Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Farney (Co. Monaghan) Proverbs and Sayings.
Title
Farney (Co. Monaghan) Proverbs and Sayings.
Author(s)
Ua Muirgheasa, Eanraoi,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1898
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Farney (Co. Monaghan) Pro- verbs and Sayings. 1. Ná creid feannóg ná fiadh, Ná dia bréagach mná; Moch no mall mar éireachas an ghrian, Mar thoil le Dia bheas an lá. 2. An áit i mbíonn géadhaidhe bíonn gan- dar ann, 'S an áit i mbíonn mná bíonn clampar ann. 3. Cúradh ort, a Phádraic, goidé 'ghéanthá thusa le mnaoi; Gá bhfuil do thigh nó d'fhárus, do chruach nó do stáca fá dhíon? Bhar n-imtheachta mar d'imthigh Diarmaid is Gráinne; 'Measg sléibhte agus áltán ag cruinniu- ghadh fásaigh 'measg fraoich. 4. Is fada an lá 's is geárr an phighinn, Is tarraing do lámh go fada righin. 5. Uan dubh, agus a thóin liom'; Seilide ar an chloich luim; Agus an chuach, 's gan aon ghreim in mo bhruinn; Bhí 'fhios agam go maith nach rachadh an bhliadhain sin liom. 6. Caith do chuid is gheobhair; Taisgigh, agus rachaidh amogha; Mur gcaithidh tusa e, caithfidh an gaibh- leán gobha é. 7. Sodar i ndiaidh na huaisle, sodar is suaraighe ar bith. 8. Is caol a thig an urchóid, ars' an fear a raibh an gandar ag siubhal air. 9. Ná leig do rún le cloidhe. 10. Mur teann ar charaid, chan teann ar námhaid. 11. Éist le tuile na habhann a's gheabha tú breac. 12. Nach truagh duine folamh 's is giorru- ghadh ar a shaoghal e, Agus b'fhearr do bheith sa' talamh, óir nach n-aithn'eann a lucht gaoil é. 13. Cha dual Satharn gan grian no Domhnach gan aifrionn. 14. Is iomdha dubha mór a thig ar bheagán fearthanna. 15. An seanachas gearr an seanachas is fearr. 16. Maith ar an-dhuine, maith ar shean- dhuine, maith ar pháisde; trí mhaith théid amogha (nó trí mhaith nach dearn maith do dhuine ar bith ariamh). 17. Bidheann an bás ar aghaidh an tsean- duine a's ar chúla' an duine óig. 18. Ná tóg cró roimhe na hearca. 19. Molann an obair an fear. 20. Is fearr solas romhad 'ná dhá sholas 'do dhiaidh. Is fearr coinneal romhad 'ná dhá choinnil 'do dhiaidh. 21. Is fear aifrionn romhad 'ná dhá aifrionn 'do dhiaidh.
