Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dómhnall Mí-Sheólta.

Title
Dómhnall Mí-Sheólta.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1898
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Dómhnall Mí-Sheólta.



Bhí sé ann uair, ní fhuil ann
anois, agus ní bheidh go deó arís.
Thug a athair an chómhairle-
seo dho sula fuair sé bás
gan cailín droich-bheulach a phósadh choidhche.
Tá go maith, arsa Dómhnall, ní phósfad.
Seadh, fuair an t-athair bás annsain agus
d'fhás Dómhnall suas ina fhear, ina fhear
bhreágh fada glan, gan beann aige ar
aoinne ná beann ag aonne air acht comh
beag. Lá mar seo dubhairt a mháthair leis
dul agus bean d'fhágháil dho fhéin, go raibh sé óg
críonna go leór anois chun pósadh, agus gur
b'fhearra dho é dhéanamh fad do bhí aon ghné
beag air feín. Orú, a óinsín, arsa
Dómhnall léi, nach cailín adubhairt m'athair
liom-sa 'fhágháil? Nach eadh anois? Seadh,
ar sise, agus má's eadh, deirim-se rud eile
leat, gan dul amach as do phróiste fhéin a
chuardach di, nó má théidheann tú, bíodh ort
fhéin, mar dho'n diabhal cos leat do thiocfaidh
annso isteach a thuilleadh ma's eadh. Méidir
mhaise, a máthair, nach aon bheairtín gan
chúram an ceann a thaitneadh liom a fhágháil
'sa' phróiste acht beidh 'fhios agam. D'imthig
sé air annsain agus níor stad riamh ná choidhche
gur chuardaigh sé gach aon tigh 'sa' phróiste,
an tigh ná raibh aon chailín comh maith leis
an gceann go raibh móirfheisear acu.
T'réis an chuardach go léir ní fhuair sé aon
ne(ach). Acht bhí obair mhór aige 'san tigh
dhéidheanach, ámh. Ba bheag ná beidheadh
ceann aige acht mara mbeidheadh poillín
beag oiread na prionóige bhí ar cheann dá
fiaclaibh.



Cad do dheunfhad anois? ar sé leis féin,
a' raghad a bhaile t'réis an chuardach go
léir? Má raghad, cá mbeidh mo náire?
Orú, ní raghad. Bhuail sé cic i dtalamh, agus
seo leis é go dtí an próiste ba ghoire dho.
Chuaidh sé isteach 'sa' chéad tigh do bhuail
uime ann. Ní ró-fhada bhí sé istigh nuair
tháinig fear an tighe chuige agus do fhiafhruigh de
cad do bhí uaidh. Cailín, arsa Dómnall.
Cailín aimsire an eadh? arsa fear an
tíghe. Ó orú, ní h-eadh, acht cailín chun í
phósadh, arsa Dómhnall. Cas as tu, a dhuine
uasail, arsa fear an tighe, mar bhí culaidh
bréagh ar Domhnall. Mhaise, ní'lim i bhfhad
ó bhaile, arsa Dómhnall. Caidé an saghas
tighe atá agat? arsa fear an tighe leis
annsain, nó a' bhfuil aon tigh agat? Mara
mbeidheadh, ní thiocfainn annso ag iarraidh
cailín ortsa, arsa Dómhnall. Tá tigh
agam atá i bhfad níos sia ná indiu 's i
mbárach. Orú, caidé sin agam 'á rádh
mar sin, tá agus dhá mbeidheadh um-anoirthear
ceangailte asta, agus gan aige acht botháinín
breun agus feur aon bhó amháin. A' bhfuil sé
comh fada lem' thig-se, arsa fear an tighe.
Tá mhaise, arsa Dómhnall, agus comh fada le
míle acu, dhá mbeidís amach as a chéile.
Orú, nach capall a bhíonn agam-sa a' dul
anonn 's anall tríd nuair is gábhadh dham é
i gcómhnuidhe. Ní'l aon talamh agat, is
dócha, arsa fear an tighe. Ní'l aleis, is
dócha, arsa Dómhnall. Mo ghruadh mhór thu,
ní talamh go dtí é, dhá mbeidheadh oiread
agat. A' gcreidfeá go bhfuil páirc agam?
Bíonn feur níos airde 'ná an tigh ann gach
maidin t'réis é ghearradh go dtí an phréamh
gach tráthnóna. An iomdha bó agat? arsa
fear an tighe leis arís. Mhaise, anois, a
dhuine, tá 'fhios agat gur iomdha. Cad badh
ghnó 'gam do'n talamh go léir mara mbeidh-
eadh mórchuid ba agam. Tá dhá chéad acu
agam agus dhá bhfeictheá an méid bainne bhíonn
acu san! A' mbíonn puinn, mhaise? arsa
fear an tighe. Dar mh'fhocal, arsa Dómh-
nall, bíonn; níor mhaith liom a innsint duit,
sula raghthá as do mheabhair ar fad. Cá
beag duit gur ceathrar do chaithfidh beith ag
crúdh gach cinn acu i g-comhnuidhe duine ar
gach sine. A Dhia láidir! arsa fear an
tighe, más mar sin atá, is fiú thu cailín
d'fhágháil. Ó, is eadh mhaise, arsa Dómhnall.
Acht, arsa Dómhnall, ní thógfad aon chailín


