Toist agus Taist
Nó Fios Fátha anma na sléibhte ar a dtugh-
tar “Cruacha Dubha Mac Giolla i
mbun coda.”
Sceul ar n-a sgríobhadh síos díreach fá
mar thug an sgeulaidhe uaidh é. Muiris
'Ac Conraoi is ainm do'n sgeulaidh sin
agus rugadh agus beathuigheadh é i gCondae
Chiarraighe.
La de'n tsean-aimsir, 'nuair nach
raibh dligheadh na tíre cómh geur
a's atá 'san aimsir-seo, do
chómhnuigh beirt dearbhráthar
de mhuinntir Shúileabháin i
mbarúntacht Dhúin na Ciarráin ar cheanntar
Neidín nó Chinn Mhara i gContae Chiarraighe.
Do bhí saidhbhreacht aca go leor agus mórán“
rachmuis agus eastáid, agus do cheap
duine aca — an fear budh shine dhíbh — ar
chaisleán dá dtiubhfadh sí cungnamh do.
“Tiubhraidh mise cungnamh duit 'nuair a
theastóchaidh uait caisleán do dheunamh ach'
tabhair-se cungnamh damhsa ar dtúis.” Do
thosnuigh an dearbhráthair críonn agus do
chuir sé an obair ar bun agus do lean sé
dhe nó gur chríochnuigh sé an caisleán.
Annsain do thosnuigh an dearbhráthair óg
[ar] a chaisleán a dheunamh agus níor dhein
an dearbhráthair críonn maith d'á fhocal.
Do lean an fear óg dá obair nó gur
chríochnuigh sé an caisleán ar a shon féi,
agus budh bhreághtha é 'ná an caisléan eile.
Do bhí eud ar an dearbhráthair críonna
i dtaobh an chaisleáin do rinn an fear óg
do bheith go mór agus go ró-mhór níos
breághtha 'ná a chaisleán féin. As sain do
thosnuigh ag cath, agus a thiníotuighthe 'féin
aige 's gach aon neach aca; agus do tháinig
sé cum caisleáin an fhir óig agus níor fhág
sé duine beo sa chaisleán nár aoidigh sé
ach amháin bean Uí Shúileabháin óig gur thug
sé leis do láimh láidir, agus banartla go
raibh leanbh mic Uí Shúileabháin óig fa chúram
aice, agus do theith sí sin ó'n gcath agus
do thug sí an leanbh léithi, agus le h-eagla,
le buadhairt agus le huaigneas níor stad
sí, í féin agus an leanbh, no gur dheachadar
go Cúig' Uladh. Do fuair sí obair annsain
agus gnó le deunamh agus do bheathuigh
sí an leanbh agus do thug sí tabhairt suas do
nó sgoluidheacht. 'Nuair bhí sé ag éirghe
suas 'na chorránach, do bhí se lá ag teacht
ó sgoil le sgoláiridhibh eile agus do thug
duine des na sgoláiridhibh do bhí ar an
sgoil easonóir do, gur ghlaodhuigh sé as a
ainm é. Níor stad se choidhche nó gur
chuaidh é go dtí an bhanaltra. Do bhí sí
ag sníomh 'nuair do tháinig sé ó sgoil agus
do fuair sí dinnéir ullamh do. “Dar go
deimhin,” ar seisean léithi, 'nuair
adubhairt sí leis teacht go dtí a dhinnéir,
“Ní íosad aon nídh,” ar seisean, “nó go
n-inneosair dam cia h-é m'athair.” “Caidé
an bhuadhairt atá ort, a mhic,” ar sise,
“go g-cuireann tú an cheist sin chugam.”
“Ní gan brón,” ar seisean, “do chuirim
an cheist sin chugat; a leithéid-seo do thuit
amach idir mé féin agus buachaillidhe eile
ag teacht ó sgoil indiumh agus do ghlaodhuigh
duine aca a leithéid-seo d'ainm orm.” “Dá
n-innsosainn-se duit cia h-é t'athair, do
bheidheadh brón níos mór ort agus an aoide
d'imthigh air.” “Anois, ní íosad ar aon
bhórd agus chodaileochad ar aon leabaidh go
n-inneasaidh tú dhamh,” ar sé, agus bhí
sé ag gabháil di gur innis séi do mar a
thuit na h-aon nidh amach, mar a d'innseas
suas, agus 'nuair a fuair sé faisnéis air,
adubhairt sé léithi,”Beidh an dinnéir agam
anois agus beimid ag triall a bhaile
i mbárach.” Do thosnuigheadar an mhaidin lá
ar na bhárach agus do thrialladar ins an
tsiubhal na h-aon lá ó d'fhágadar Cúig'
Uladh nó gur dheachadar go Cúige Mumhan
agus do chuadar go Conntae Chiarraighe agus níor
stadadar no go dtángadar go bun cnuic
na gcruacha dubha, ar thaobh seana-bhóthair
mar a raibh bothán ins an aimsir-sin. Do
chuaidh an bhanartla isteach 'sa bhothán agus
do luirg sí ósduiigeacht na hoidhche. Do
bhí beirt daoine aosda istigh, fear agus bean.
