Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Eachtra Lomnochtáin an t-Sléibhe Riffe.
Title
Eachtra Lomnochtáin an t-Sléibhe Riffe.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1898
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Eachtra Lomnochtáin an t-Sléibhe Riffe. (Ar leanamhaint). 18. Dála an ochtair churadh eile d'Fhiannaibh Éireann, do chuadar do'n dún agus Lomnochtán mar eolaidhe aca, agus ar ndul isteach dóibh ann, ba mhór an tógáil intinne agus meanman do lucht galair agus easláinte bheith a féachain ar an dún rioghdha ró-mhaiseach sain; agus ní bhfua- radar istigh rompa ann acht aon chailleach amháin chruadh-chuisleannach lom-chnámhach ba mhó uamhan agus urghráin de'n druing dhaonna;
óir ba shamhail le rinn sleighe gach ionga fhada fhíorghonta da raibh uirri, agus ba ghairbhe 'ná mong chapaill an fionnfhadh dubh-ghránna do bhí ar a mailidhibh mothlacha mong-fhada, agus clag-shúile dearga brachaidhe fíor-dhoimhne fá n-a héadan garbh meirgeach mí-sgiamhach, agus ceann uirri mar oighean méiseála, agus sgrog-mhuineál mar fhearsad ag iomchar an smurla ghlais-léith chin sin, agus budh aoirde í do thrí troighthe 'ná an Lomnochtán, agus í ar na folchadh de chroicnibh broc agus feara-phoc, ionnus gur anachain mhór, an-uamhan, agus an acfuinn aon fhéachain amháin a thabhairt uirri, agus dob' iongnadh ná deachadar na curadha calma sain i sgeón agus i ngealtai- gheacht ar fheicsin a hurghráine. 19. Gidheadh do bhí inghean mhall-rosgach mhín-dhealbhach ghruaidh-dhearg chruth-álainn, dob' fhearr dreach, dealbh agus déanamh do mhnáibh an domhain go comh-iomlán, agus í ina suidhe i gcathaoir óir ar a gcionn. Do labhair Lomnachtán agus is é a dubhairt, “Suidhidh a Fianna Eireann, agus gurab é fíor-rún fíor- chaoin fír-mhilis bhur mbeathadh agus bhur sláinte, agus nágabhadh uamhan ná gráin sibh roimh an mnaoi úd, óir is í siúd mo bhean-sa, agus d'innis mé a tuarasgbháil cheana dhíbh.” “Dar mo bhriathar, “ ar Diarmaid Ó Duibhne, “gur mór de'n domhan do shiubhalas agus ná faca me in mo shiubhaltaibh bhur leithéid do lánamhain, agus dom' dhóigh ná faicfinn dá siubhailfinn an chruinne.” 20. Annsain do labhair Lomnachtán agus is é adubhairt, “Eirigh, a inghean, agus tabhair deoch chum na maithe seo ó Éirinn.” D'eirigh an inghean go haimhleasg mío-thapaidh, óir budh thruagh agus budh leasg léi an bhuidhean álainn airm-ghléasta do mhilleadh gan cath gan comhlann, agus go háirithe feill-bhear do dhéanamh ortha. Acht cheana do thug sí an corn cumhdaighthe léi, agus ibhid Fiann Éireann deoch as, agus dar leó féin níor ibheadar riamh deoch budh taitneamhla 'ná an deoch sain; agus iar n-ól na dighe do'n fhear dhéidheanach do thuiteadar a n-airm as a lámhaibh, agus do chuaidh a neart agus a luth ar dearmad uatha, agus do chlaochluigh a ndealbh agus a ndéanamh, agus do bhádar ag fearthainn allais le hanbhfainne, an bhuidhean laochraidhe sin nár ghabh gráin roimh dhá mhéid troim-neirt ná tóír da dtáinig ortha, ionnus nach aithneochadh cara ná compánach iad tré mheirbhtheacht a ngéithe agus olcas a gcrotha. 