Historical Irish Corpus
1600 - 1926

On Father Francis Mac Mahon

Title
On Father Francis Mac Mahon
Author(s)
Moore, Séamus P.,
Compiler/Editor
Moore, Séamus P.
Composition Date
1757
Publisher
(Muineachán: Cumann Seanchais Chlochair, 1956)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AR CHRÚ CHOLLA MO CHUAIRT i GCÉIN.



Ar chrú Cholla mo chuairt i gcéin,
Clann Eachach dhuasmhair Doimhléin,
saoirfhear d'uaislibh Chineadh Coinn
dar dual eineach a's urroim.



Ós díobhtha sin, céim gan cheas,
An tAthair Proinsias gan ainmheas,
mo chuairt féin in a dháil go dian,
an séimhfhear sáimh a's an fírfhial.



Proinsias canónta is ceart coing
gan uaill, earraid, ná doghroing,
lán d'eineach, d'fhéile, a's d'aoibh,
saorghrádh éigse a's macaomh.


L. 134


Fear gan allghlór a's eineach gnáth,
díoltóir éigse agus ríoghdhámh,
amhail Ghuaire ghrianach, ghrinn,
ag riaradh uaisle go hinnill.



Is fíorghlan do ghnúis gan tlás
ag teagasc peacach ó shíor-bhás,
's ag smachtú an phobail ar cóir,
h'eochair is h'aibíd ón Tríonóid.



Ní leigir caora ar seachrán shíor
nach leantar leat gan imshníomh
's nach dtreorair da dtreodaibh féin
tré sheanmóir eolaigh an tSoiscéil.



I measc do chaorchann go caoin
ní fhuilingir saoibhshliocht Chailbhín
nó Lúiterian dream is docht,
a Phroinsiais nach fann sa diadhocht.



Madraí allta nó faolchoin fhéigh
ní lámhann bheith i measc do shaoirthréid,
nach ndíobrair uaibh go cian gan cheas,
an suaircfhear fial gan doirbheas.



Gnúis is glaine ós altóir Dé
re shíolrudh briathra an tSoiscéil,
Proinsias maordha, clú na cléire,
do chrú chraoibhe na caithréime.



Cáirneach is cliútach i gcianaibh
tre chaoineas céille a's fírriaghail,
Luan Pheadair ag ceartú córa
'S ag leanmhuin luirg na canóna.



Tá teasgrádh Dé agus duine
i bProinsias shéanmhar sheabhchaidhe;
gaol Mhic Mhathghamhna, céim gan cheas,
rióghradh ba searcamhla ré héigeas.



Ní beag so an uair se ón fhile
do'n athair ghruadhnáir eagnaidhe,
sagart sáimh ré fréimh na scol,
mo chuairt 'na dháil ní hiongnadh.


L. 135


Ceangal
Mo chuairt se don ruaig se go bláth na gcliar,
do'n athair shuaimhneach shnuadhghlan is áille ciall,
mac mar Ghuaire biothshuaithnidh ár bProinsias fiál
ré díol duaine ré suadhaibh 's dá ndáil go dian.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services