L. 191


acht cailín go mbeidh beul maith aici. Tá
beul maith ag an gcailín atá agam-sa le
tabhairt duit, arsa fear an tighe, agus má's maith
leat é, feuch air thu féin, agus d'fheuch, agus má fheuch
do thaithin leis. Ó, tá an ceann ceart agam
anois, arsa Dómhnall i ndeireadh na dála.
Acht cad mar gheall ar an spré? arsa fear
an tighe. Caidé an spré? arsa Dómhnall,
i ndóin tá 'fhios agat ná tógfad-sa aon
spré uait, fear chomh saidhbhir liom.



Caithfead-sa bheith ag imtheacht, arsa
Domhnall, mar táim ó'n bhaile anois le
bliadhain díreach. A' dtabhairfir an cailín
leat? arsa fear an tighe. Ó orú, díreach,
bíodh sí agam, agus do fuair sé í, agus seo iad
araon leo. Nuair a tháinig sé a bhaile,
do fhiafruigh a mháthair de cá bhfuair sé an
cailín. Pé áit gur fuaras í, ní ar an
bpróiste fuaras í, pé ar domhan é. Shaoi-
leas go ndubhairt leat gan teacht isteach
annso a thuilleadh, dhá raghthá amach as do
phróiste fhéin. Ní h-é sin adubhraís liom
anois, acht dho'n diabhal cos liom ná tiocfadh
annso isteach a thuilleadh. Seadh, agus nach é
an rud céadna é i gcomhnuidhe? Acht, a
mháthair, ciaco cos liomsa dho'n diabhal cos?
Ní fheadar, arsa'n mháthair. Seadh, má's
eadh, arsa Dómhnall, dún do bheul go mear
mar sin. Do bheir sé an buaidh uirre.
Cúpla lá n-a dhiaidh sin bhí caint éinig idir
an seana-bhean agus bean Dhómhnaill agus níor
thaithin sé leis an seana-bhean. Orú, a
dhiabhail, arsa 'n mháthair le Domhnall, nach
bhfuil an cailín sin agat comh droich-bheulach
is do fheudfá í fhághail? Droich-bheulach an
eadh? arsa Dómhnall. Orú, éist do bheul,
tá beul comh maith aici is tá ag aon chailín
i dtír Éireann. Pé sgeul é, chun deiridh
chuir lem' sgéal, thuiteadar amach le chéile
agus do dheineadar dhá leath do'n talamh
eatorra, agus mar sin dhóibh go ndeaghadar
'sa chré.



Críoch.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services