Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Eachtra Lomnochtáin an t-Sléibhe Riffe.
Title
Eachtra Lomnochtáin an t-Sléibhe Riffe.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1898
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Eachtra Lomnochtáin an t-sléibhe Riffe. Aon de laethibh da raibh Fionn mac Cumhaill agus maithe agus mór-uaisle na Féinne mar aon leis, ag amharc ar chuan leathan-mhór lán-aoibhinn Luimnighe, agus is é fath fa dtáinig ann an lá sain, fíos agus ais- ling do chonnaic Fionn an oidhche roimhe sin, .i. go dtiocfadh oill-phiast mhara i dtír ann agus go sloigfeadh dhá dtrian na cathrach ina craos. A haithle na haislinge sin do dhúisigh Fionn as a chodladh, agus do smaoinigh gurab eachtrannach nó allmhurach do thiocfadh i dtír ann. 2. Iomthúsa Fhinn, téid ar n-a bhárach d'ionn- saighe Luimnighe chum gléas coimeádta do chur ar an gcuan agus ar chathair Luimnighe ar- cheanna, agus do chuir tionól agus tiomsughadh ar mhaithibh Mumhan; agus iar dteacht i láthair dóibh, téid i ndáil chomhairle, agus is í comhairle do críochuigheadh leó, naonbhar do mhaithibh agus do mhór-uaislibh na Féine do chur ag cumhdach an chuain go cionn coicthighis, agus i gcionn na ré agus na haimsire sin a gcoimh- líon eile do chur ina n-áit, agus leanmhaint de'n ordughadh sin go cionn bliadhna, go n-im- theochadh brígh na haislinge sin mar budh ghnáthach; agus ag seo annmanna an naonbhair laoch do fágadh ag coimeád an chuain an tan sain — Goll glan-bhéimeannach mac Mórna, Garbh garbh-fholtach mac Mórna, Osgar an-ghlonnach mac Oisín, Diarmaid déid-gheal dreach-sholais Ó Duibhne, Glas mac Aoin- chearda Béarra, Faolán feardha mac Fhinn, Liagán luaimneach ó Luachair Dheaghaidh, Art óg mac Mórna, agus fear millte agus mór- bhuaidheartha gacha cuideachtan, .i. Conán maol mallachtach mac Mórna. 3. Cidh tracht, ceileabhraid féin agus Fionn dá chéile, agus chuaidh Goll agus a chuideachta ag clacadh aeir an chuain chubhar-bháin; ar mbeith ag taisteal an chuain dóibh, do chonn cadar an barc beannach chuca gach ndíreach, agus níor stadadh léi de'n ruathar sain gur ghabh caladh-phort os a gcomhair; agus an tan do shíleadar iomad curadh agus caith-mhíleadh d theacht aisti, ní fhacadar acht aon óglach budh mó uamhan agus urghráin d'fhearaibh na cruinne; óir is amhlaidh bhí an t-óglach sain, níor bh'aoirde seól-chrann luinge lán-mhóire 'ná gach lurga leis, agus níor chaoile lurga caorch 'ná gach lurga cruadh-chuisleannach dhíobh, agus níor leithne béal báid ná beag-luinge 'ná an dá spáig leathna do bhí ar an dá lom- lurgain do bhí fá'n óglach sain, agus níor mhó maoilinn mhao-chnuic 'ná an ceann cluas- lom do bhí air, agus an béal do bhí air lán d'fhiacaibh fada bun-órdha; agus do thriall chuca fá'n dtoichim sin, agus gé gur ghearr uatha é, is fada do bhí sé ag teacht dá n-ionnsaighe le truimeacht a chinn agus an- bhfainne a chos, agus iar dteacht ina láthair do chrom a cheann agus d'fheac a ghlún agus do chlaon a cholann, agus do bheannuigh tré n-a dhéithibh adhartha dhóibh mar a ngcéadna. 