Leachda an Fhathaigh.
Bhí fathach ann fad' ó, do bhí 'na 
chomhnuidhe i sgoilt i gcoill na 
Coille Móire i gCondae na 
Gaillimhe.  Bu mhillteach mór 
an bodach é, acht ní'l aon chuntas air cia an 
áirde do bhí sé.  Bu ghnáthach leis gach uile 
mhaidin adharc a shéideadh le fógra thabhairt 
do na comharsanaibh duine icínt (= éigin) 
a chur le him agus bainne agus neithe eile beathadh 
chuige, agus gan duine ar bith eile theacht acht 
cailín óg.
Bhí baintr'each 'san áit, agus bhí mac agus inghean 
aici.  Bhí an mac san arm, agus ní raibh aon-
duine aici sa' mbaile acht an inghean.  Do 
bhí iallach (= d'fhiachaibh) uirri dul go dtí an 
fathach gach uile mhaidin, mar nach raibh aon 
chailín eile insan gcomharsanacht acht ise.
Oidhche áirithe tháinig a dearbhráthair 
a-bhaile ar cuairt.  'Sé an t-ainm do bhí 
air Bháitéar Seoighe, nó Bháitéar an dá 
bhliadhain mar leas-ainm.  Bu bhreaghdha an 
buachaill é, agus do bhí sé 'na fhear an-árd, 'sé 
sin seacht dtroighthe ar áirde.  Bu dhual do 
dhream na Seoigheach bheith 'na bhfearaibh an-
mhóra an-árda, agus atá go dtí indiu.
An cheud mhaidin th'r éis a theacht a-bhaile 
dhó, chuala sé an fathach ag séideadh na 
hadhairce.  D'fhiafruigh sé dh'á mháthair cia an 
t-ádhbhar a raibh an adharc d'á séideadh.
“Maise tá,” dubhairt sí.  “Tá fathach 
'san gcoill sin thall, agus ní'l aon mhaidin le 
ráithe nach ndeachaidh do dheirbhshiúr le beatha 
chuige, 'nuair a shéideadh sé an adharc, mar 
bhí a fhios aici, muna dtéidheadh sí go dtí é,
go maireóghadh sé an bheirt againn.”
“Ní rachaidh sí arís go dtí é,” ars' an 
mac.  “Gabhfaidh mise go dtí é indiu,” agus 
rug sé ar a chloidheamh, agus shiubhail sé amach, 
agus chonnaic sé an fathach ag siubhal chuige.
Do dhruid Bháitéar faoi n-a dhéin.  Casadh 
le chéile an bheirt ag an gcumhang atá idir 
dhá loch na Coille Móire.  Thárraing an 
fathach a chloidheamh, agus d'ionnsuigh siad a 
chéile.  Bhíodar ag tarraint ó chloidheamh agus 
ó bhuille go buille nó go raibh an oidhche ag 
tuitim.
Bhuail Bháitéar an fathach roimhe ó'n 
gcumhang go dtí bruach an locha i ndáil leis 
an áit i bhfuil anois Teach na Sídheóg 'na 
sheasamh.  Acht má bhuail, do bhí seisean 
loithte go dona ag an bhfathach.  Mar sin 
féin, fuair sé an ceann is fearr air faoi 
dheireadh.
Do sguab Bháitéar an cloigeann de.  Do 
caitheadh amach a cholann ins an loch ar 
aghaidh na háite ar thuit sé; agus tá leachda agus 
cloch chinn tógtha 'na seasamh ar an áit 
cheudna.  Deir daoine go bhfuil a chloigeann 
curtha faoi an leachda sin.
Is maith a chruthuigh an saighdiuir óg agus 
an fathach a mharbhadh agus sócamhal a thabhairt 
do dhaoinibh na háite, agus cead a bheith acu 
codladh agus suaimneas gan faitchios a bheith 
ortha roimh an bhfathach gránda sin arís go 
bráth.
Acht faraor! is truagh an sgeul le 
haithris, thar éis filleadh a-bhaile ó'n gcath 
do Bháitéar, shín sé ar a leabaidh, agus níor 
éirigh sé arís nó go bhfuair sé bás de bhárr 
na loiteanna fuair sé ó'n bhfathach.
Cuireadh é i sean-roilig na Coille Móire, 
agus tá an uaigh nó an tuama ar cuireadh ann 
é le feiceáil annsin indiu.
[Seaghán Ó Liodáin d'aithris an sgeul so 
cois Locha na Coille Móire san mbliadhain 1892.]
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11