21. Agus ar mbeith ins na riochtaibh sin dóibh, d'éirigh an phiast anaithnid agus dúil diabhlaidhe agus an t-athach urghránna, agus do mhuigh a ghean gáire air agus adubhairt, “A Fhianna Éireann, cionnus thaithnigheann libh an riocht 'n-a bhfuil sibh anois? óir is mór m'fháltanas libh, óir is é Goll mac Mórna do mharbh m'athair agus mo dhís dearbhráthar, agus is é Osgar mac Oisín do mharbh dearbhráthair m'athar .i. Crom na Craige, agus is é Diarmaid Ó Duibhne do mharbh dearbhráthair ríogh na críche seo .i. Rí an Oileáin Doilbhthe; agus is iomdha anfhorlann thug Fianna Éireann ins na críochaibh seo riamh; agus atá súil agam-sa sin do dhíoghailt ortha go maith anois, óir meallfaidh mé Fiann Éireann uile amhail do mheall mé sibh-se; óir do bhí mé i bhfoithribh doimhne ifrinn ó bhíos i gcionn mo sheacht mbliadhan, ag foghlaim gliocais agus geintligheacht agus ionnus nach cumhachtaighthe duine i ndraoidheacht agus i ngeintligheacht 'ná mé; agus ní dheargann arm orm, agus do bhainfinn na cinn díbhse 'san áit i dtárla mé libh, muna mbeadh go gcaithfeadh rí an oileáin seo agus móruaisle na gcríoch atá i bhfogus dó bheith ar aon láthair. 22. Agus is amhlaidh déanfar libh cruinniughadh in bhur dtimcheall agus bhur gcuid feóla sgrios díbh le teannchairibh dearga, agus 'n-a dhiaidh sin bhur gcinn do bhuain díbh, agus a gcur i n-áirde ar chuailleachaibh fionn- choille agus bhur gcuid feola thabhairt le h'ithe do mhadraidhibh an dúna, agus do bhur gconaibh féin. “Dar ár gcubhair,” ar Goll, “ní
minic do bheathaigheamairne ár ngadhair le feoil daoine riamh, agus ní chreidim fós go mbeidh roinn ár gcuid feóla agaibh-se.” 23. D'éirigh an chailleach 'n-a seasamh agus d'osgail a móirbhéal agus dubhairt go n-íosadh sí féin do láthair iad. Annsain do ghabh fearg mhór Lomnochtán, agus thug sighe sanntach chum na caillighe, agus thug an chailleach sighe 'n-a choinne agus 'n-a chomhdháil, gur ghreamuigheadar a chéile, agus do bhádar ag tachtadh a chéile athaidh fhada, gur ghabh fearg Lomnochtán, gur bhuail corp na caillighe fo thalamh, agus do cheangail le slabhradh athgharbh iarainn í, agus annsain do chuaidh d'ionnsaighe an ríogh, agus d'innis dó Fianna Éireann a bheith ar a chumas féin gan bhrígh a gcor ná a lámh aca. Budh lúthgháireach an rí ó'n sgéal sain, agus adubhairt go mb'fhearr agus go mbudh shásamhla leis 'ná dá mbronntaoi ceannus an domhain do, an méid sin d'Fhiannaibh Éireann do bheith ar an aiste sin aige. 24. Dála na hinghine, tháinig go Fiannaibh Eireann agus d'fhiafruigh dhíobh cionnus do bhádar. “Is truagh sain, a ríoghain,” ar Diarmaid. “Atámaoid gan bhrígh i gcois ná i láimh againn, agus dá mbeadh sé ar do chumas-sa aon chongnamh fortachta thabhairt dúinn dobheirim mo bhriathar fhíorlaochdha dhuit go mbudh tú mo aon togha do mhnáibh an domhain, agus is ar intinn tú d'fhagháil mar mhnaoi thángamar le Lomnochtán.” “Is deimhin, a ghaisgidhigh,” ar sí “má's fíor a n-abair tú go dtiubhrad-sa mo dhícheall congnaimh dhíbh, chum buidhne chomh álainn libh a thabhairt as amhgar, agus innsim díbh nach bhfuil fagháil marbhtha ar Lomnochtán gan aimsiughadh 'san mball odhar atá fá bhun a chluaise deise,” agus do chrom sí ag gul 's ag caoi go tuirseach, óir do líon sí de shearc agus do ghrádh Dhiarmada Uí Dhuibhne. 