Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Le Grádh do Dhia.

Title
Le Grádh do Dhia.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Collector
O'Donnoghue, Mr. T.
Composition Date
1898
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Le grádh do Dhia 's le fuath do'n pheacadh,
Atáim go dian ag tuar mo leasa;
'S an táin bhocht diabhal so fuair me bhasgadh,
Is áil liom iad do ruagadh feasda.


L. 194


An Chomhsheinm.



Rí na gcomhacht,
D'ár ndíon gach ló,
'S d'ár gcoimirc ar shaigheadaibh
Nimhe an dubh-shlóigh;
A Laoigh na h-Óighe,
Sgaoil ár mbrón,
'S ná leigidh-se sinn
Do chlaoidheadh 'san ngleo.



I mbárach iarraim cuaird do'n Athair;
Atáim ag triall ar uan na bhFlaitheas
Grása ó'n dTighearna anuas go dtagaidh
Im' dháil go bhféadfad buadh ar an bpeacadh.



An Chomhsheinm.



Mo ghrádh-sa an Liaigh do ghluais d'ár
gcabhair,
Fuair páis is pian ar mhór-chnoc Chalbhair;
'S ba shlán a rian ó'n uaigh ar maidin,
I n-áirde ag triall fá thuairim a Athar.



An Chomhsheinm.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services