4. Do labhair Goll agus is é ro ráidh, “Cia thu, nó cá hainm atá ort, a fhir mhóir? nó ciat thu féin d'fholaibh uaisle nó anuaisle an domhain? Óir is umhain anaithnid linn do dhealbh agus do dhéanamh, óir ní fhacamar t'inneall ná t'eagosg ag teach do'n tír-se riamh, agus níor shíleamar do leithéid do bheith ar dhruim talmhan.” 5. “Ní ar olc leat-sa tháinig mé do'n tír-se, a rígh-mhílidh,” ar sé, “acht ar mhaith leat féin agus le Fiannaibh Éireann uile, óir is ionmhain liom Fianna glan-áille Gaedheal, acht go háirithe tusa agus clann t'athar, do bhrígh go raibh mé bliadhain agus trí fichid ag iomchar sgéithe agus claidhimh dod' shean-athair, agus a chomhfad eile dod' athair, agus fuaras ór agus ionnmhas, seóide maoine agus mór-shaidhbhreas uatha, agus atá mo dhóithin do gach uile mhaitheas shaoghalta agam anois, agus mé féin agus mo bhain-chéile ar gcaitheamh deiridh ár n-aoise agus ár n-aimsire, agus gan do chloinn ná
de shliocht beó againn acht aon inghean, agus go bhfuil an inghean sain ar mhnáibh áille an domhain, agus is é is mian liom anois tusa agus a bhfuil it'fhochair annso d'Fhiannaibh Éireann a thabhairt liom do'n árus chomhnuighthe ina bhfuilim, óir ní cian ó'n gcuan so é, agus gach ór agus gach ionnmhas dá bhfuil agam mar aon lem' inghin a thabhairt do dhuine éigin d'uais- libh na Féinne, agus mo dhithin a bheith agam féin da n-éis, agus dom' dhoigh ní'l rí ná flaith 'san domhan nach bhfuil a dhíol do mhnaoi agus do spré ionnta, agus i n-oileán mara bhím, agus is mé féin is triath agus is tighearna air. 6. “Agus is amhlaidh thárla dham an t-oiléan sain d'fhagháil, an tan do bhí t'athair agus drong d'Fhiannaibh Éireann maille leis ag gabháil ceannuis na gcríoch agus ag tabhairt iarthair an domhain fa smacht agus fá áird-chíos d'fhearaibh Éireann, agus ag filleadh dhúinn a-bhaile, d'éis an árid-chíosa sain a thabhach go mbuadh-chosgar, thárla sinn 'san oileán i mbím-se, agus do chomhnuigheamar tamall ann do chur sgíosa agus anró dhínn, óir do thaitnigh aer na háite linn. Agus is í comhairle do chríochnuigheadh linn, mise d'fhágáil ag coimeád na háite sin, maill leis an ionn- mhas do thugamar as críochaibh imchiana an domhain d'fhágáil i dtaisge agam fád' chomhair-se, a Ghuill, nó go dtiocfadh aois agus oribheart duit, óir ní rabhais acht i n-aois do thrí mbliadhan an tan sain; agus níor bh'fhada d'éis teacht' i nÉirinn dot' athair go bhfuair sé bás, agus d'éirigh imreasán idir mhaithibh Chonnacht timcheall ceannais na críche, go ndeachaidh áitreabh an oileáin as a gcuimhne, agus d'fhan agam-sa ó shin ale.” 7. Annsain do labhair Diarmaid Ó Duibhne agus is é adubhairt, “An í sin dealbh agus déanamh do bhí ort an uair sin? óir is iongnadh liom triath nó tighearna 'san domhan a thabhairt tuillmhe nó tuarastail dod' leithéid d'ainmhidhe anchumtha, agus go háirithe rí Chonnacht aga raibh iomad curadh agus caith- mhíleadh ar a chumas fein, agus fós is iongnadh liom seóide ná maoin, inis ná oileán 'san domhan d'fhágáil ar chumas aon duine amháin, agus go háirithe ifreannach diablaidhe mar thusa, agus sílim, má tá an inghean mar dobheir tú tuaraig uirri, nach tusa a hathair ná do mhach-samhla d'ainmhidhe.” 