Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Iomrall Aithne.
Title
Iomrall Aithne.
Author(s)
Ua Laoghaire, Peadar,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1898
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Iomroll Aithne Tamall mór ó shoin, suas le trí fichid bliadhain ó shoin, bhí grásaeir beag ó Bhearra ag dul soir go Carraig an Droichid ar aonach. Bhí an oidhche ag teacht air, agus é ag déanamh síos ar shráid Mhagh-Chromdha. Níor mhór dó bheith ar pháirc an aonaigh ar éirghe lae ar maidin lár ar n-a bhárach a bhí chugainn, nó ní fhéadfadh sé a ghnó do dhéanamh. Baile-Mhúirne aniar iseadh tháinig sé. Nuair bhí sé ag gabháil Bóthar na Sop síos, bhí sé ag féachaint 'na thimcheall, féachaint cá bhfuigheadh sé lóisdín. Do taisbeánadh tigh deas cluthmhar compórdach
dó. Chuaidh sé isteach. Tugadh rud le n-ithe dhó, agus taisbeánadh a leabadh dhó. Nuair bhí a chuid caithte aige, agus é ag dul a chodladh, do ghlaodhuigh sé ar fhear an tighe. “A leithéid seo,” ar seisean, “a fhir an tighe, glaodhuigh orm uair a chlog roimh lá, mar ní mór dom bheith moch ag an aonach.” “Tá go maith,” arsa fear an tighe. “Chuaidh an grasaeir a chodladh, agus tar éis na siubhlóide, ba ghearr go raibh sé 'na shámh-chodladh. Ba ghearr gur bhuail isteach sa' tigh chéadna tincéir a bhí ag dul ar an aonach gcéadna, agus cá gcurfaidhe chum codlata é acht isteach sa' leabaidh chéadna 'n-a raibh an grásaeir 'n-a chodladh. Do dhúisigh an grásaeir, nuair fuair sé an duine ag teacht isteach sa' leabaidh chuige. Rinneadar roinnt cainte, i dtreó gur innis gach duine aco do'n duine eile cad a thug ann é, agus cár bh'as é, agus cá raibh a thriall ar maidin. “Dubhairt-sa le fear an tighe glaodhach orm uair a chlog roimh lá,” ars' an grásaeir, “mar ní mór dom bheith ag an aonach ana- mhoch.” “Dubhairt-sa leis gan glaodhach orm go headartha,” ars' an tincéir. Agus thuit a gcodladh ar an mbeirt. Bhí duine breoite sa' tigh ba ghoire do'n tigh sin, agus bhí an dochtúir d'éis teacht ghá fhéachaint um thráthnóna. Agus is é thuig an dochtúir 'n-a thaobh ná gur éagcruas a bhí air, agus nár bh'fhuláir a cheann do bhearradh. “Ní'l an chóir agam anois chum a bhearrtha,” ars' an dochtúir, “acht tiocfad isteach ar ball, agus bearrfad a cheann, agus tabharfaidh sin fionnfhuaradh breágh dhó.” D'imthigh an dochtúir, agus ní fada a chuaidh sé nuair a bhuail comhursa chreideamhnach uime. D'óladar braon. Nuair bhí an braon sain ólta aco, d'óladar braon eile. Ar ball do chuimhnigh an dochtúir air féin. “Ó! ar seisean, “tá fear bocht annso thuas i mBóthar na Shop, agus is eagal liom go bhfuil droich-nídh éigin air. Gheallas dul agus a cheann do bhearradh.” Tháinig sé agus an chóir aige, agus cá dtabharfadh sé a aghaidh acht isteach sa' tigh 'n-a raibh an grásaeir agus an tincéir ar lóisdín. Thárla gur bh'é an déanamh céadna agus an córughadh céadna a bhí ar an dá thigh laistigh ionnta. Thárla, leis, gur 'san ionad chéadna in gach tigh a bhí gach leabadh de'n dá leabaidh. Ní dhearna an dochtúir acht déanamh ceann ar aghaidh ar an leabaidh gcéadna, dar leis, 'n-a raibh sé 'n-a haice um thráthnóna roimhe sin. Bhí an bheirt 'n-a dtrom-chodladh. Bhí an tincéir ar cholbha, óir is é ba dhéidheanaighe tháinig. Bhain an dochtúir an t-éadach de cheann an tincéara agus tharraing chuige a chóir bhearrtha. Bhí an sobal go bog aige agus bhí an faobhar ar áilneacht aige. Ba ghearr go raibh plaosg an tincéara chomh lom chomh geal aige le h-uibh ghé. Níor thug sé fá ndeara an gráseir i n-aon chor. D'imthigh sé, acht ní a-bhaile chuaidh sé. Ghlaodhuigh sé go tigh an chúinne. Bhí fear an tighe sin agus é féin go mór le