”Is minic,” ars an bhean, 'nuair iarr
an bhanartla lóstuidheacht, “is minic do
bhíomar, agus budh mhaith linn bhur leithéid
do ghabháil chugainn i gcuim na h-oidhche, ach
us furaiste é sin do shéanadh indiumh, 'ar-
sain féin tiubhramaoid lóistidheacht duit
comh maith agus do fheudfamaoid é, agus
suidh síos.” 'Nuair a shuidheadar síos do
fuair an tseana-bhean suipéir ullamh dóibh
cómh maith a's dob' fhéidir léi do dheunamh.
Taréis a'tsuipéir do bhíodar ag comhrádh
agus ag caint agaus d'fhiafruigh an corr-
ánach, “Cia h-é tighearna an talmhan?”
agus dubhairt an seanduine leis gurbh' é
Uaithne O Súileabháin. Do chonnaic an corr-
ánach trí muca reamhra ag teacht chum an
bhotháin agus d'fhiafruigh sé de'n tseanduine
a ndílfadh sé iad. Dubhairt an seanfhear
gurbh' é sin a chíos do bhí ag teacht go dtí
an tigh agus go mbeidheadh diománaigh ó
thighearna an talmhan chum iad do thabhairt
leo i mbárach. Dubhairt an fear óg nó
an corránach, “Caidé an t-am do bheidh siad
annso?” “I meadhón a' lae,” arsa an fear
críonna. Le n-a linn-sin d'imthigh an
fear óg go dtí na muca nó na hearca
agus sgian fhada i n-a láimh, agus do sháithigh
sé ceann des na mucaibh. Nuair a chonnaic
an bhean aosda an mhuc 'gá sáthadh, do bhéic
sí agus do bhuail a dá bhois le sgeilmis
agus le h-eagla go ndíbrochaidhe iad
ó'n mbothán 'nuair nach raibh a 'cíos aca.
“Sgal an huc, cuir ar salanní, agus ith í,”
ars an fear óg, “agus a sheana-bhean díol-
fadsa an cíos duit-se.” Timcheall a's dá
uair an chluig rimh meadhón lae lá ar na
bhárach, do bhí na daoine ag bailiughadh ar na
bóithribh le h-ainmhíntighthe chum an chíosa do
dhíol, nó iad do thabhairt suas do dhuine an
chíosa, agus ní fada ina dheabhaigh sin go
bhfeacadar an gárda ag teacht agus math-
shluagh leo. Do thángadar an gárda agus
bhíodar ag bailiughadh na mbeithidheach le
n-a chéile mar thugadh na daoine suas dóibh
iad. Bhíodar ag siubhal nó gur thángadar
do dtí an bothán-so agus do bhí an bhean
aosta ag gol le h-eagla. Dubhradar leis na
bhfear aosta trí muca reamhra do chur amach
agus dubhairt an seanduine leotha nach
raibh aige acht dhá cheann, agus an tríomhadh
ceann gur mharbh fear óg do ghabh an bóthar
an óidhche roimhe sin gur thugadr lóis-
didheacht na h-oidhche dho agus dá mháthair.
“Ca bhfuil fear óg? arsa duine des
na díománaigh do bhí ag marcuigheacht ar
chapall. “Táim annso,” adubhairt an fear
óg, “an sásamh atá uait do réir a leithéide
seo do dheunamh? má 'is eadh do gheabhaidh tú
é,” ag tabhairt iarracht do chloidheamh do'n
fhear do bhí ar an gcapall agus do sgiob
an ceann de. 'Nuair a bhí an méid-sin
aige deunta, d'fheuch sé ar dhuine eile aca
agus dubhairt sé leis, “imthigh isteach ins
an choill-sin agus tabhair chugam slat mhaith
fhada agus dein gad de; mara ndeunaidh
tú, tiubhraidh mé an tslighe cheudna ort.”
