Eachtra Lomnochtáin an t-Sléibhe
Riffe.
(Ar leanamhaint).
18. Dála an ochtair churadh eile d'Fhiannaibh
Éireann, do chuadar do'n dún agus Lomnochtán
mar eolaidhe aca, agus ar ndul isteach dóibh ann,
ba mhór an tógáil intinne agus meanman do
lucht galair agus easláinte bheith a féachain ar
an dún rioghdha ró-mhaiseach sain; agus ní bhfua-
radar istigh rompa ann acht aon chailleach
amháin chruadh-chuisleannach lom-chnámhach ba
mhó uamhan agus urghráin de'n druing dhaonna;
óir ba shamhail le rinn sleighe gach ionga
fhada fhíorghonta da raibh uirri, agus ba ghairbhe
'ná mong chapaill an fionnfhadh dubh-ghránna
do bhí ar a mailidhibh mothlacha mong-fhada, agus
clag-shúile dearga brachaidhe fíor-dhoimhne
fá n-a héadan garbh meirgeach mí-sgiamhach,
agus ceann uirri mar oighean méiseála, agus
sgrog-mhuineál mar fhearsad ag iomchar an
smurla ghlais-léith chin sin, agus budh aoirde
í do thrí troighthe 'ná an Lomnochtán, agus í ar
na folchadh de chroicnibh broc agus feara-phoc,
ionnus gur anachain mhór, an-uamhan, agus an
acfuinn aon fhéachain amháin a thabhairt
uirri, agus dob' iongnadh ná deachadar na
curadha calma sain i sgeón agus i ngealtai-
gheacht ar fheicsin a hurghráine.
19. Gidheadh do bhí inghean mhall-rosgach
mhín-dhealbhach ghruaidh-dhearg chruth-álainn,
dob' fhearr dreach, dealbh agus déanamh do
mhnáibh an domhain go comh-iomlán, agus í ina
suidhe i gcathaoir óir ar a gcionn. Do labhair
Lomnachtán agus is é a dubhairt, “Suidhidh a
Fianna Eireann, agus gurab é fíor-rún fíor-
chaoin fír-mhilis bhur mbeathadh agus bhur sláinte,
agus nágabhadh uamhan ná gráin sibh roimh an
mnaoi úd, óir is í siúd mo bhean-sa, agus
d'innis mé a tuarasgbháil cheana dhíbh.”
“Dar mo bhriathar, “ ar Diarmaid Ó Duibhne,
“gur mór de'n domhan do shiubhalas agus ná
faca me in mo shiubhaltaibh bhur leithéid do
lánamhain, agus dom' dhóigh ná faicfinn dá
siubhailfinn an chruinne.”
20. Annsain do labhair Lomnachtán agus is é
adubhairt, “Eirigh, a inghean, agus tabhair deoch
chum na maithe seo ó Éirinn.” D'eirigh an
inghean go haimhleasg mío-thapaidh, óir budh
thruagh agus budh leasg léi an bhuidhean álainn
airm-ghléasta do mhilleadh gan cath gan
comhlann, agus go háirithe feill-bhear do
dhéanamh ortha. Acht cheana do thug sí an
corn cumhdaighthe léi, agus ibhid Fiann Éireann
deoch as, agus dar leó féin níor ibheadar riamh
deoch budh taitneamhla 'ná an deoch sain; agus
iar n-ól na dighe do'n fhear dhéidheanach do
thuiteadar a n-airm as a lámhaibh, agus do
chuaidh a neart agus a luth ar dearmad uatha,
agus do chlaochluigh a ndealbh agus a ndéanamh, agus do
bhádar ag fearthainn allais le hanbhfainne,
an bhuidhean laochraidhe sin nár ghabh gráin
roimh dhá mhéid troim-neirt ná tóír da
dtáinig ortha, ionnus nach aithneochadh cara
ná compánach iad tré mheirbhtheacht a ngéithe
agus olcas a gcrotha.
