Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
On Father Francis Mac Mahon
Title
On Father Francis Mac Mahon
Author(s)
Moore, Séamus P.,
Compiler/Editor
Moore, Séamus P.
Composition Date
1757
Publisher
(Muineachán: Cumann Seanchais Chlochair, 1956)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AR CHRÚ CHOLLA MO CHUAIRT i GCÉIN. Ar chrú Cholla mo chuairt i gcéin, Clann Eachach dhuasmhair Doimhléin, saoirfhear d'uaislibh Chineadh Coinn dar dual eineach a's urroim. Ós díobhtha sin, céim gan cheas, An tAthair Proinsias gan ainmheas, mo chuairt féin in a dháil go dian, an séimhfhear sáimh a's an fírfhial. Proinsias canónta is ceart coing gan uaill, earraid, ná doghroing, lán d'eineach, d'fhéile, a's d'aoibh, saorghrádh éigse a's macaomh.
Fear gan allghlór a's eineach gnáth, díoltóir éigse agus ríoghdhámh, amhail Ghuaire ghrianach, ghrinn, ag riaradh uaisle go hinnill. Is fíorghlan do ghnúis gan tlás ag teagasc peacach ó shíor-bhás, 's ag smachtú an phobail ar cóir, h'eochair is h'aibíd ón Tríonóid. Ní leigir caora ar seachrán shíor nach leantar leat gan imshníomh 's nach dtreorair da dtreodaibh féin tré sheanmóir eolaigh an tSoiscéil. I measc do chaorchann go caoin ní fhuilingir saoibhshliocht Chailbhín nó Lúiterian dream is docht, a Phroinsiais nach fann sa diadhocht. Madraí allta nó faolchoin fhéigh ní lámhann bheith i measc do shaoirthréid, nach ndíobrair uaibh go cian gan cheas, an suaircfhear fial gan doirbheas. Gnúis is glaine ós altóir Dé re shíolrudh briathra an tSoiscéil, Proinsias maordha, clú na cléire, do chrú chraoibhe na caithréime. Cáirneach is cliútach i gcianaibh tre chaoineas céille a's fírriaghail, Luan Pheadair ag ceartú córa 'S ag leanmhuin luirg na canóna. Tá teasgrádh Dé agus duine i bProinsias shéanmhar sheabhchaidhe; gaol Mhic Mhathghamhna, céim gan cheas, rióghradh ba searcamhla ré héigeas. Ní beag so an uair se ón fhile do'n athair ghruadhnáir eagnaidhe, sagart sáimh ré fréimh na scol, mo chuairt 'na dháil ní hiongnadh.
Ceangal Mo chuairt se don ruaig se go bláth na gcliar, do'n athair shuaimhneach shnuadhghlan is áille ciall, mac mar Ghuaire biothshuaithnidh ár bProinsias fiál ré díol duaine ré suadhaibh 's dá ndáil go dian.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services