Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Eachtra Lomnochtáin an t-Sléibhe Riffe.

Title
Eachtra Lomnochtáin an t-Sléibhe Riffe.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1898
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Eachtra Lomnochtáin an t-sléibhe
Riffe.



Aon de laethibh da raibh Fionn mac
Cumhaill agus maithe agus mór-uaisle
na Féinne mar aon leis, ag
amharc ar chuan leathan-mhór
lán-aoibhinn Luimnighe, agus is é fath fa
dtáinig ann an lá sain, fíos agus ais-
ling do chonnaic Fionn an oidhche
roimhe sin, .i. go dtiocfadh oill-phiast mhara
i dtír ann agus go sloigfeadh dhá dtrian na
cathrach ina craos. A haithle na haislinge
sin do dhúisigh Fionn as a chodladh, agus do
smaoinigh gurab eachtrannach nó allmhurach
do thiocfadh i dtír ann.



2. Iomthúsa Fhinn, téid ar n-a bhárach d'ionn-
saighe Luimnighe chum gléas coimeádta do
chur ar an gcuan agus ar chathair Luimnighe ar-
cheanna, agus do chuir tionól agus tiomsughadh ar
mhaithibh Mumhan; agus iar dteacht i láthair dóibh,
téid i ndáil chomhairle, agus is í comhairle do
críochuigheadh leó, naonbhar do mhaithibh
agus do mhór-uaislibh na Féine do chur
ag cumhdach an chuain go cionn coicthighis, agus
i gcionn na ré agus na haimsire sin a gcoimh-
líon eile do chur ina n-áit, agus leanmhaint de'n
ordughadh sin go cionn bliadhna, go n-im-
theochadh brígh na haislinge sin mar budh
ghnáthach; agus ag seo annmanna an naonbhair
laoch do fágadh ag coimeád an chuain an tan
sain — Goll glan-bhéimeannach mac Mórna,
Garbh garbh-fholtach mac Mórna, Osgar
an-ghlonnach mac Oisín, Diarmaid déid-gheal
dreach-sholais Ó Duibhne, Glas mac Aoin-
chearda Béarra, Faolán feardha mac Fhinn,
Liagán luaimneach ó Luachair Dheaghaidh,
Art óg mac Mórna, agus fear millte agus mór-
bhuaidheartha gacha cuideachtan, .i. Conán
maol mallachtach mac Mórna.



3. Cidh tracht, ceileabhraid féin agus Fionn dá
chéile, agus chuaidh Goll agus a chuideachta ag
clacadh aeir an chuain chubhar-bháin; ar
mbeith ag taisteal an chuain dóibh, do chonn
cadar an barc beannach chuca gach ndíreach,
agus níor stadadh léi de'n ruathar sain gur ghabh
caladh-phort os a gcomhair; agus an tan do
shíleadar iomad curadh agus caith-mhíleadh d
theacht aisti, ní fhacadar acht aon óglach budh
mó uamhan agus urghráin d'fhearaibh na cruinne;
óir is amhlaidh bhí an t-óglach sain, níor
bh'aoirde seól-chrann luinge lán-mhóire 'ná
gach lurga leis, agus níor chaoile lurga caorch
'ná gach lurga cruadh-chuisleannach dhíobh, agus
níor leithne béal báid ná beag-luinge 'ná
an dá spáig leathna do bhí ar an dá lom-
lurgain do bhí fá'n óglach sain, agus níor mhó
maoilinn mhao-chnuic 'ná an ceann cluas-
lom do bhí air, agus an béal do bhí air
lán d'fhiacaibh fada bun-órdha; agus do thriall
chuca fá'n dtoichim sin, agus gé gur ghearr
uatha é, is fada do bhí sé ag teacht dá
n-ionnsaighe le truimeacht a chinn agus an-
bhfainne a chos, agus iar dteacht ina láthair
do chrom a cheann agus d'fheac a ghlún agus do
chlaon a cholann, agus do bheannuigh tré n-a
dhéithibh adhartha dhóibh mar a ngcéadna.



4. Do labhair Goll agus is é ro ráidh, “Cia
thu, nó cá hainm atá ort, a fhir mhóir? nó
ciat thu féin d'fholaibh uaisle nó anuaisle
an domhain? Óir is umhain anaithnid linn
do dhealbh agus do dhéanamh, óir ní fhacamar
t'inneall ná t'eagosg ag teach do'n tír-se
riamh, agus níor shíleamar do leithéid do bheith
ar dhruim talmhan.”