25. Dála Brain agus Sgeolaing, dá choin Fhinn, do bhí 'n-a bhfochair, do chuadar do'n luing agus do dhúisigheadar Conán. D'aithin Conán ar ghlamghail na gcon go raibh a chuideachta i n-éigean mór nó i mbroid, agus d'éirigh go prap agus do chonnaic an dún i bhfogus do, agus ar ndul i ngomhfhogus do'n doras do labhair Diarmaid leis agus adubhairt, “A Chonáin, ná tar níos foisge dhúinn, óir atámaoid fá dhraoidheacht ag Lomnochtán agus támaoid sgartha le Fiann Éireann go bráth arís, agus d'innis mé dhíbh nár dhuine cóir Lomnochtán, agus a Chonáin is tusa is ciontach leis an mbroid seo, agus is é is indéanta dhuit anois imtheacht de luas cos agus gan fanamhaint le comhrac na péiste sin, óir ní dheargann arm air, acht amháin ball odhar atá fá n-a chluais deis, agus beir sgéala leat g hÉirinn ar gach ar imthigh orainne, agus ná léig le haon duine eile teacht le Lomnochtán, óir atá sé d'intinn aige an Fhiann uile do mhealladh leis agus a milleadh,agus imthigh i luing Lomnochtáin sul thiocfas sé.” 26. Sgairteann agus sgréachann Conán agus adubhairt nach rachadh a-bhaile go hÉirinn choidhche gan iad-san, agus ó bhádar ag cur milleáin air go ndéanfadh sé féin blogh- anna beaga de chorp Lomnochtáin, agus nach fágfadh fear ná bean 'san gcrích go léir gan díothughadh 'n-a n-éiric, agus leis sin ritheann fá dháil Lomnochtáin, agus 'san am sain do bhí Lomnochtán ag teacht, agus beireann Conán ar bhrághaid air, agus do shíl a mhúchadh gan stad; gidheadh is amhlaidh do bhí an phéist, gidh gur chaol a chosa, agus mhuinéal agus gur throm a cheann agus a dhá spáig, ba tuinseamhail tréan neartmhar é agus ba tailc toll-bhorb, óir an tan do bheireadh Conán béim cuilg ar chaol a mheadhóin agus do threasgair go lár agus go lán talmhan é, ionnus gur léig osnadh éagcomhlainn as, agus do léigea- dar an t-ochtar curadh eile nuall-ghartha os árd asta iar bhfeicsin Chonáin ar lár.
27. Dál con Fhinn mhic Chumhaill,.i. Bran bithbhuadhach bioth-uasal, ar bhfeicsin Chon- áin amhlaidh sin, beireann ar chluas deis na péiste agus do leadair agus do leodh í ó chnáimh go hinchinn, ionnus go mb'éigean do Lomnochtán a ghreim a sgaoileadh de Chonán agus iompódh ar Bhran dá dhíochur as. Is amhlaidh bhí Lomnochtán, ní raibh oiread an orlaigh dá chorp ar a ndeargfadh arm acht an t-aon bhall amháin sin, agus do bhí de mhéid an bhuadha do bhí ag Bran seach gach cú eile go dtárla an ball sain leis seach aon bhall eile, óir ní raibh dís 'san bhFéinn ba lia buaidh agus do b'fhearr ágh 'ná Bran agus Conán, gidh nar bh'fheasach iad féin de. 28. Dál Chonáin, iar sgaradh Lom- nochtáin leis, éirigheann 'n-a sheasamh agus beireann ar shleigh Dhiarmada uí Dhuibhne, .i. an craoiseach dearg nach tug urchar riamh ar mearbhall, agus beireann ar an slabhradh do bhí fá bhrághaid Bhrain, agus tairrngeann a ceann as an gcréacht, agus do rinne an chú i gcluais Lomnochtáin, gur chuir an tsleagh tré n-a inchinn, gur thuit Lomnochtán marbh ar an láthair. 