Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Iomrall Aithne.

Title
Iomrall Aithne.
Author(s)
Ua Laoghaire, Peadar,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1898
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Iomroll Aithne



Tamall mór ó shoin, suas
le trí fichid bliadhain ó
shoin, bhí grásaeir beag ó
Bhearra ag dul soir go
Carraig an Droichid ar
aonach. Bhí an oidhche ag teacht air, agus é ag
déanamh síos ar shráid Mhagh-Chromdha. Níor
mhór dó bheith ar pháirc an aonaigh ar éirghe
lae ar maidin lár ar n-a bhárach a bhí
chugainn, nó ní fhéadfadh sé a ghnó do
dhéanamh. Baile-Mhúirne aniar iseadh
tháinig sé.



Nuair bhí sé ag gabháil Bóthar na Sop
síos, bhí sé ag féachaint 'na thimcheall,
féachaint cá bhfuigheadh sé lóisdín. Do
taisbeánadh tigh deas cluthmhar compórdach


L. 159


dó. Chuaidh sé isteach. Tugadh rud le n-ithe
dhó, agus taisbeánadh a leabadh dhó.



Nuair bhí a chuid caithte aige, agus é ag dul
a chodladh, do ghlaodhuigh sé ar fhear an tighe.



“A leithéid seo,” ar seisean, “a fhir an
tighe, glaodhuigh orm uair a chlog roimh lá,
mar ní mór dom bheith moch ag an aonach.”



“Tá go maith,” arsa fear an tighe.



“Chuaidh an grasaeir a chodladh, agus tar
éis na siubhlóide, ba ghearr go raibh sé 'na
shámh-chodladh.



Ba ghearr gur bhuail isteach sa' tigh
chéadna tincéir a bhí ag dul ar an aonach
gcéadna, agus cá gcurfaidhe chum codlata é
acht isteach sa' leabaidh chéadna 'n-a raibh
an grásaeir 'n-a chodladh. Do dhúisigh an
grásaeir, nuair fuair sé an duine ag
teacht isteach sa' leabaidh chuige. Rinneadar
roinnt cainte, i dtreó gur innis gach duine
aco do'n duine eile cad a thug ann é, agus
cár bh'as é, agus cá raibh a thriall ar maidin.



“Dubhairt-sa le fear an tighe glaodhach
orm uair a chlog roimh lá,” ars' an grásaeir,
“mar ní mór dom bheith ag an aonach ana-
mhoch.”



“Dubhairt-sa leis gan glaodhach orm go
headartha,” ars' an tincéir.



Agus thuit a gcodladh ar an mbeirt.



Bhí duine breoite sa' tigh ba ghoire do'n
tigh sin, agus bhí an dochtúir d'éis teacht ghá
fhéachaint um thráthnóna. Agus is é thuig
an dochtúir 'n-a thaobh ná gur éagcruas a
bhí air, agus nár bh'fhuláir a cheann do bhearradh.



“Ní'l an chóir agam anois chum a
bhearrtha,” ars' an dochtúir, “acht tiocfad
isteach ar ball, agus bearrfad a cheann, agus
tabharfaidh sin fionnfhuaradh breágh dhó.”



D'imthigh an dochtúir, agus ní fada a chuaidh
sé nuair a bhuail comhursa chreideamhnach
uime. D'óladar braon. Nuair bhí an
braon sain ólta aco, d'óladar braon eile.
Ar ball do chuimhnigh an dochtúir air féin.



“Ó! ar seisean, “tá fear bocht annso
thuas i mBóthar na Shop, agus is eagal liom go
bhfuil droich-nídh éigin air. Gheallas dul agus
a cheann do bhearradh.”



Tháinig sé agus an chóir aige, agus cá dtabharfadh
sé a aghaidh acht isteach sa' tigh 'n-a raibh an
grásaeir agus an tincéir ar lóisdín. Thárla
gur bh'é an déanamh céadna agus an córughadh
céadna a bhí ar an dá thigh laistigh ionnta.
Thárla, leis, gur 'san ionad chéadna in gach
tigh a bhí gach leabadh de'n dá leabaidh. Ní
dhearna an dochtúir acht déanamh ceann ar
aghaidh ar an leabaidh gcéadna, dar leis,
'n-a raibh sé 'n-a haice um thráthnóna
roimhe sin.



Bhí an bheirt 'n-a dtrom-chodladh. Bhí an
tincéir ar cholbha, óir is é ba dhéidheanaighe
tháinig.



Bhain an dochtúir an t-éadach de cheann
an tincéara agus tharraing chuige a chóir
bhearrtha. Bhí an sobal go bog aige agus bhí an
faobhar ar áilneacht aige. Ba ghearr go
raibh plaosg an tincéara chomh lom chomh
geal aige le h-uibh ghé. Níor thug sé fá
ndeara an gráseir i n-aon chor.