22. An rud a chuireas an Aoine ina cheann, 'tchífe se amach e. 23. Tá sgabadh cloinne an mhadaidh ionnta. 24. Go dtí Lá San Doic, an lá nach dtainic 's nach dtig. 25. Is olc a bheith ag casaid. 26. An té nach truagh leis do chás ná dean do ghearán leis. 27. Ná tais'eán do chroiceann do'n té nach gcuireann folach air. 28. Is féarr ródáil mhaith no droich-throid. 29. Nuair a bheidh tú sa' Róimh, bí cosamhail le muintir na Róimhe. 30. Cailín an tighe móir go deóidh nach nglacaim í; Bidheann an greim mór 's an bolgam fada aici; Bideann meur ins an mbainne aici; Ólann sí an t-uachtar agus bidheann ruaig ar an chat aici. 31. Bidheann rath air rapatradh. 32. Nuair fhuigfeas an cat an baile, béidh cead rinnce aige na luchógaibh. 33. Is doiligh an gearrfhiadh a chur as an tor nach bhfuil sé ann. 34. 'Sé shaoilim féin Ar ughdar léighinn Gurab é an spré an uaisle, Is mac Ríogh Gréige Agus bíodh sé gan é Cha bhíonn ann acht léice suarach. 35. Nuair is cruaidh do'n chailligh 'ghéanaidh sí searraidh. 36. Casann na daoine ar a chéile acht cha chasann na cnuic. 37. Saoileann fear na mí-chéille gurab é féin fear na céille. 38. Mar gheall air féin a ghabhanns an cat an crónán. 39. Gabh dho luighe leis an uan agus éirghe leis an eun. 40. Baineann an coimheád maith an ceann de'n tubaiste. 41. An té buailtear sa' cheann bídheann eagla air. 42. Is olc an rud mian gasúir. 43. Má's mac, is mithid é. 44. Bidheann dúil ó'n muir, Má tá, chan fhuil dúil ó'n chuir (= chur). 45. Nuair stadfaidh an lámh do shileadh (no do thabhairt), stadfaidh an beul do mholadh. 46. Go mairidh tú 's go gcaithidh tú é. 47. Nodlaig ghlas, roilig mheith. 48. Bróga gréasaidhe Mhac Dhonnchudha Ná ceannuigh iad go heug; Beidh bonn de chroiceann mhadaidh ionnta, 'S uachtar croicinn ghé; Ma chuireann tú ort ar maidin iad, Béidh siad sgaoilte sa' mheadhón-lae. 49. An rud atchidheas an leanbh 'sé ghnidheas an leanbh. 50. An té cheanglas is é shiubhailfeas. 51. Gealach Sathairn báidhid sí no dóighfidh sí. 52. Is furus fuiliughadh as ceann charraigh. 53. An té roinn an neamh 's an talamh, Choingbhigh sé an chuid is fearr do fhéin, 54. Is as a ceann blighfear an bhó. 55. Na spéartha dearg suas fearthainn agus fuacht; Na spéartha dearg soir sneachta go glún fir; Na spéartha dearg siar gealach agus grian; Na spéartha dearg síos fearthainn agus gaoth. 56. Nuair gheobhas an gearrán bás béidh an feur ag fás. 57. Is minic a bhidheann cú mall sona agus cú dona na rith. 58. Arsa cailleach Mhuigheo le cailligh Thíre Eoghain, “an té bhidheas go maith duit bí go maith dó.” 59. Eolas ughdair tabhair do'n mbrúideach, Is treise an dúthchas 'ná an méid sin. 60. Is ionann le chéile an baillséire 's a ghiolla.
61. Is críonna 's is críochnaighthe gach díne d'a dtig. 62. Amhairc sol a mbearaidh tú do léim. 63. Cuimilt bhealaidh do thóin na muice méithe. 64. Ná pós bean dhána ar chontas ar bith, Óir béidh sí comh dána le cráin insa' phis; Buailfidh sí na páisdí sol a ndeánaidh siad an choir, Is tógfa sí a halárum gan ádhbhar ar bith. 65. Léim coiligh ar cárnán. 66. Is foisge cabhair Dé 'ná an doras. 67. An rud is annamh is iongantach. 68. Chan le lámhaibh (no meallaidheannaibh) maithe baintear an foghmhar, nó chan iad na meallaidheanna maithe bhaineas an foghmhar. 69. Codladh fada samhraidh agus greann mór do dheanamh de. 70. Peata duine agus peata muice — dhá pheata is measa amuigh. 71. Rith na con ag dul fríd an mónaidh an oidhche fhoghmhair ag tuitim. 72. Is doiligh corrán maith fhagháil do mheal- laidhe olc. 73. An té nach dtéid a mharcuigheacht acht go h-annamh bídheann na spuir ar seachrán. 74. Is fada siar an rud a chuirfeas Dia aniar, nó is fada anonn an rud a chuirfeas Dia anall. 75. Cha dhéin an bodach breug 's a mhac astigh. 76. Má chongbhuigh' na mná an biadh, chá chongbhuigh' Dia an lá.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services