus a bhanartla ó'n gcaisleán aimsir an chatha do bhí idir é féin agus a dhearbhráthair áitmhighthe bliadhanta roimhe sin, agus má bhí sé beo, gurbh' é bhí ann gan dobhat anois, “agus caithfimíd bheith ar ár n-aireachas nó aire thabhairt ann féinig as sain suas.” Shar a rabhadar na daoine sgaipighthe a bhaile an tráthnóna sin, do bhíodar i mbun an chnuic-sin mar a raibh an bothán agus dubhairt fear óg leo, “Is dóigh liom,” ar seisean, “na tioffaidh siad súd i mbárach a d'iarraidh a' chíosa arís, agus tugaidh libh a bhaile gach aon nídh atá agaibh ach' amháin beagán d' fhágaint ag an lánamhain aosda so.” Do bhí aon dearbhráthair amháin ag an mbanartla agus d'imthigh sé bliadhanta roimh sin ag tuil- eamh a phádha nó a thuarasdail tríd an tsaoghal agus do tháinig sé anois go bun na gcruacha dubha ar tuairisg 'athar 'sa mháthar. Cia h-í an bhanartla ach ' amháin inghean na lánamhan aosda do bheathuigh O Súileabháin óg agus do bhuail an dear- bhráthair agus an deirbhshiúr le chéile ag an mbothán ar thaobh an bhóthair tréimse ghairid i ndiaidh lae an chíosa agus d'fhág an fear óg an bhanartla annsain agus do fuair sé capall maith agus bhí sé ag triall an bóthar ó dheas anois, anois agus arís, agus do fuair faisnéis go dtagadh deartbhráthair a athar gurbh ainm do Uaithne Ó Súileabháin agus a dhá bhuachaill ar marcuigheacht ar trí chapaill na h-aon lá tríd a' dtír ó'n gcaisleán. Do bhíodh Uaithne ag marcuigh- eacht ar chapall sligeánach riabhach agus a dhá bhuachaill ar dhá chapall donn. Bhí O Súilleabháin óg ag faire orra gach aon lá agus lá do'n aimsir bhí se ag faire orra ar sgáth crainn ó chioth fearthanna. Do thán- gadar agus do bhuaileadar thairis agus do mhasluigh sé iad le n-a chloidheamh, agus do
bhuail sé isteach agus do dhein sé an cleas ceudna leis an h-aon bhall beo do bhí i gcaisleán a athar. Do dhein an cleas ceudna ar a muinntir agus níor stad sé gur chuaidh se go dtí a mháthair agus dúbhairt sé léithi, “Cionnus a thaithneann an obair so leat- sa?” agus dubhairt sí leis, “caitheas fulang le cath budh mhó ná é d'fhág mo chroidhe go dubh agus go fann.” “Budh mhaith dhuit, a mháthair,” dúbhairt sé léithi, “nó d'imtheochainn an aoide cheadna ort féinig.” “D'imthigh sé ann-sain agus do chuir sé na h-aon nídh i dtaisge agus do shuidh sé síos agus do phás sé, agus d'fhág sé an seanfhear de'n lánamhain aosda 'na “ghiolla i mbun coda,” no ina mhaor agus talamh na gcruacha dubha fá n-a chúram. Do shocruigh sé an bhanartla agus a mháthair féin i gceann de na caisleánaibh, agus do chomhnuigh sé féin ins an gcaisleán eile. Tá páirt do'n da chaisleán i n-a seasamh fós le feicsint 'ges gach aon duine do gheobhaidh sa' treo ach' gur leag a' stuirm agus an aimsear cuid díobh. Cais- leán Dhúin na Ciarráin agus Caisleáin Ceap na Coire tugtar orra. 'Nuair a bhíodh dearbhráthair na banartla ag siubhal an bóthar ag dul chum aifrinn, nó ag teacht uaidh, nó é a bheith imeasg na ndaoine ar aon ócáid eile, is eadh deireadh duine aca, “Ag súd mac giolla i mbun coda.” Agus 'nuair fuair a athair bás agus gur fágadh e féin “i m-bun coda,” tugadh “Cruacha Dubha Mac Giolla i mbun coda” ar na sléibhtibh do bhí fá n-a chúram, agus is é an t-ainm ceudna tugtar orra fós.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services