5. “Ní ar olc leat-sa tháinig mé do'n
tír-se, a rígh-mhílidh,” ar sé, “acht ar mhaith
leat féin agus le Fiannaibh Éireann uile, óir
is ionmhain liom Fianna glan-áille Gaedheal,
acht go háirithe tusa agus clann t'athar, do
bhrígh go raibh mé bliadhain agus trí fichid ag
iomchar sgéithe agus claidhimh dod' shean-athair,
agus a chomhfad eile dod' athair, agus fuaras ór agus
ionnmhas, seóide maoine agus mór-shaidhbhreas
uatha, agus atá mo dhóithin do gach uile
mhaitheas shaoghalta agam anois, agus mé féin
agus mo bhain-chéile ar gcaitheamh deiridh ár
n-aoise agus ár n-aimsire, agus gan do chloinn ná


L. 169


de shliocht beó againn acht aon inghean, agus go
bhfuil an inghean sain ar mhnáibh áille an
domhain, agus is é is mian liom anois tusa agus a
bhfuil it'fhochair annso d'Fhiannaibh Éireann
a thabhairt liom do'n árus chomhnuighthe ina
bhfuilim, óir ní cian ó'n gcuan so é, agus gach
ór agus gach ionnmhas dá bhfuil agam mar aon
lem' inghin a thabhairt do dhuine éigin d'uais-
libh na Féinne, agus mo dhithin a bheith agam
féin da n-éis, agus dom' dhoigh ní'l rí ná flaith
'san domhan nach bhfuil a dhíol do mhnaoi agus do
spré ionnta, agus i n-oileán mara bhím, agus is
mé féin is triath agus is tighearna air.



6. “Agus is amhlaidh thárla dham an t-oiléan
sain d'fhagháil, an tan do bhí t'athair agus drong
d'Fhiannaibh Éireann maille leis ag gabháil
ceannuis na gcríoch agus ag tabhairt iarthair
an domhain fa smacht agus fá áird-chíos
d'fhearaibh Éireann, agus ag filleadh dhúinn
a-bhaile, d'éis an árid-chíosa sain a thabhach
go mbuadh-chosgar, thárla sinn 'san oileán i
mbím-se, agus do chomhnuigheamar tamall ann
do chur sgíosa agus anró dhínn, óir do thaitnigh
aer na háite linn. Agus is í comhairle do
chríochnuigheadh linn, mise d'fhágáil ag
coimeád na háite sin, maill leis an ionn-
mhas do thugamar as críochaibh imchiana an
domhain d'fhágáil i dtaisge agam fád'
chomhair-se, a Ghuill, nó go dtiocfadh aois agus
oribheart duit, óir ní rabhais acht i n-aois do
thrí mbliadhan an tan sain; agus níor bh'fhada
d'éis teacht' i nÉirinn dot' athair go bhfuair
sé bás, agus d'éirigh imreasán idir mhaithibh
Chonnacht timcheall ceannais na críche,
go ndeachaidh áitreabh an oileáin as a
gcuimhne, agus d'fhan agam-sa ó shin ale.”



7. Annsain do labhair Diarmaid Ó
Duibhne agus is é adubhairt, “An í sin dealbh agus
déanamh do bhí ort an uair sin? óir is
iongnadh liom triath nó tighearna 'san domhan
a thabhairt tuillmhe nó tuarastail dod'
leithéid d'ainmhidhe anchumtha, agus go háirithe rí
Chonnacht aga raibh iomad curadh agus caith-
mhíleadh ar a chumas fein, agus fós is iongnadh
liom seóide ná maoin, inis ná oileán
'san domhan d'fhágáil ar chumas aon duine
amháin, agus go háirithe ifreannach diablaidhe
mar thusa, agus sílim, má tá an inghean mar
dobheir tú tuaraig uirri, nach tusa a
hathair ná do mhach-samhla d'ainmhidhe.”