8. “Ná habair sin a mhic Uí Dhuibhne,” ar Conán, “óir níor bh'fhéidir aon duine ins an saoghal so do thogha dob'fhearr dho dhá choimeád 'ná é, óir ní bheadh aige acht seasamh i radharc an chuain, agus ní'l cabhlach ar bith do chífeadh é nach rachadh le gealtaidheacht, le sgeimhleadh agus le sgannradh roimh; acht i gcás sgéithe d'iomchar dom athair-se na dom' shean-athair, ní dhearna, agus fós níor chuir a chos ar thalamh na hÉireann riamh gur andiu. Gidheadh rachad-sa do'n luing, agus má tá an t-oileán mar dobheir sé teist air, ata cuid dá chomharthaidhibh 'san luin.” 9. Níor chuir an t-athach suim 'san bhfear maol, acht d'fhreagair Diarmaid, agus adu- bhairt, “Ní hamhlaidh tá, a Dhiarmaid,” ar sé, “óir ní hí sin dealbh ná déanamh do bhí orm-sa an uair sin, agus ní mó fágaidh im' aonar 'san oileán mé, óir do fágadh naon- bhar de ghliadhairidhibh glan-ghairgidheacha gnímh-éachtacha im' fhocharir ann, agus fós do bhí mé féin óg álainn il-dealbhach an tan sain, agus gail gaisgeadh agus gníomhacht ionnam, gidheadh níor thárla bean ag ao duine de''n deich- neabhar acht agam-sa, agus is í comhairle rinneadar eatorra sein feall a dhéanamh orm-sa agus an bhean a bheith aca féin. 10. “Do críochnuigheadh an chomhairle sin leó agus do cheapadar oidhche áirithe chum báis d'imirt orm-sa agus is é gléas báis do chuireadar orm, ionnus nach gráinfeadh an bhean iad trém' bhás, .i. luibhe agus lusa nimhe fuaradar 'san oileán d'ullmhughadh dham, dobhéarfadh mo bhá amhail gur bás do tháimh do-gheóbhainn. Do rinneadh amhlaidh sin agus d'fhágadar an deoch nimhe ar shlighe a hólta agam 'san gcorn as ar ghnáthach liom deoch d'ól ar ndul a chodladh dham. 11. “Do bhí an orn líonta ar thaobh na leaptha 'san oidhche agus ibhim deoch as, agus ráinig
dom mhnaoi gur ghabh rabhartas tarta í; agus d'iarr an corn orm-sa, go n-ibheadh deoch as, agus thugas-sa sain di. Cidh trácht, iar n-ól na dighe dhúinn do chuaid ár gciall agus ár gcéadfaidh uainn, ár neart agus ár mbrígh, agus thuiteamar araon i dtaisibh agus i dtáimh-néa- laibh báis agus buan-oidhidh; agus iar dteacht na maidne, tháinig drong aca isteach d'fhéachain an rabhas-sa marbh, nó cionnus do bhí foidhidne na mná d'éis mo bháis, agus is amhlaidh fuaradar sinn araon marbh. Téid gus an muintir eile agus innsid sin doibh. 12. “Gabhaid annsin ag aithbhearadh a chéile tre bhás na mná, agus tré feall do dhéanamh orm-sa agus gan an bhean a bheith aca dá bharr. Tháinig de sin gur ghabhadar ag tuargain a chéile gur chomh-thuiteadar uile bonn le bonn ar an láthair sin, agus ní raibhneach fir ná mná beó 'san oileán acht an inghean atá agam- sa do bhí i gcionn a cúig mbliadhan, agus mis agus mo bhean do bhí i riocht buain-éaga báis. Cidh trácht, do bhámar trí lá ar an ordughadh sain, agus an inghean ag truaigh-éigheamh os ar gcionn, agus i gcionn na ré sin tháinig moth- ughadh anma ionnain agus luadhaill bheó inár mballaibh, agus do thug an inghean biadh agus deoch chugainn agus tháinig an riocht so orainn agus atámaoid amhlaidh ó shin ale.” 13. “Maiseadh,” ar Diarmaid, “cionnus do gheibh sibh biadh nó deoch agus gan 'san oileán acht tú féin agus do bhean agus t'inghean?” “Atá