29. Dála mná Lomnochtáin do bhí fá ghlas mar adubhramar, mar d'aithin gur marbhadh Lomnochtán, do raob na cean- galacha do bhí uirri agus briseann amach thríd an doras práis do bhí ar an duinsiún, agus ritheann i gceann Chonáin, agus do shrac agus do shraoil a raibh d'fheoil agus de leathar ar a cheann de'n fhobha sain dá hingnibh fada fíor-ghonta, ionnus gur bhéic agus gur bhúir Conán ó'n sgrios nimhe thug an chailleach air. Leis sin beireann Sgeolaing, .i. cú eile Fhinn ar sgórnach ar an gcailligh, ionnus gur chogain go smior agus go smúsach í, agus gur chuir a soc agus a ceann siar i sgórnach na caillighe, gur tharraing a croidhe amach aisti, ionnus go ndearna míreanna beaga dá raibh istigh innti, gur thuit marbh tarsna Lomnochtáin. 30. Ar n-a fheicsin sin do'n óig-ríoghain thug sí léim i n-ucht Dhiarmada uí Dhuibhne agus is é adubhairt, “A laoich nár leónadh agus a fhir mhóir na cródhachta, ná léig do'n amadán mhaol sain mé mharbhadh, óir gidh gur mise thug an deoch dhíbh do rinn bhur ndochar, ní dom' dheoin é, óir ní léigfeadh eagla Lomnochtáin 'ná a mhná dhom gan a dhéanamh, agus má marbhthar anois mé atá sibhe gan fuasgladh choidhche agus má gheibhim caomhna anma, dobhéarfad mo dhícheall chonganta dhíbh-se. 31. “Ná huile diombáidh orm-sa,” ar Conán, “fir an domhain agus mo cháirde fein go hiomlán má saorfaidís orm thu gan feóil agus finn-leathar mo chinn do dhíoghailt ort, agus an easmailt do thugais dom, meas óinmhide do thabhairt orm,” agus leis sin do thogair an tsleagh do chur tré n-a corp agus a cliabh. “A Chonáin,” ar Diarmaid, “ná marbh an inghean do ghabh coimirc agam-sa, agus cuimhnigh gur mé do thug as Bruighin an Chaorthainn tu, agus thu ceangailte innti d'úir na talmhan, agus ó taim-se agus mo chuideachta anois ceangailte annso is cóir duit-se do dhícheall do dhéanamh chum sinn d'fhuasgladh, agus gan siocair millte a dhéan dhúinn, agus is maith an sásamh duit in do chréachtaibh gur thuit Lomnochtán agus a bhean leat.” “Maiseadh,” ar Conán, “nochtadh sí dhom-sa gan cáride cionnus do bhéarfaidh sí fuasgladh dhíbh, nó luighim fám 'armaidh gaisgidh go léigfead a habhac agus a hionathar aisti agus go dtiubhrad a cuid feola le n-ithe do mhadraidhibh na tíre.” 32. “Nochtfad gan mhoill,” ar an inghean, “óir is é rí an oileáin seo m'athair-se,” as sí, “ .i. rí an Oileáin Doilbhthe, agus atá a dhún i bhfogus dón dún so, agus sluagh an oileáin seo cruinnighthe aige le hucht sibhse d'fheicsin do bhfu bhfeo-chosgairt i mbárach, agus do dhíl Lomnochtán sibh-se uile do mhealadh tré dhraoidheacht, agus sibh a chur chum báis le feall, agus atá corn cloch-bhuadhach ag an rígh, agus níl
