Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Farney (Co. Monaghan) Proverbs and Sayings.

Title
Farney (Co. Monaghan) Proverbs and Sayings.
Author(s)
Ua Muirgheasa, Eanraoi,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1898
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Farney (Co. Monaghan) Pro-
verbs and Sayings.



1. Ná creid feannóg ná fiadh,
Ná dia bréagach mná;
Moch no mall mar éireachas an ghrian,
Mar thoil le Dia bheas an lá.



2. An áit i mbíonn géadhaidhe bíonn gan-
dar ann,
'S an áit i mbíonn mná bíonn clampar
ann.



3. Cúradh ort, a Phádraic, goidé 'ghéanthá
thusa le mnaoi;
Gá bhfuil do thigh nó d'fhárus, do chruach
nó do stáca fá dhíon?
Bhar n-imtheachta mar d'imthigh Diarmaid
is Gráinne;
'Measg sléibhte agus áltán ag cruinniu-
ghadh fásaigh 'measg fraoich.



4. Is fada an lá 's is geárr an phighinn,
Is tarraing do lámh go fada righin.



5. Uan dubh, agus a thóin liom';
Seilide ar an chloich luim;
Agus an chuach, 's gan aon ghreim in mo
bhruinn;
Bhí 'fhios agam go maith nach rachadh an
bhliadhain sin liom.



6. Caith do chuid is gheobhair;
Taisgigh, agus rachaidh amogha;
Mur gcaithidh tusa e, caithfidh an gaibh-
leán gobha é.



7. Sodar i ndiaidh na huaisle, sodar is
suaraighe ar bith.



8. Is caol a thig an urchóid, ars' an fear
a raibh an gandar ag siubhal
air.



9. Ná leig do rún le cloidhe.



10. Mur teann ar charaid, chan teann ar
námhaid.



11. Éist le tuile na habhann a's gheabha
tú breac.



12. Nach truagh duine folamh 's is giorru-
ghadh ar a shaoghal e,
Agus b'fhearr do bheith sa' talamh, óir
nach n-aithn'eann a lucht gaoil é.



13. Cha dual Satharn gan grian no Domhnach
gan aifrionn.



14. Is iomdha dubha mór a thig ar bheagán
fearthanna.



15. An seanachas gearr an seanachas is
fearr.



16. Maith ar an-dhuine, maith ar shean-
dhuine, maith ar pháisde; trí mhaith
théid amogha (nó trí mhaith nach dearn
maith do dhuine ar bith ariamh).



17. Bidheann an bás ar aghaidh an tsean-
duine a's ar chúla' an duine óig.



18. Ná tóg cró roimhe na hearca.



19. Molann an obair an fear.



20. Is fearr solas romhad 'ná dhá sholas 'do
dhiaidh.
Is fearr coinneal romhad 'ná dhá
choinnil 'do dhiaidh.



21. Is fear aifrionn romhad 'ná dhá
aifrionn 'do dhiaidh.


L. 178


22. An rud a chuireas an Aoine ina
cheann, 'tchífe se amach e.



23. Tá sgabadh cloinne an mhadaidh ionnta.



24. Go dtí Lá San Doic, an lá nach dtainic
's nach dtig.



25. Is olc a bheith ag casaid.



26. An té nach truagh leis do chás ná dean
do ghearán leis.



27. Ná tais'eán do chroiceann do'n té nach
gcuireann folach air.



28. Is féarr ródáil mhaith no droich-throid.



29. Nuair a bheidh tú sa' Róimh, bí cosamhail
le muintir na Róimhe.



30. Cailín an tighe móir go deóidh nach
nglacaim í;
Bidheann an greim mór 's an bolgam
fada aici;
Bideann meur ins an mbainne aici;
Ólann sí an t-uachtar agus bidheann
ruaig ar an chat aici.



31. Bidheann rath air rapatradh.



32. Nuair fhuigfeas an cat an baile, béidh
cead rinnce aige na luchógaibh.



33. Is doiligh an gearrfhiadh a chur as an
tor nach bhfuil sé ann.



34. 'Sé shaoilim féin
Ar ughdar léighinn
Gurab é an spré an uaisle,
Is mac Ríogh Gréige
Agus bíodh sé gan é
Cha bhíonn ann acht léice suarach.