8. “Ná habair sin a mhic Uí Dhuibhne,” ar
Conán, “óir níor bh'fhéidir aon duine ins
an saoghal so do thogha dob'fhearr dho dhá
choimeád 'ná é, óir ní bheadh aige acht seasamh
i radharc an chuain, agus ní'l cabhlach ar bith
do chífeadh é nach rachadh le gealtaidheacht, le
sgeimhleadh agus le sgannradh roimh; acht i
gcás sgéithe d'iomchar dom athair-se na dom'
shean-athair, ní dhearna, agus fós níor chuir a chos
ar thalamh na hÉireann riamh gur andiu.
Gidheadh rachad-sa do'n luing, agus má tá an
t-oileán mar dobheir sé teist air, ata cuid
dá chomharthaidhibh 'san luin.”



9. Níor chuir an t-athach suim 'san bhfear
maol, acht d'fhreagair Diarmaid, agus adu-
bhairt, “Ní hamhlaidh tá, a Dhiarmaid,” ar
sé, “óir ní hí sin dealbh ná déanamh do bhí
orm-sa an uair sin, agus ní mó fágaidh im'
aonar 'san oileán mé, óir do fágadh naon-
bhar de ghliadhairidhibh glan-ghairgidheacha
gnímh-éachtacha im' fhocharir ann, agus fós do bhí
mé féin óg álainn il-dealbhach an tan sain,
agus gail gaisgeadh agus gníomhacht ionnam, gidheadh
níor thárla bean ag ao duine de''n deich-
neabhar acht agam-sa, agus is í comhairle
rinneadar eatorra sein feall a dhéanamh
orm-sa agus an bhean a bheith aca féin.



10. “Do críochnuigheadh an chomhairle sin
leó agus do cheapadar oidhche áirithe chum báis
d'imirt orm-sa agus is é gléas báis do
chuireadar orm, ionnus nach gráinfeadh
an bhean iad trém' bhás, .i. luibhe agus lusa
nimhe fuaradar 'san oileán d'ullmhughadh
dham, dobhéarfadh mo bhá amhail gur
bás do tháimh do-gheóbhainn. Do rinneadh
amhlaidh sin agus d'fhágadar an deoch nimhe ar
shlighe a hólta agam 'san gcorn as ar
ghnáthach liom deoch d'ól ar ndul a chodladh
dham.



11. “Do bhí an orn líonta ar thaobh na
leaptha 'san oidhche agus ibhim deoch as, agus ráinig


L. 170


dom mhnaoi gur ghabh rabhartas tarta í; agus
d'iarr an corn orm-sa, go n-ibheadh deoch
as, agus thugas-sa sain di. Cidh trácht, iar
n-ól na dighe dhúinn do chuaid ár gciall agus
ár gcéadfaidh uainn, ár neart agus ár mbrígh, agus
thuiteamar araon i dtaisibh agus i dtáimh-néa-
laibh báis agus buan-oidhidh; agus iar dteacht na
maidne, tháinig drong aca isteach d'fhéachain
an rabhas-sa marbh, nó cionnus do bhí
foidhidne na mná d'éis mo bháis, agus is amhlaidh
fuaradar sinn araon marbh. Téid gus an
muintir eile agus innsid sin doibh.



12. “Gabhaid annsin ag aithbhearadh a chéile
tre bhás na mná, agus tré feall do dhéanamh
orm-sa agus gan an bhean a bheith aca dá bharr.
Tháinig de sin gur ghabhadar ag tuargain a
chéile gur chomh-thuiteadar uile bonn le bonn
ar an láthair sin, agus ní raibhneach fir ná mná
beó 'san oileán acht an inghean atá agam-
sa do bhí i gcionn a cúig mbliadhan, agus mis
agus mo bhean do bhí i riocht buain-éaga báis.
Cidh trácht, do bhámar trí lá ar an ordughadh
sain, agus an inghean ag truaigh-éigheamh os ar
gcionn, agus i gcionn na ré sin tháinig moth-
ughadh anma ionnain agus luadhaill bheó inár
mballaibh, agus do thug an inghean biadh agus deoch
chugainn agus tháinig an riocht so orainn agus
atámaoid amhlaidh ó shin ale.”



