Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Dómhnall Mí-Sheólta.
Title
Dómhnall Mí-Sheólta.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1898
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Dómhnall Mí-Sheólta. Bhí sé ann uair, ní fhuil ann anois, agus ní bheidh go deó arís. Thug a athair an chómhairle- seo dho sula fuair sé bás gan cailín droich-bheulach a phósadh choidhche. Tá go maith, arsa Dómhnall, ní phósfad. Seadh, fuair an t-athair bás annsain agus d'fhás Dómhnall suas ina fhear, ina fhear bhreágh fada glan, gan beann aige ar aoinne ná beann ag aonne air acht comh beag. Lá mar seo dubhairt a mháthair leis dul agus bean d'fhágháil dho fhéin, go raibh sé óg críonna go leór anois chun pósadh, agus gur b'fhearra dho é dhéanamh fad do bhí aon ghné beag air feín. Orú, a óinsín, arsa Dómhnall léi, nach cailín adubhairt m'athair liom-sa 'fhágháil? Nach eadh anois? Seadh, ar sise, agus má's eadh, deirim-se rud eile leat, gan dul amach as do phróiste fhéin a chuardach di, nó má théidheann tú, bíodh ort fhéin, mar dho'n diabhal cos leat do thiocfaidh annso isteach a thuilleadh ma's eadh. Méidir mhaise, a máthair, nach aon bheairtín gan chúram an ceann a thaitneadh liom a fhágháil 'sa' phróiste acht beidh 'fhios agam. D'imthig sé air annsain agus níor stad riamh ná choidhche gur chuardaigh sé gach aon tigh 'sa' phróiste, an tigh ná raibh aon chailín comh maith leis an gceann go raibh móirfheisear acu. T'réis an chuardach go léir ní fhuair sé aon ne(ach). Acht bhí obair mhór aige 'san tigh dhéidheanach, ámh. Ba bheag ná beidheadh ceann aige acht mara mbeidheadh poillín beag oiread na prionóige bhí ar cheann dá fiaclaibh. Cad do dheunfhad anois? ar sé leis féin, a' raghad a bhaile t'réis an chuardach go léir? Má raghad, cá mbeidh mo náire? Orú, ní raghad. Bhuail sé cic i dtalamh, agus seo leis é go dtí an próiste ba ghoire dho. Chuaidh sé isteach 'sa' chéad tigh do bhuail uime ann. Ní ró-fhada bhí sé istigh nuair tháinig fear an tighe chuige agus do fhiafhruigh de cad do bhí uaidh. Cailín, arsa Dómnall. Cailín aimsire an eadh? arsa fear an tíghe. Ó orú, ní h-eadh, acht cailín chun í phósadh, arsa Dómhnall. Cas as tu, a dhuine uasail, arsa fear an tighe, mar bhí culaidh bréagh ar Domhnall. Mhaise, ní'lim i bhfhad ó bhaile, arsa Dómhnall. Caidé an saghas tighe atá agat? arsa fear an tighe leis annsain, nó a' bhfuil aon tigh agat? Mara mbeidheadh, ní thiocfainn annso ag iarraidh cailín ortsa, arsa Dómhnall. Tá tigh agam atá i bhfad níos sia ná indiu 's i mbárach. Orú, caidé sin agam 'á rádh mar sin, tá agus dhá mbeidheadh um-anoirthear ceangailte asta, agus gan aige acht botháinín breun agus feur aon bhó amháin. A' bhfuil sé comh fada lem' thig-se, arsa fear an tighe. Tá mhaise, arsa Dómhnall, agus comh fada le míle acu, dhá mbeidís amach as a chéile. Orú, nach capall a bhíonn agam-sa a' dul anonn 's anall tríd nuair is gábhadh dham é i gcómhnuidhe. Ní'l aon talamh agat, is dócha, arsa fear an tighe. Ní'l aleis, is dócha, arsa Dómhnall. Mo ghruadh mhór thu, ní talamh go dtí é, dhá mbeidheadh oiread agat. A' gcreidfeá go bhfuil páirc agam? Bíonn feur níos airde 'ná an tigh ann gach maidin t'réis é ghearradh go dtí an phréamh gach tráthnóna. An iomdha bó agat? arsa fear an tighe leis arís. Mhaise, anois, a dhuine, tá 'fhios agat gur iomdha. Cad badh ghnó 'gam do'n talamh go léir mara mbeidh- eadh mórchuid ba agam. Tá dhá chéad acu agam agus dhá bhfeictheá an méid bainne bhíonn acu san! A' mbíonn puinn, mhaise? arsa fear an tighe. Dar mh'fhocal, arsa Dómh- nall, bíonn; níor mhaith liom a innsint duit, sula raghthá as do mheabhair ar fad. Cá beag duit gur ceathrar do chaithfidh beith ag crúdh gach cinn acu i g-comhnuidhe duine ar gach sine. A Dhia láidir! arsa fear an tighe, más mar sin atá, is fiú thu cailín d'fhágháil. Ó, is eadh mhaise, arsa Dómhnall. Acht, arsa Dómhnall, ní thógfad aon chailín
acht cailín go mbeidh beul maith aici. Tá beul maith ag an gcailín atá agam-sa le tabhairt duit, arsa fear an tighe, agus má's maith leat é, feuch air thu féin, agus d'fheuch, agus má fheuch do thaithin leis. Ó, tá an ceann ceart agam anois, arsa Dómhnall i ndeireadh na dála. Acht cad mar gheall ar an spré? arsa fear an tighe. Caidé an spré? arsa Dómhnall, i ndóin tá 'fhios agat ná tógfad-sa aon spré uait, fear chomh saidhbhir liom. Caithfead-sa bheith ag imtheacht, arsa Domhnall, mar táim ó'n bhaile anois le bliadhain díreach. A' dtabhairfir an cailín leat? arsa fear an tighe. Ó orú, díreach, bíodh sí agam, agus do fuair sé í, agus seo iad araon leo. Nuair a tháinig sé a bhaile, do fhiafruigh a mháthair de cá bhfuair sé an cailín. Pé áit gur fuaras í, ní ar an bpróiste fuaras í, pé ar domhan é. Shaoi- leas go ndubhairt leat gan teacht isteach annso a thuilleadh, dhá raghthá amach as do phróiste fhéin. Ní h-é sin adubhraís liom anois, acht dho'n diabhal cos liom ná tiocfadh annso isteach a thuilleadh. Seadh, agus nach é an rud céadna é i gcomhnuidhe? Acht, a mháthair, ciaco cos liomsa dho'n diabhal cos? Ní fheadar, arsa'n mháthair. Seadh, má's eadh, arsa Dómhnall, dún do bheul go mear mar sin. Do bheir sé an buaidh uirre. Cúpla lá n-a dhiaidh sin bhí caint éinig idir an seana-bhean agus bean Dhómhnaill agus níor thaithin sé leis an seana-bhean. Orú, a dhiabhail, arsa 'n mháthair le Domhnall, nach bhfuil an cailín sin agat comh droich-bheulach is do fheudfá í fhághail? Droich-bheulach an eadh? arsa Dómhnall. Orú, éist do bheul, tá beul comh maith aici is tá ag aon chailín i dtír Éireann. Pé sgeul é, chun deiridh chuir lem' sgéal, thuiteadar amach le chéile agus do dheineadar dhá leath do'n talamh eatorra, agus mar sin dhóibh go ndeaghadar 'sa chré. Críoch.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services