n-a chéile. D'ól sé braon annsain, braon foghanta. D'ól sé an dara braon ann. Do bhuail sé an droichead anonn, agus suas Sráid an Chaisleáin. Bhí dorus ar osgailt annsain roimhe, agus do bhuail sé isteach. Bhí muintir an tighe sin agus é féin, leis, go h-an-mhór le n-a chéile. D'ól sé braon annsain, agus an dara braon, agus dar ndóigh an tríomhadh braon. Chuir sé lámh 'n-a phóca. “Ó!” ar seisean, “tá a fhios ag an dtalamh gur fhágas mo bhosga úirleisí thall am' dhiaidh i mBóthar na Sop! Ní mór dom dul anonn láithreach ghá iarraidh.” Bhuail sé amach. Ní raibh sé ar meisge. Ní raibh i n-aon chor. Ní raibh blúire meisge air, blúire riamh. Bhí luasgadh beag sa' talamh fá n-a chosaibh. Acht má
bhí féin, ní h-air-sean a bhí sé. Tháinig sé go dtí an tigh, agus i bhfiadhnaise na leaptha. An bheirt a bhí sa' leabaidh, amh, bíodh go raibh an codladh go trom ortha, ní ro-shocair d'fhanadar, an fhaid a bhí an dochtúir amuigh uatha. Bhíodar ag iompódh agus ag únfairt go dtí go raibh an tincéir thíos i gcosaibh na leaptha, agus an grásaeir i n'aonar thuas. Do sheasaimh an dochtúir chomh maith agus d' fhéad sé seasamh, os cionn na leaptha, agus solus 'n-a láimh aige. D'fhéach sé ar cheann an ghrásaera, agus ní fhacais iongnadh ná alltracht riamh acht mar bhí air. Chuir sé a lámh ar ghruaig an duine, agus bhain sé bog- stathadh nó dhó aisti, acht níor dhúisigh sé an duine. “Seadh!” ar seisean. “Do bhuaidh sin ar a bhfeaca-sa riamh fós d'obair! Ní hiongnadh go raibh tinneas cinn agus speamh- raoidí ort, a fhir bhocht, agus a leithéid sin d'fhás gruaige do bheith as do cheann. Ní'l tar dá uair an chloig ó bhearras é chomh lom lem' bhais, agus sin cromadh go maith anois ar faid arís sa' ghruaig aige! Cad déarfaidh dochtúirí Corcaighe agus Baile-Átha-Cliath, nuair 'neósfar an sgéal so dhóibh! Sgríobhfad leabhar air. Beidh m'ainm i n-áirde. Agus mar dheimhniughadh ar an sgéal, bearrfad arís é agus coimeádfad an dá lomradh. Tá an chéad lomradh annso fós. Is maith nár chaitheas uaim é ó chianaibh.” Tharraing sé chuige an sobal agus an faobhar, agus do bhearr sé ceann an ghrásaera chomh lom chomh geal le ceann an tincéara. Níor glaodhadh ar an ngrásaeir chomh moch agus do gealladh dhó. Bhí solus an lae ann nuair do glaodhadh air. Ag teacht amach as an leabaidh dhó, do chonnaic sé plaosg lom an tincéara, agus do bhí iongnadh air. Acht bhí iomarca deithnis air chum puinn fiafraighthe do dhéanamh. Cheap sé, dar ndóigh, gurab amhlaidh bhí an tincéir maol riamh. Chuir sé uime chomh tiugh agus d'fhéad sé é, agus siúd chum siubhail é ar sodar, agus eagla air ná biadh sé i n-am chum an aonaigh. D'éirigh an ghrian. Bhí an mhaidin bro- thallach. Bhí sé ag cur na slighe dhe go géar. Tháinig tart air. Bhuail tobar breágh fíor-uisge uime ar leath-taoibh an bhothair. Chrom sé chum dighe ól. Chonnaic sé sgáth a chinn 'san uisge! Do léim sé 'n-a seasamh, agus siúd tar n-ais go Magh-Chromdha é, agus suas Bóthar na Sop, agus isteach sa' tigh i n-ar chodail sé. “Nach deas an obair í seo!” ar seisean le fear an tighe. “Caidí an obair?” arsa fear an tighe. “Gheallais go nglaodhfá moch ar an ngrásaeir!” “Do ghlaodhas chomh moch agus d'fhéadas glaodhach,” arsa fear an tighe. “Má 'seadh,” ars' an fear eile, “ní ar an ngrásaeir a ghlaodhais, acht ar an dtincéir!” NOTES. Iomroll, an old word meaning "confusion." Iomroll aithne, a case of mistaken identity. From iomroll the modern breall may be derived. Grásaeir, a jobber. Unfairt, rolling about, wallowing. Cromadh, 1/8 of a yard, a finger in length. Sobal, suds. Speamhraoidí, ravings. Peadar Ua Laoghaire.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services