21. Agus ar mbeith ins na riochtaibh sin
dóibh, d'éirigh an phiast anaithnid agus dúil
diabhlaidhe agus an t-athach urghránna,
agus do mhuigh a ghean gáire air agus adubhairt,
“A Fhianna Éireann, cionnus thaithnigheann
libh an riocht 'n-a bhfuil sibh anois? óir is
mór m'fháltanas libh, óir is é Goll mac
Mórna do mharbh m'athair agus mo dhís
dearbhráthar, agus is é Osgar mac Oisín do
mharbh dearbhráthair m'athar .i. Crom na
Craige, agus is é Diarmaid Ó Duibhne do
mharbh dearbhráthair ríogh na críche seo .i.
Rí an Oileáin Doilbhthe; agus is iomdha
anfhorlann thug Fianna Éireann ins na
críochaibh seo riamh; agus atá súil agam-sa
sin do dhíoghailt ortha go maith anois, óir
meallfaidh mé Fiann Éireann uile amhail
do mheall mé sibh-se; óir do bhí mé i
bhfoithribh doimhne ifrinn ó bhíos i gcionn mo
sheacht mbliadhan, ag foghlaim gliocais agus
geintligheacht agus ionnus nach cumhachtaighthe
duine i ndraoidheacht agus i ngeintligheacht 'ná
mé; agus ní dheargann arm orm, agus do bhainfinn
na cinn díbhse 'san áit i dtárla mé libh,
muna mbeadh go gcaithfeadh rí an oileáin
seo agus móruaisle na gcríoch atá i bhfogus
dó bheith ar aon láthair.
22. Agus is amhlaidh déanfar libh
cruinniughadh in bhur dtimcheall agus bhur gcuid
feóla sgrios díbh le teannchairibh dearga, agus
'n-a dhiaidh sin bhur gcinn do bhuain díbh, agus a
gcur i n-áirde ar chuailleachaibh fionn-
choille agus bhur gcuid feola thabhairt le h'ithe
do mhadraidhibh an dúna, agus do bhur gconaibh
féin. “Dar ár gcubhair,” ar Goll, “ní
minic do bheathaigheamairne ár ngadhair le
feoil daoine riamh, agus ní chreidim fós go
mbeidh roinn ár gcuid feóla agaibh-se.”
23. D'éirigh an chailleach 'n-a seasamh agus
d'osgail a móirbhéal agus dubhairt go n-íosadh
sí féin do láthair iad. Annsain do ghabh
fearg mhór Lomnochtán, agus thug sighe sanntach
chum na caillighe, agus thug an chailleach
sighe 'n-a choinne agus 'n-a chomhdháil, gur
ghreamuigheadar a chéile, agus do bhádar ag
tachtadh a chéile athaidh fhada, gur ghabh fearg
Lomnochtán, gur bhuail corp na caillighe
fo thalamh, agus do cheangail le slabhradh
athgharbh iarainn í, agus annsain do chuaidh d'ionnsaighe
an ríogh, agus d'innis dó Fianna Éireann a
bheith ar a chumas féin gan bhrígh a gcor ná
a lámh aca. Budh lúthgháireach an rí ó'n
sgéal sain, agus adubhairt go mb'fhearr agus go
mbudh shásamhla leis 'ná dá mbronntaoi
ceannus an domhain do, an méid sin
d'Fhiannaibh Éireann do bheith ar an aiste
sin aige.
24. Dála na hinghine, tháinig go Fiannaibh
Eireann agus d'fhiafruigh dhíobh cionnus do
bhádar. “Is truagh sain, a ríoghain,” ar
Diarmaid. “Atámaoid gan bhrígh i gcois
ná i láimh againn, agus dá mbeadh sé ar do
chumas-sa aon chongnamh fortachta thabhairt
dúinn dobheirim mo bhriathar fhíorlaochdha
dhuit go mbudh tú mo aon togha do mhnáibh
an domhain, agus is ar intinn tú d'fhagháil mar
mhnaoi thángamar le Lomnochtán.” “Is
deimhin, a ghaisgidhigh,” ar sí “má's fíor a
n-abair tú go dtiubhrad-sa mo dhícheall
congnaimh dhíbh, chum buidhne chomh álainn libh
a thabhairt as amhgar, agus innsim díbh nach
bhfuil fagháil marbhtha ar Lomnochtán gan
aimsiughadh 'san mball odhar atá fá bhun a
chluaise deise,” agus do chrom sí ag gul 's ag
caoi go tuirseach, óir do líon sí de shearc
agus do ghrádh Dhiarmada Uí Dhuibhne.