D'imthigh sé, acht ní a-bhaile chuaidh sé.
Ghlaodhuigh sé go tigh an chúinne. Bhí fear
an tighe sin agus é féin go mór le n-a chéile.
D'ól sé braon annsain, braon foghanta.
D'ól sé an dara braon ann. Do bhuail sé
an droichead anonn, agus suas Sráid an
Chaisleáin. Bhí dorus ar osgailt annsain
roimhe, agus do bhuail sé isteach. Bhí muintir
an tighe sin agus é féin, leis, go h-an-mhór le
n-a chéile. D'ól sé braon annsain, agus an
dara braon, agus dar ndóigh an tríomhadh
braon. Chuir sé lámh 'n-a phóca.



“Ó!” ar seisean, “tá a fhios ag an
dtalamh gur fhágas mo bhosga úirleisí thall
am' dhiaidh i mBóthar na Sop! Ní mór dom
dul anonn láithreach ghá iarraidh.”



Bhuail sé amach. Ní raibh sé ar meisge.
Ní raibh i n-aon chor. Ní raibh blúire
meisge air, blúire riamh. Bhí luasgadh
beag sa' talamh fá n-a chosaibh. Acht má


L. 160


bhí féin, ní h-air-sean a bhí sé. Tháinig sé
go dtí an tigh, agus i bhfiadhnaise na leaptha.



An bheirt a bhí sa' leabaidh, amh, bíodh go
raibh an codladh go trom ortha, ní ro-shocair
d'fhanadar, an fhaid a bhí an dochtúir amuigh
uatha. Bhíodar ag iompódh agus ag únfairt
go dtí go raibh an tincéir thíos i gcosaibh na
leaptha, agus an grásaeir i n'aonar
thuas.



Do sheasaimh an dochtúir chomh maith agus d'
fhéad sé seasamh, os cionn na leaptha, agus
solus 'n-a láimh aige. D'fhéach sé ar cheann
an ghrásaera, agus ní fhacais iongnadh ná
alltracht riamh acht mar bhí air. Chuir sé a
lámh ar ghruaig an duine, agus bhain sé bog-
stathadh nó dhó aisti, acht níor dhúisigh sé an
duine.



“Seadh!” ar seisean. “Do bhuaidh sin
ar a bhfeaca-sa riamh fós d'obair! Ní
hiongnadh go raibh tinneas cinn agus speamh-
raoidí ort, a fhir bhocht, agus a leithéid sin
d'fhás gruaige do bheith as do cheann. Ní'l
tar dá uair an chloig ó bhearras é chomh lom
lem' bhais, agus sin cromadh go maith anois ar
faid arís sa' ghruaig aige! Cad déarfaidh
dochtúirí Corcaighe agus Baile-Átha-Cliath,
nuair 'neósfar an sgéal so dhóibh!
Sgríobhfad leabhar air. Beidh m'ainm i
n-áirde. Agus mar dheimhniughadh ar an
sgéal, bearrfad arís é agus coimeádfad an
dá lomradh. Tá an chéad lomradh annso
fós. Is maith nár chaitheas uaim é ó chianaibh.”



Tharraing sé chuige an sobal agus an faobhar,
agus do bhearr sé ceann an ghrásaera chomh lom
chomh geal le ceann an tincéara.



Níor glaodhadh ar an ngrásaeir chomh moch
agus do gealladh dhó. Bhí solus an lae ann
nuair do glaodhadh air. Ag teacht amach as
an leabaidh dhó, do chonnaic sé plaosg lom
an tincéara, agus do bhí iongnadh air. Acht bhí
iomarca deithnis air chum puinn fiafraighthe
do dhéanamh. Cheap sé, dar ndóigh, gurab
amhlaidh bhí an tincéir maol riamh.



Chuir sé uime chomh tiugh agus d'fhéad sé é, agus
siúd chum siubhail é ar sodar, agus eagla air
ná biadh sé i n-am chum an aonaigh.



D'éirigh an ghrian. Bhí an mhaidin bro-
thallach. Bhí sé ag cur na slighe dhe go
géar. Tháinig tart air. Bhuail tobar
breágh fíor-uisge uime ar leath-taoibh an
bhothair. Chrom sé chum dighe ól. Chonnaic
sé sgáth a chinn 'san uisge!



Do léim sé 'n-a seasamh, agus siúd tar
n-ais go Magh-Chromdha é, agus suas Bóthar
na Sop, agus isteach sa' tigh i n-ar chodail sé.



“Nach deas an obair í seo!” ar seisean
le fear an tighe.



“Caidí an obair?” arsa fear an tighe.



“Gheallais go nglaodhfá moch ar an
ngrásaeir!”



“Do ghlaodhas chomh moch agus d'fhéadas
glaodhach,” arsa fear an tighe.



“Má 'seadh,” ars' an fear eile, “ní ar
an ngrásaeir a ghlaodhais, acht ar an
dtincéir!”



NOTES.
Iomroll, an old word meaning "confusion." Iomroll
aithne, a case of mistaken identity. From iomroll the
modern breall may be derived.
Grásaeir, a jobber.
Unfairt, rolling about, wallowing.
Cromadh, 1/8 of a yard, a finger in length.
Sobal, suds.
Speamhraoidí, ravings.



Peadar Ua Laoghaire.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services