de mhéid toradh agus tábhacht an oileáin dá mbeidís fir Éireann ann go bhfuighdís a ndóithin bídh agus dighe ann,” ar an t-athach. “Gidh maith a n-abair tú,” ar Diarmaid, “ní mholaim féin dul ar th'ionntaoibh, ná “do bhiadh ná do dheoch a bhlas, óir ní mheasaim gur duine cóir thu, agus is í mo thuairim gur tú fáth na haislinge do taisbéanadh tim- cheall an chuain seo .i. oillphiast adhuathmhar, óir ní hinneall duine atá ort.” 14. Dála Chonáin do chuaidh d'ionnsaighe na luinge, agus ar rochtain ann do, d'éirigh do léim lúthmhar lánéadtruim d'urlannaibh a shleagh agus do chrannaibh a chraoiseach, gur ghabh leithead a dhá bhonn d'urlár na luinge agus téid síos innti, agus dob' álainn le n-a fheicsin í, agus do bhí innti iomad do liagaibh lán-tsoillseacha, agus do chlochaibh uaisle Tíre na n-Inbhear n-Órdha, agus nídh dob'annsa le Conán 'ná iad sain uile, mórán do bhiadhaibh saora so-chaithmhe agus do dheochaibh so-bhlasta so-óla, agus do ghabh ag tiomsughadh agus ag tachar gacha deigh-bhídh dá bhfaca ann fa n-a dhícheall, agus ar mbeith dho sáthach d'éirigh ar chorr tosaigh na luinge agus do sgairt agus do liúgh ar Dhiar- maid ar Osgar agus ar Gholl agus ar chách uile, dá rádh leó teacht do'n luing, agus nach rabha- dar i n-aon áit riamh dob' aoibhne, agus muna dtiocfaidís go rachadh féin do'n tír ó dtáinig an long sain, agus nár bh'fhearr leis nídh dá dtiocfadh dhe 'ná olc agus imreasán. 15. D'éirigheadar an drong deagh-laoch sain agus do thrialladar chum na luinge, agus Diar- maid Ó Duibhne ag toirmeasg an turais sin ortha, acht níor ghabhadar-san uaidh é, acht triall rompa; agus iar ndul isteach dóibh'san luing, dob' iongnadh leó an mhóir-éadáil do fuaradar innti agus feabhas an bhídh agus na dighe fuaradar rompa ann. Do chaitheadar a leór-dhóithin do nua gach bídh agus do shean gach dighe, agus do labhair Diarmaid agus is é adubhairt, “Gidh carthanach tusa linn, a óglaich, ní bhfuaramar fios th'anma uait fós, ar son an chuiridh seo a thabhairt dúinn.” 16. “Lomnochtán an tSléibhe Rinne is ainm dam,” ar sé, “agus ó chríochaibh áille na hAfraice dham.” “Dar mo chubhais,” ar Diarmaid, “Is beag d'ár gcaraid-ne is na críochaibh sin, óir is minic a thugamar ár agus easbaidh orra, agus loisgeamar a ndúnta agus a ndeagh-bhailte, agus is iongnadh liom aon a theacht ón slios sain le sochar ná maitheas dúinn.” Annsain thug Lomnachtán grian agus éasga, muir agus tír, i gcoraigheacht agus i slán- aigheacht gur bh'fhíor gach ndubhairt. 17. A haithle na mbriathar sain do thógadar na seolta saidhbhre ró-áille, agus do bhíodar ag taisteal na mara ró-anfaidh go ceann naoi lá, agus i gcionn na ré sin do chonnacadar tír thaitneamhach agus fosgadh álainn oileán ar a gcomhair; agus téid i dtír ann, acht Conán d'fhan 'san luing, óir níor bh'áil leis an biadh agus an deoch shár-mhaith do bhí innti d'fhágáil gan chaitheamh, agus adubhairt nach fágfadh an long coidhche go n-íosadh agus go n-ólfadh a raibh de bhiadh agus do dheoch innti; agus tar éis a chuirp a líonadh, do thuit i dtoirchim suain agus síor-chodlata. (Tuilleadh).
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services