25. Dála Brain agus Sgeolaing, dá choin
Fhinn, do bhí 'n-a bhfochair, do chuadar do'n
luing agus do dhúisigheadar Conán. D'aithin
Conán ar ghlamghail na gcon go raibh a
chuideachta i n-éigean mór nó i mbroid, agus
d'éirigh go prap agus do chonnaic an dún i
bhfogus do, agus ar ndul i ngomhfhogus do'n
doras do labhair Diarmaid leis agus adubhairt,
“A Chonáin, ná tar níos foisge dhúinn, óir
atámaoid fá dhraoidheacht ag Lomnochtán agus
támaoid sgartha le Fiann Éireann go bráth
arís, agus d'innis mé dhíbh nár dhuine cóir
Lomnochtán, agus a Chonáin is tusa is ciontach
leis an mbroid seo, agus is é is indéanta
dhuit anois imtheacht de luas cos agus gan
fanamhaint le comhrac na péiste sin, óir ní
dheargann arm air, acht amháin ball odhar
atá fá n-a chluais deis, agus beir sgéala leat
g hÉirinn ar gach ar imthigh orainne, agus ná
léig le haon duine eile teacht le
Lomnochtán, óir atá sé d'intinn aige an
Fhiann uile do mhealladh leis agus a milleadh,agus
imthigh i luing Lomnochtáin sul thiocfas sé.”
26. Sgairteann agus sgréachann Conán agus
adubhairt nach rachadh a-bhaile go hÉirinn
choidhche gan iad-san, agus ó bhádar ag cur
milleáin air go ndéanfadh sé féin blogh-
anna beaga de chorp Lomnochtáin, agus nach
fágfadh fear ná bean 'san gcrích go léir
gan díothughadh 'n-a n-éiric, agus leis sin
ritheann fá dháil Lomnochtáin, agus 'san
am sain do bhí Lomnochtán ag teacht, agus
beireann Conán ar bhrághaid air, agus do shíl
a mhúchadh gan stad; gidheadh is amhlaidh do
bhí an phéist, gidh gur chaol a chosa, agus
mhuinéal agus gur throm a cheann agus a dhá spáig,
ba tuinseamhail tréan neartmhar é agus ba
tailc toll-bhorb, óir an tan do bheireadh
Conán béim cuilg ar chaol a mheadhóin agus do threasgair
go lár agus go lán talmhan é, ionnus gur
léig osnadh éagcomhlainn as, agus do léigea-
dar an t-ochtar curadh eile nuall-ghartha os
árd asta iar bhfeicsin Chonáin ar lár.
27. Dál con Fhinn mhic Chumhaill,.i. Bran
bithbhuadhach bioth-uasal, ar bhfeicsin Chon-
áin amhlaidh sin, beireann ar chluas deis
na péiste agus do leadair agus do leodh í ó
chnáimh go hinchinn, ionnus go mb'éigean
do Lomnochtán a ghreim a sgaoileadh de
Chonán agus iompódh ar Bhran dá dhíochur as.
Is amhlaidh bhí Lomnochtán, ní raibh oiread
an orlaigh dá chorp ar a ndeargfadh arm
acht an t-aon bhall amháin sin, agus do bhí de
mhéid an bhuadha do bhí ag Bran seach gach
cú eile go dtárla an ball sain leis seach
aon bhall eile, óir ní raibh dís 'san
bhFéinn ba lia buaidh agus do b'fhearr ágh 'ná
Bran agus Conán, gidh nar bh'fheasach iad
féin de.
28. Dál Chonáin, iar sgaradh Lom-
nochtáin leis, éirigheann 'n-a sheasamh agus
beireann ar shleigh Dhiarmada uí Dhuibhne,
.i. an craoiseach dearg nach tug urchar riamh
ar mearbhall, agus beireann ar an slabhradh
do bhí fá bhrághaid Bhrain, agus tairrngeann a
ceann as an gcréacht, agus do rinne an chú i
gcluais Lomnochtáin, gur chuir an tsleagh
tré n-a inchinn, gur thuit Lomnochtán marbh
ar an láthair.
