Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Tuireamh Mic Thíre ar Phádruig Ua Laoghaire.

Title
Tuireamh Mic Thíre ar Phádruig Ua Laoghaire.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1898
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Tuireamh Mic Thíre ar Phádruig
Ua Laoghaire,



Ag smuaineadh dhó ar chuairt do thugadar
le cois a chéile ar Dún Baoi, tá roinnt
bliadhan ó shoin ann. Ar mbeith do'n
déantúsaidhe ag cur Laoidhe Laighne Mhóir
i n-eagar i gcomhair an Irisleabhair, tháinig
uaigneas agus an-chumhaidh air, agus thuit sé comh
mór sin i mbrón do dhíth a bhioth-charad agus a
bhuan-choigéile gur ghlac a pheann i n-a
láimh, agus do ghabh ag deachtughadh dáin go
ndeárna an laoi.



Och! a bháis ón och! a bháis,
Nach dtug dá anam iomad spáis:
D'fhuaduighis leat i lár a lae
An fear ó n-a bhé, a bháis.



Do chuaidh d'éag, och! do chuaidh d'éag
Lóchrann lasánta na séad:
Ní deargtha dúin é go bráth;
A mhúchadh d'fhúig tláith an tréad.



Ionmhuin cuairt dúinn ar Dún Baoi,
Ar a léightear linn 'san laoi:
Och ón! nár bh'iongnadh linn gach leac,
Gér mhór, mar do cheap i gcaoi.



Ionmhuin lámh ón ionmhuin lámh;—
Minic do bhreacadh damh an bán:
Is iomdha sin amhrán binn
Do sgríobh le n-a linn an lámh.



Ionmhuin liom sin, ionmhuin liom
An breacadh úd, dar brígh na mionn:
Iomdha litir líomhtha dheas
Do thóg díom an ceas dá chionn.



A fhir an fhuilt ba chasda ciar,
Mo chara caomh budh tusa riamh;
Cráidhteacht liom do cheann fá'n bhfód,
Is t'fhionnfadh dubh ba chórach ciabh.



Och! a chinn ón och! a chinn,
'N-a raibh lán na mbriathar mbinn:
An chealg leat níor cumadh riamh;
Mo chreach tu 'san gcriaidh, a chinn.



Ionmhuin béal ón ionmhuin béal;-
Minic do sgaoileadh chugainn sgéal:
Do éirigheadh leat gach uair go geal,
Is tú ag friotal seal le séan.



Och! a chos ón och! a chos;-
Minic do bhuail an ród a bhos:
Ag lorg gach dáin dó gan duais,
Mórchuid díobh dá chluais ba chlos.



Ionmhuin peann ón ionmhuin peann;
A sgríbhneoireacht nach lugha leam:
Tapaidh luath do bhíodh a lámh,
'S é ag breacadh páir le peann.



Ionmhuin bán sin ionmhuin bán,
Is trasna tríd an dubh ó'n dámh:
Fá n-a dhreoghadh má's déanta tuar,
Díth liom féin nach buan an bán.



Ní'l aon dán dá raibh dom' dhíth
Nach gcuireadh chugam gan sgíth:


L. 177


Ar sgríobh de litribh lán atá
De'n chaint is deise bláth is brígh.



Sgoith na suadh ón sgoith na suadh;
Sgríobhadh a sgéalta leis níor dhuadh:
Fuidheach mo chaoi ó 'chuaidh le fán;
Dá éis nocha slán an sluagh.



Och! a bháis ón och! a bháis,
Nár chuir ann-san casnadh cáis:
Aonar mé ded' sgiob gan iocht,
'S ní abraim acht och, a bháis.



Och.



An Ceangal.



A chara dhil dár radas-sa mo ghrádh go buan,
Ba thaitneamhach do pheannaireacht ar pár
le stuaim,
'S dá cleachtadh agat an teanga shuilt
fuair bárr is buaidh
Le healadhnaibh na seanchadh, na ndámh 's na
ndruadh.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services