13. “Maiseadh,” ar Diarmaid, “cionnus
do gheibh sibh biadh nó deoch agus gan 'san oileán
acht tú féin agus do bhean agus t'inghean?” “Atá
de mhéid toradh agus tábhacht an oileáin dá
mbeidís fir Éireann ann go bhfuighdís a
ndóithin bídh agus dighe ann,” ar an t-athach.
“Gidh maith a n-abair tú,” ar Diarmaid,
“ní mholaim féin dul ar th'ionntaoibh, ná
“do bhiadh ná do dheoch a bhlas, óir ní mheasaim
gur duine cóir thu, agus is í mo thuairim gur
tú fáth na haislinge do taisbéanadh tim-
cheall an chuain seo .i. oillphiast adhuathmhar,
óir ní hinneall duine atá ort.”



14. Dála Chonáin do chuaidh d'ionnsaighe na
luinge, agus ar rochtain ann do, d'éirigh do
léim lúthmhar lánéadtruim d'urlannaibh a
shleagh agus do chrannaibh a chraoiseach, gur ghabh
leithead a dhá bhonn d'urlár na luinge agus
téid síos innti, agus dob' álainn le n-a
fheicsin í, agus do bhí innti iomad do liagaibh
lán-tsoillseacha, agus do chlochaibh uaisle Tíre
na n-Inbhear n-Órdha, agus nídh dob'annsa le
Conán 'ná iad sain uile, mórán do bhiadhaibh
saora so-chaithmhe agus do dheochaibh so-bhlasta
so-óla, agus do ghabh ag tiomsughadh agus ag tachar
gacha deigh-bhídh dá bhfaca ann fa n-a dhícheall,
agus ar mbeith dho sáthach d'éirigh ar chorr tosaigh
na luinge agus do sgairt agus do liúgh ar Dhiar-
maid ar Osgar agus ar Gholl agus ar chách uile,
dá rádh leó teacht do'n luing, agus nach rabha-
dar i n-aon áit riamh dob' aoibhne, agus muna
dtiocfaidís go rachadh féin do'n tír ó
dtáinig an long sain, agus nár bh'fhearr leis
nídh dá dtiocfadh dhe 'ná olc agus imreasán.



15. D'éirigheadar an drong deagh-laoch
sain agus do thrialladar chum na luinge, agus Diar-
maid Ó Duibhne ag toirmeasg an turais
sin ortha, acht níor ghabhadar-san uaidh é, acht
triall rompa; agus iar ndul isteach dóibh'san
luing, dob' iongnadh leó an mhóir-éadáil do
fuaradar innti agus feabhas an bhídh agus na dighe
fuaradar rompa ann. Do chaitheadar a
leór-dhóithin do nua gach bídh agus do shean
gach dighe, agus do labhair Diarmaid agus is é
adubhairt, “Gidh carthanach tusa linn, a
óglaich, ní bhfuaramar fios th'anma uait
fós, ar son an chuiridh seo a thabhairt
dúinn.”



16. “Lomnochtán an tSléibhe Rinne
is ainm dam,” ar sé, “agus ó chríochaibh áille
na hAfraice dham.” “Dar mo chubhais,” ar
Diarmaid, “Is beag d'ár gcaraid-ne is na
críochaibh sin, óir is minic a thugamar ár agus
easbaidh orra, agus loisgeamar a ndúnta agus a
ndeagh-bhailte, agus is iongnadh liom aon a
theacht ón slios sain le sochar ná maitheas
dúinn.” Annsain thug Lomnachtán grian agus
éasga, muir agus tír, i gcoraigheacht agus i slán-
aigheacht gur bh'fhíor gach ndubhairt.



17. A haithle na mbriathar sain do thógadar
na seolta saidhbhre ró-áille, agus do bhíodar
ag taisteal na mara ró-anfaidh go ceann
naoi lá, agus i gcionn na ré sin do chonnacadar
tír thaitneamhach agus fosgadh álainn oileán
ar a gcomhair; agus téid i dtír ann, acht
Conán d'fhan 'san luing, óir níor bh'áil leis
an biadh agus an deoch shár-mhaith do bhí innti
d'fhágáil gan chaitheamh, agus adubhairt nach
fágfadh an long coidhche go n-íosadh agus go
n-ólfadh a raibh de bhiadh agus do dheoch innti;
agus tar éis a chuirp a líonadh, do thuit i
dtoirchim suain agus síor-chodlata.



(Tuilleadh).




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services