29. Dála mná Lomnochtáin do bhí fá
ghlas mar adubhramar, mar d'aithin gur
marbhadh Lomnochtán, do raob na cean-
galacha do bhí uirri agus briseann amach thríd
an doras práis do bhí ar an duinsiún, agus
ritheann i gceann Chonáin, agus do shrac agus do
shraoil a raibh d'fheoil agus de leathar ar a
cheann de'n fhobha sain dá hingnibh fada
fíor-ghonta, ionnus gur bhéic agus gur bhúir
Conán ó'n sgrios nimhe thug an chailleach
air. Leis sin beireann Sgeolaing, .i. cú
eile Fhinn ar sgórnach ar an gcailligh,
ionnus gur chogain go smior agus go smúsach
í, agus gur chuir a soc agus a ceann siar i
sgórnach na caillighe, gur tharraing a
croidhe amach aisti, ionnus go ndearna
míreanna beaga dá raibh istigh innti,
gur thuit marbh tarsna Lomnochtáin.
30. Ar n-a fheicsin sin do'n óig-ríoghain
thug sí léim i n-ucht Dhiarmada uí Dhuibhne
agus is é adubhairt, “A laoich nár leónadh agus
a fhir mhóir na cródhachta, ná léig do'n
amadán mhaol sain mé mharbhadh, óir gidh
gur mise thug an deoch dhíbh do rinn bhur
ndochar, ní dom' dheoin é, óir ní léigfeadh
eagla Lomnochtáin 'ná a mhná dhom gan a
dhéanamh, agus má marbhthar anois mé atá sibhe
gan fuasgladh choidhche agus má gheibhim caomhna
anma, dobhéarfad mo dhícheall chonganta
dhíbh-se.
31. “Ná huile diombáidh orm-sa,” ar
Conán, “fir an domhain agus mo cháirde fein
go hiomlán má saorfaidís orm thu gan
feóil agus finn-leathar mo chinn do dhíoghailt
ort, agus an easmailt do thugais dom, meas
óinmhide do thabhairt orm,” agus leis sin do
thogair an tsleagh do chur tré n-a corp agus a
cliabh. “A Chonáin,” ar Diarmaid, “ná
marbh an inghean do ghabh coimirc agam-sa,
agus cuimhnigh gur mé do thug as Bruighin an
Chaorthainn tu, agus thu ceangailte innti d'úir
na talmhan, agus ó taim-se agus mo chuideachta
anois ceangailte annso is cóir duit-se do
dhícheall do dhéanamh chum sinn d'fhuasgladh,
agus gan siocair millte a dhéan dhúinn, agus is
maith an sásamh duit in do chréachtaibh gur
thuit Lomnochtán agus a bhean leat.”
“Maiseadh,” ar Conán, “nochtadh sí dhom-sa
gan cáride cionnus do bhéarfaidh sí fuasgladh
dhíbh, nó luighim fám 'armaidh gaisgidh go
léigfead a habhac agus a hionathar aisti agus go
dtiubhrad a cuid feola le n-ithe do
mhadraidhibh na tíre.”
32. “Nochtfad gan mhoill,” ar an inghean,
“óir is é rí an oileáin seo m'athair-se,” as
sí, “ .i. rí an Oileáin Doilbhthe, agus atá a dhún
i bhfogus dón dún so, agus sluagh an oileáin
seo cruinnighthe aige le hucht sibhse d'fheicsin
do bhfu bhfeo-chosgairt i mbárach, agus do dhíl
Lomnochtán sibh-se uile do mhealadh tré
dhraoidheacht, agus sibh a chur chum báis le feall,
agus atá corn cloch-bhuadhach ag an rígh, agus níl
aimsiughadh draoidheacht ná diabhlaidheachta
nach fóirfeadh acht deoch d'ól as, agus is é
fhéanfadh sibh-se cead do thabhairt domh-sa
dul mar a bhfuil an rí agus cuirfead grian agus
éasga, ranna mara agus tíre i gcoraigheacht agus
i slánaigheacht orm féin filleadh oraibh-se
arís leis an gcorn d'fhagháil nó gan a
fhagháil, óir ní léigthear i láimh neich san
domhan é acht do'n bhainrioghain amháin agus
domh-sa agus atá súil agam, dá bhfaghainn
dul chum an dúna sul do-gheabhaidís sgéala
báis Lomnochtáin, go bhfuighinn an corn le
tabhairt chugaibh-se, agus gan sain níl fagháil
furtachta ná fuasglaighthe oraibh-se go
bráth.”