35. Nuair is cruaidh do'n chailligh 'ghéanaidh
sí searraidh.



36. Casann na daoine ar a chéile acht cha
chasann na cnuic.



37. Saoileann fear na mí-chéille gurab é
féin fear na céille.



38. Mar gheall air féin a ghabhanns an cat
an crónán.



39. Gabh dho luighe leis an uan agus éirghe leis
an eun.



40. Baineann an coimheád maith an ceann
de'n tubaiste.



41. An té buailtear sa' cheann bídheann
eagla air.



42. Is olc an rud mian gasúir.



43. Má's mac, is mithid é.



44. Bidheann dúil ó'n muir,
Má tá, chan fhuil dúil ó'n chuir (= chur).



45. Nuair stadfaidh an lámh do shileadh (no
do thabhairt), stadfaidh an beul do
mholadh.



46. Go mairidh tú 's go gcaithidh tú é.



47. Nodlaig ghlas, roilig mheith.



48. Bróga gréasaidhe Mhac Dhonnchudha
Ná ceannuigh iad go heug;
Beidh bonn de chroiceann mhadaidh ionnta,
'S uachtar croicinn ghé;
Ma chuireann tú ort ar maidin iad,
Béidh siad sgaoilte sa' mheadhón-lae.



49. An rud atchidheas an leanbh 'sé ghnidheas
an leanbh.



50. An té cheanglas is é shiubhailfeas.



51. Gealach Sathairn báidhid sí no dóighfidh sí.



52. Is furus fuiliughadh as ceann charraigh.



53. An té roinn an neamh 's an talamh,
Choingbhigh sé an chuid is fearr do fhéin,



54. Is as a ceann blighfear an bhó.



55. Na spéartha dearg suas fearthainn
agus fuacht;
Na spéartha dearg soir sneachta go
glún fir;
Na spéartha dearg siar gealach agus
grian;
Na spéartha dearg síos fearthainn agus
gaoth.



56. Nuair gheobhas an gearrán bás béidh an
feur ag fás.



57. Is minic a bhidheann cú mall sona agus
cú dona na rith.



58. Arsa cailleach Mhuigheo le cailligh Thíre
Eoghain, “an té bhidheas go maith
duit bí go maith dó.”



59. Eolas ughdair tabhair do'n mbrúideach,
Is treise an dúthchas 'ná an méid sin.



60. Is ionann le chéile an baillséire 's a
ghiolla.


L. 179


61. Is críonna 's is críochnaighthe gach díne
d'a dtig.



62. Amhairc sol a mbearaidh tú do léim.



63. Cuimilt bhealaidh do thóin na muice
méithe.



64. Ná pós bean dhána ar chontas ar bith,
Óir béidh sí comh dána le cráin insa'
phis;
Buailfidh sí na páisdí sol a ndeánaidh
siad an choir,
Is tógfa sí a halárum gan ádhbhar ar
bith.



65. Léim coiligh ar cárnán.



66. Is foisge cabhair Dé 'ná an doras.



67. An rud is annamh is iongantach.



68. Chan le lámhaibh (no meallaidheannaibh)
maithe baintear an foghmhar, nó chan
iad na meallaidheanna maithe
bhaineas an foghmhar.



69. Codladh fada samhraidh agus greann mór
do dheanamh de.



70. Peata duine agus peata muice — dhá pheata
is measa amuigh.



71. Rith na con ag dul fríd an mónaidh an
oidhche fhoghmhair ag tuitim.



72. Is doiligh corrán maith fhagháil do mheal-
laidhe olc.



73. An té nach dtéid a mharcuigheacht acht
go h-annamh bídheann na spuir ar
seachrán.



74. Is fada siar an rud a chuirfeas Dia
aniar, nó is fada anonn an rud a
chuirfeas Dia anall.



75. Cha dhéin an bodach breug 's a mhac astigh.



76. Má chongbhuigh' na mná an biadh, chá
chongbhuigh' Dia an lá.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services