Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Tuireamh Mic Thíre ar Phádruig Ua Laoghaire.
Title
Tuireamh Mic Thíre ar Phádruig Ua Laoghaire.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1898
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Tuireamh Mic Thíre ar Phádruig Ua Laoghaire, Ag smuaineadh dhó ar chuairt do thugadar le cois a chéile ar Dún Baoi, tá roinnt bliadhan ó shoin ann. Ar mbeith do'n déantúsaidhe ag cur Laoidhe Laighne Mhóir i n-eagar i gcomhair an Irisleabhair, tháinig uaigneas agus an-chumhaidh air, agus thuit sé comh mór sin i mbrón do dhíth a bhioth-charad agus a bhuan-choigéile gur ghlac a pheann i n-a láimh, agus do ghabh ag deachtughadh dáin go ndeárna an laoi. Och! a bháis ón och! a bháis, Nach dtug dá anam iomad spáis: D'fhuaduighis leat i lár a lae An fear ó n-a bhé, a bháis. Do chuaidh d'éag, och! do chuaidh d'éag Lóchrann lasánta na séad: Ní deargtha dúin é go bráth; A mhúchadh d'fhúig tláith an tréad. Ionmhuin cuairt dúinn ar Dún Baoi, Ar a léightear linn 'san laoi: Och ón! nár bh'iongnadh linn gach leac, Gér mhór, mar do cheap i gcaoi. Ionmhuin lámh ón ionmhuin lámh;— Minic do bhreacadh damh an bán: Is iomdha sin amhrán binn Do sgríobh le n-a linn an lámh. Ionmhuin liom sin, ionmhuin liom An breacadh úd, dar brígh na mionn: Iomdha litir líomhtha dheas Do thóg díom an ceas dá chionn. A fhir an fhuilt ba chasda ciar, Mo chara caomh budh tusa riamh; Cráidhteacht liom do cheann fá'n bhfód, Is t'fhionnfadh dubh ba chórach ciabh. Och! a chinn ón och! a chinn, 'N-a raibh lán na mbriathar mbinn: An chealg leat níor cumadh riamh; Mo chreach tu 'san gcriaidh, a chinn. Ionmhuin béal ón ionmhuin béal;- Minic do sgaoileadh chugainn sgéal: Do éirigheadh leat gach uair go geal, Is tú ag friotal seal le séan. Och! a chos ón och! a chos;- Minic do bhuail an ród a bhos: Ag lorg gach dáin dó gan duais, Mórchuid díobh dá chluais ba chlos. Ionmhuin peann ón ionmhuin peann; A sgríbhneoireacht nach lugha leam: Tapaidh luath do bhíodh a lámh, 'S é ag breacadh páir le peann. Ionmhuin bán sin ionmhuin bán, Is trasna tríd an dubh ó'n dámh: Fá n-a dhreoghadh má's déanta tuar, Díth liom féin nach buan an bán. Ní'l aon dán dá raibh dom' dhíth Nach gcuireadh chugam gan sgíth:
Ar sgríobh de litribh lán atá De'n chaint is deise bláth is brígh. Sgoith na suadh ón sgoith na suadh; Sgríobhadh a sgéalta leis níor dhuadh: Fuidheach mo chaoi ó 'chuaidh le fán; Dá éis nocha slán an sluagh. Och! a bháis ón och! a bháis, Nár chuir ann-san casnadh cáis: Aonar mé ded' sgiob gan iocht, 'S ní abraim acht och, a bháis. Och. An Ceangal. A chara dhil dár radas-sa mo ghrádh go buan, Ba thaitneamhach do pheannaireacht ar pár le stuaim, 'S dá cleachtadh agat an teanga shuilt fuair bárr is buaidh Le healadhnaibh na seanchadh, na ndámh 's na ndruadh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services