Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Leachda an Fhathaigh.
Title
Leachda an Fhathaigh.
Author(s)
Féach aithriseoir,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Contributor
Ó Liodáin, Seaghán. Cois Locha na Coil
Composition Date
1898
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Leachda an Fhathaigh. Bhí fathach ann fad' ó, do bhí 'na chomhnuidhe i sgoilt i gcoill na Coille Móire i gCondae na Gaillimhe. Bu mhillteach mór an bodach é, acht ní'l aon chuntas air cia an áirde do bhí sé. Bu ghnáthach leis gach uile mhaidin adharc a shéideadh le fógra thabhairt do na comharsanaibh duine icínt (= éigin) a chur le him agus bainne agus neithe eile beathadh chuige, agus gan duine ar bith eile theacht acht cailín óg. Bhí baintr'each 'san áit, agus bhí mac agus inghean aici. Bhí an mac san arm, agus ní raibh aon- duine aici sa' mbaile acht an inghean. Do bhí iallach (= d'fhiachaibh) uirri dul go dtí an
fathach gach uile mhaidin, mar nach raibh aon chailín eile insan gcomharsanacht acht ise. Oidhche áirithe tháinig a dearbhráthair a-bhaile ar cuairt. 'Sé an t-ainm do bhí air Bháitéar Seoighe, nó Bháitéar an dá bhliadhain mar leas-ainm. Bu bhreaghdha an buachaill é, agus do bhí sé 'na fhear an-árd, 'sé sin seacht dtroighthe ar áirde. Bu dhual do dhream na Seoigheach bheith 'na bhfearaibh an- mhóra an-árda, agus atá go dtí indiu. An cheud mhaidin th'r éis a theacht a-bhaile dhó, chuala sé an fathach ag séideadh na hadhairce. D'fhiafruigh sé dh'á mháthair cia an t-ádhbhar a raibh an adharc d'á séideadh. “Maise tá,” dubhairt sí. “Tá fathach 'san gcoill sin thall, agus ní'l aon mhaidin le ráithe nach ndeachaidh do dheirbhshiúr le beatha chuige, 'nuair a shéideadh sé an adharc, mar bhí a fhios aici, muna dtéidheadh sí go dtí é, go maireóghadh sé an bheirt againn.” “Ní rachaidh sí arís go dtí é,” ars' an mac. “Gabhfaidh mise go dtí é indiu,” agus rug sé ar a chloidheamh, agus shiubhail sé amach, agus chonnaic sé an fathach ag siubhal chuige. Do dhruid Bháitéar faoi n-a dhéin. Casadh le chéile an bheirt ag an gcumhang atá idir dhá loch na Coille Móire. Thárraing an fathach a chloidheamh, agus d'ionnsuigh siad a chéile. Bhíodar ag tarraint ó chloidheamh agus ó bhuille go buille nó go raibh an oidhche ag tuitim. Bhuail Bháitéar an fathach roimhe ó'n gcumhang go dtí bruach an locha i ndáil leis an áit i bhfuil anois Teach na Sídheóg 'na sheasamh. Acht má bhuail, do bhí seisean loithte go dona ag an bhfathach. Mar sin féin, fuair sé an ceann is fearr air faoi dheireadh. Do sguab Bháitéar an cloigeann de. Do caitheadh amach a cholann ins an loch ar aghaidh na háite ar thuit sé; agus tá leachda agus cloch chinn tógtha 'na seasamh ar an áit cheudna. Deir daoine go bhfuil a chloigeann curtha faoi an leachda sin. Is maith a chruthuigh an saighdiuir óg agus an fathach a mharbhadh agus sócamhal a thabhairt do dhaoinibh na háite, agus cead a bheith acu codladh agus suaimneas gan faitchios a bheith ortha roimh an bhfathach gránda sin arís go bráth. Acht faraor! is truagh an sgeul le haithris, thar éis filleadh a-bhaile ó'n gcath do Bháitéar, shín sé ar a leabaidh, agus níor éirigh sé arís nó go bhfuair sé bás de bhárr na loiteanna fuair sé ó'n bhfathach. Cuireadh é i sean-roilig na Coille Móire, agus tá an uaigh nó an tuama ar cuireadh ann é le feiceáil annsin indiu. [Seaghán Ó Liodáin d'aithris an sgeul so cois Locha na Coille Móire san mbliadhain 1892.]
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services