aimsiughadh draoidheacht ná diabhlaidheachta nach fóirfeadh acht deoch d'ól as, agus is é fhéanfadh sibh-se cead do thabhairt domh-sa dul mar a bhfuil an rí agus cuirfead grian agus éasga, ranna mara agus tíre i gcoraigheacht agus i slánaigheacht orm féin filleadh oraibh-se arís leis an gcorn d'fhagháil nó gan a fhagháil, óir ní léigthear i láimh neich san domhan é acht do'n bhainrioghain amháin agus domh-sa agus atá súil agam, dá bhfaghainn dul chum an dúna sul do-gheabhaidís sgéala báis Lomnochtáin, go bhfuighinn an corn le tabhairt chugaibh-se, agus gan sain níl fagháil furtachta ná fuasglaighthe oraibh-se go bráth.” 33. Do mhol Diarmaid Osgar agus Goll an ríoghain do léigean amach ar chionn an chuirn d'fhagháil. “Ní hamhlaidh déantar,” ar Conán, “acht rachad féin léi, agus bhéarfad an corn agus ceann an ríogh annso chugaibh-se.” “Truagh sin,” ar an inghean, “óir ní bhéarfadh mórán sluagh ná sochaidhe an corn leó, óir is iomdha tréinmhíleadh agus gaisgidheach galach gnímh-éachtach i dteaghlach m'athar-sa anois 'n-a choimhdeacht, agus muna bhfaghaidh mise teacht ar an gcorn le ceilg ní bhfuighidh Fiann Éireann uile le foirneart é.” “Dar mo chubhais, ámh,” ar Goll, “dá mbeimís ar ar réir féin, ní iarrfamaois le cluain é, acht do los catha nó comhraic. Gidheadh, molaim do Chonán tusa léigean dá iarraidh go bhfionnam do choingheall.” 34. Annsain do ghluais an ríoghain, agus ní dhearna osadh ná comhnaidhe go ráinig mar a raibh a hathair. Fáiltigheann an rí roimpi agus d'fhiafraigh dhi cionnus do bhí drong sain d'Fhiannaibh Éireann d'fhág sí dá héis. Adubhair sise, “Atáid go meirbh marbh- lag,” agus go raibh súil ag Lomnochtán Fiann Éireann uile do mhealladh mar an gcéadna. Do mhuigh a ghean gháire ar an rí, agus adubhairt nár ghairid leis féin téarma a shaoghail acht go bhfaghadh sé an méid sin d'Fhiannaibh Éireann le dícheannadh, óir níor chás leis teacht ar an gcuid eile dá mbeadh an naonbhar sain de'n tsaoghal, agus adubhairt leis an mbainríoghain an corn cloch-bhuadhach a thabhairt léi go n-ólfadh sé deoch lúthghára fá thuairim an sgéile sin. 35. Táinig an corn agus d'ibh an rí deoch ar an inghin, agus adubhairt léi a innsin do Lomnochtán go mbeadh sé féin go maithibh a thíre agus a raibh de chlannaibh ríogh ó thíorthabh eile in' fhochair i moch na maidne ar n-a bhárach i n-airceas cheann Dhiarmada, Ghuill agus Osgair agu cáich eile Glacann an inghean an corn, agus an tan fuair uain ar an rígh agus ar an teaghlach, éaluigheann amach go huaigneach, agus ní dhearna comhnaidhe go ráinig Fiann Éireann, agus ba lúthgháireach iad roimpi. Do líon sí an corn agus d'fhiafuigh de Chonán ciaca d'Fhiannaibh Éireann ba mhaith leis d'fhuasgladh ar dtús. Adubhairt Conán, gídh go rabhadar a dhís dearbhráthar ann, gurab í Diarmaid Ó Duibhne fear do b'annsa leis da raibh san bh'Fhéinn de bhrígh gurab é is mionca thug furtacht agus fóirithin do, agus do choisg a thart agus a ocras le biadh agus le deoch, agus uime sin adubhairt léi é fhuasgladh ar dtús. Leis sin dáileann an ríoghain an corn do Dhiarmaid, agus ní túsga d'ól Diarmaid an deoch ná tháinig a neart agus a bhrígh ann, agus d'éirigh 'n-a sheasamh agus thug téora póg do'n inghin, agus thug an corn do Gholl, agus d'ibh deoch as, agus d'ibheadar uile i n-áit a chéile deoch as an gcorn, agus tháinig a neart agus a lúth, a bhrígh agus a mheanma do gach n-aon díobh, ionnus go mba subhach so- mheanmnach Fiann Éireann dá héis. (Tuilleadh).
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services