Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Le Grádh do Dhia.
Title
Le Grádh do Dhia.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Collector
O'Donnoghue, Mr. T.
Composition Date
1898
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Le grádh do Dhia 's le fuath do'n pheacadh, Atáim go dian ag tuar mo leasa; 'S an táin bhocht diabhal so fuair me bhasgadh, Is áil liom iad do ruagadh feasda.
An Chomhsheinm. Rí na gcomhacht, D'ár ndíon gach ló, 'S d'ár gcoimirc ar shaigheadaibh Nimhe an dubh-shlóigh; A Laoigh na h-Óighe, Sgaoil ár mbrón, 'S ná leigidh-se sinn Do chlaoidheadh 'san ngleo. I mbárach iarraim cuaird do'n Athair; Atáim ag triall ar uan na bhFlaitheas Grása ó'n dTighearna anuas go dtagaidh Im' dháil go bhféadfad buadh ar an bpeacadh. An Chomhsheinm. Mo ghrádh-sa an Liaigh do ghluais d'ár gcabhair, Fuair páis is pian ar mhór-chnoc Chalbhair; 'S ba shlán a rian ó'n uaigh ar maidin, I n-áirde ag triall fá thuairim a Athar. An Chomhsheinm.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services