33. Do mhol Diarmaid Osgar agus Goll an
ríoghain do léigean amach ar chionn an chuirn
d'fhagháil. “Ní hamhlaidh déantar,” ar
Conán, “acht rachad féin léi, agus bhéarfad an
corn agus ceann an ríogh annso chugaibh-se.”
“Truagh sin,” ar an inghean, “óir ní bhéarfadh
mórán sluagh ná sochaidhe an corn leó, óir
is iomdha tréinmhíleadh agus gaisgidheach galach
gnímh-éachtach i dteaghlach m'athar-sa anois
'n-a choimhdeacht, agus muna bhfaghaidh mise
teacht ar an gcorn le ceilg ní bhfuighidh
Fiann Éireann uile le foirneart é.” “Dar
mo chubhais, ámh,” ar Goll, “dá mbeimís ar
ar réir féin, ní iarrfamaois le cluain é,
acht do los catha nó comhraic. Gidheadh,
molaim do Chonán tusa léigean dá iarraidh
go bhfionnam do choingheall.”
34. Annsain do ghluais an ríoghain, agus ní
dhearna osadh ná comhnaidhe go ráinig mar
a raibh a hathair. Fáiltigheann an rí roimpi
agus d'fhiafraigh dhi cionnus do bhí drong
sain d'Fhiannaibh Éireann d'fhág sí dá héis.
Adubhair sise, “Atáid go meirbh marbh-
lag,” agus go raibh súil ag Lomnochtán Fiann
Éireann uile do mhealladh mar an gcéadna.
Do mhuigh a ghean gháire ar an rí, agus
adubhairt nár ghairid leis féin téarma a
shaoghail acht go bhfaghadh sé an méid sin
d'Fhiannaibh Éireann le dícheannadh, óir níor
chás leis teacht ar an gcuid eile dá mbeadh an
naonbhar sain de'n tsaoghal, agus adubhairt
leis an mbainríoghain an corn cloch-bhuadhach
a thabhairt léi go n-ólfadh sé deoch lúthghára
fá thuairim an sgéile sin.
35. Táinig an corn agus d'ibh an rí deoch ar
an inghin, agus adubhairt léi a innsin do
Lomnochtán go mbeadh sé féin go maithibh a
thíre agus a raibh de chlannaibh ríogh ó thíorthabh
eile in' fhochair i moch na maidne ar n-a
bhárach i n-airceas cheann Dhiarmada, Ghuill
agus Osgair agu cáich eile Glacann an inghean
an corn, agus an tan fuair uain ar an rígh agus
ar an teaghlach, éaluigheann amach go
huaigneach, agus ní dhearna comhnaidhe go ráinig
Fiann Éireann, agus ba lúthgháireach iad
roimpi. Do líon sí an corn agus d'fhiafuigh
de Chonán ciaca d'Fhiannaibh Éireann ba
mhaith leis d'fhuasgladh ar dtús. Adubhairt
Conán, gídh go rabhadar a dhís dearbhráthar
ann, gurab í Diarmaid Ó Duibhne fear do
b'annsa leis da raibh san bh'Fhéinn de bhrígh
gurab é is mionca thug furtacht agus fóirithin
do, agus do choisg a thart agus a ocras le biadh agus
le deoch, agus uime sin adubhairt léi é
fhuasgladh ar dtús. Leis sin dáileann an
ríoghain an corn do Dhiarmaid, agus ní túsga
d'ól Diarmaid an deoch ná tháinig a neart
agus a bhrígh ann, agus d'éirigh 'n-a sheasamh agus thug
téora póg do'n inghin, agus thug an corn do
Gholl, agus d'ibh deoch as, agus d'ibheadar uile i
n-áit a chéile deoch as an gcorn, agus tháinig a
neart agus a lúth, a bhrígh agus a mheanma do gach
n-aon díobh, ionnus go mba subhach so-
mheanmnach Fiann Éireann dá héis.
(Tuilleadh).
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11