D'imthigh sé le h-eagla agus do dhein sé
gad caorthainn agus do thug sé do'n fhear
óg é. Do tharraing seisean trí cluasa an
chinn é do'n té do bhí ar an gcapall gur
bhuain se a cheann de, agus dubhairt sé leis
an bhfear eile, “tabhair é sin a bhaile go
dtí do mháighistir agus innis do, má thagann
sé annso ag bailiughadh chíos dho, go ndeun-
far an cleas ceudna leis. D'imthigh Tiast
agus ceann Thoist aige ar a ghualainn
agus níor stad sé gur chuaidh sé go dtí
an mháighistir agus d'innis sé a sgeul mar a
thuit na h-aon nídh amach. D'éist an
máighistir leis, agus mar bhí se ag éisteacht
leis an sgeul, do bhí se ag smuaineamh agus
a bhuadhairt ag teacht air, agus dubhairt sé
'nuair a chualaidh se an sgeul, gur imthigh
leanbh óg agus a bhanartla ó'n gcaisleán
aimsir an chatha do bhí idir é féin agus a
dhearbhráthair áitmhighthe bliadhanta roimhe
sin, agus má bhí sé beo, gurbh' é bhí ann gan
dobhat anois, “agus caithfimíd bheith ar ár
n-aireachas nó aire thabhairt ann féinig as
sain suas.” Shar a rabhadar na daoine
sgaipighthe a bhaile an tráthnóna sin, do
bhíodar i mbun an chnuic-sin mar a raibh an
bothán agus dubhairt fear óg leo,
“Is dóigh liom,” ar seisean, “na tioffaidh
siad súd i mbárach a d'iarraidh a' chíosa
arís, agus tugaidh libh a bhaile gach aon nídh
atá agaibh ach' amháin beagán d' fhágaint
ag an lánamhain aosda so.” Do bhí aon
dearbhráthair amháin ag an mbanartla agus
d'imthigh sé bliadhanta roimh sin ag tuil-
eamh a phádha nó a thuarasdail tríd an
tsaoghal agus do tháinig sé anois go bun
na gcruacha dubha ar tuairisg 'athar 'sa
mháthar. Cia h-í an bhanartla ach ' amháin
inghean na lánamhan aosda do bheathuigh
O Súileabháin óg agus do bhuail an dear-
bhráthair agus an deirbhshiúr le chéile ag an
mbothán ar thaobh an bhóthair tréimse ghairid
i ndiaidh lae an chíosa agus d'fhág an fear
óg an bhanartla annsain agus do fuair
sé capall maith agus bhí sé ag triall an
bóthar ó dheas anois, anois agus arís, agus
do fuair faisnéis go dtagadh deartbhráthair
a athar gurbh ainm do Uaithne Ó Súileabháin
agus a dhá bhuachaill ar marcuigheacht ar trí
chapaill na h-aon lá tríd a' dtír ó'n
gcaisleán. Do bhíodh Uaithne ag marcuigh-
eacht ar chapall sligeánach riabhach agus
a dhá bhuachaill ar dhá chapall donn. Bhí
O Súilleabháin óg ag faire orra gach aon lá
agus lá do'n aimsir bhí se ag faire orra
ar sgáth crainn ó chioth fearthanna. Do thán-
gadar agus do bhuaileadar thairis agus do
mhasluigh sé iad le n-a chloidheamh, agus do
bhuail sé isteach agus do dhein sé an cleas
ceudna leis an h-aon bhall beo do bhí i
gcaisleán a athar. Do dhein an cleas ceudna
ar a muinntir agus níor stad sé gur chuaidh
se go dtí a mháthair agus dúbhairt sé léithi,
“Cionnus a thaithneann an obair so leat-
sa?” agus dubhairt sí leis, “caitheas fulang
le cath budh mhó ná é d'fhág mo chroidhe go
dubh agus go fann.” “Budh mhaith dhuit, a
mháthair,” dúbhairt sé léithi, “nó d'imtheochainn
an aoide cheadna ort féinig.” “D'imthigh sé
ann-sain agus do chuir sé na h-aon nídh i
dtaisge agus do shuidh sé síos agus do phás sé,
agus d'fhág sé an seanfhear de'n lánamhain
aosda 'na “ghiolla i mbun coda,” no ina
mhaor agus talamh na gcruacha dubha fá n-a
chúram. Do shocruigh sé an bhanartla agus a
mháthair féin i gceann de na caisleánaibh,
agus do chomhnuigh sé féin ins an gcaisleán
eile. Tá páirt do'n da chaisleán i n-a
seasamh fós le feicsint 'ges gach aon
duine do gheobhaidh sa' treo ach' gur leag a'
stuirm agus an aimsear cuid díobh. Cais-
leán Dhúin na Ciarráin agus Caisleáin Ceap
na Coire tugtar orra. 'Nuair a bhíodh
dearbhráthair na banartla ag siubhal an
bóthar ag dul chum aifrinn, nó ag teacht
uaidh, nó é a bheith imeasg na ndaoine ar aon
ócáid eile, is eadh deireadh duine aca, “Ag
súd mac giolla i mbun coda.” Agus
'nuair fuair a athair bás agus gur fágadh
e féin “i m-bun coda,” tugadh “Cruacha
Dubha Mac Giolla i mbun coda” ar na
sléibhtibh do bhí fá n-a chúram, agus is é
an t-ainm ceudna tugtar orra fós.