Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Í go léir.
Title
Í go léir.
Author(s)
Ua Fodhlugha, Diarmuid,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1898
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Í go léir. Fear meadhón-aosda bhí 'na chomh- nuidhe i n'aonar i dtigh beag deas ceann-tuighe i ndeireadh an droch-shaoghail. Ní raibh tigh (= teach) ná treabh 'na chomhgar, agus ní raibh triall duine ná daonnaidhe air ó cheann 'ceann de'n bhlia- dhain, ná beann aige orrtha. Bhíodh sé moch déidheanach ag obair 's ag gnó go dícheal- lach dho féin, gan aon'ne ag cur chuige ná uaidh, agus níor bheag leis de chúram sain gan daoine eile bheith ag déanadh mearbhaill do. Badh mhaith an soláthraidhe chum a thighe bhig é, agus bhí a rian air, is ar thaobh na sgolb de'n tigh bhíodh an fuacht agus an braon. Ní ag brath ar chomhursain a bhíodh sé chum iasacht na háise oibre dh'fhagháil lá earraigh, ná chum toradh a ghardha beag do chur i dtaisge fá chomhair na doininne. Ní bhíodh de bhiadh aige i rith na bliadhna acht gach a dtéidheadh de mhin isteach i gcomhra bhí i leath-taoibh na teine aige. Líonadh sé an comhra amach go baic de mhin, uair sa bhliadhain, agus bhíodh a' baint aisti go dtí an taca sain arís. Thugadh an méid sin an bhliadhain isteach go cruinn do, gan fuigh-
leach, gan easnamh. Agus maidir le deoch, bhí fíor-uisge flúirseach. “Nach iad na breallóga iad sain a phósann!” adeireadh sé leis féin, “agus a chaitheann a saoghal 'na dhiaidh sin a' treabhadh an donais. Cás liom-sa é má bhím a' cothughadh inghine duine eile, agus bheith i dtaoibh lem' leath-dhóithin le n-ithe, b'fhéidir. Bhí mar sin aige nó gur ghabh sé isteach i dtigh comhursan lá áirithe, rud nár dhein (nach ndearna) sé riamh go dtí an lá sain. Am bídh a b'eadh é, agus bhí lucht an tighe go léir 'na suidhe chum cláir nuair chuaidh sé isteach, acht aon chailín amháin, agus ise ag obair 's ag gnó ar fuaid an tighe. Níor shamhluigh sé go bhfaca sé bean riamh nár chomh breágh cruthamhail í. D'fhiafraigh sé cia an chiall ná raibh an bhean óg ag caitheamh an bhídh. “Ní itheann sí sin aon- nídh,” ar siad-san. “Ní itheann, an eadh?” ar sé. “Faic na ngrás,” arsa duine acu. “Pioc ná blúire,” arsa duine eile. “Greim ná sgiobas ní théidheann laistigh d'á béal,” ar siad as béalaibh a chéile. “Ar mh'anam,” ar sé, “gur mhaith an bhean do dhuine bhocht í, agus gur breágh 'oirfeadh a leithéid damh-sa mar mhnaoi.” D'fhonn an sgeul a chiorrbhughadh, pósadh iad, líonadh an comhra de mhin le linn a bpósta, agus mhaireadar go síothach grádhach i bhfochair a chéile; eisean gnóthach ó mhaidin go hoidhche agus ag caitheamh na mine o ló go chéile ise ag coimeád an tighe, agus ag ullmhughadh na mine dho, acht gangreim dhá blas aici. “Nár mé an t-amadán ná raibh pósta le fada!” ar seisean i naigneadh féin, “acht b'fhéidir gur dheacair dham bean chomh maith agus chomh saoráideach fhagháil.” I gcionn leath-bhliadhna, dubhairt an bhean leis, nuair tháinig sé isteach go dtí n-a phroinn lá, “tá an mhin ithte,” ar sise. Phreab sé, “Í go léir?” ar sisean. “Í go léir,” ar sise. “An í go léir, arú?” ar sé. “Í go léir,” ars' an bhean; “ná fuilim 'á rádh leat?” “Í go leir, í go léir!” ar sé arís agus arís eile, agus in a raibh d'fhocal 'na bhéal as sain go tráthnóna. “Caidé an donas sain ort?” arsa fear a glaodhadh isteach. “Í go léir!” ar seisean, “í go léir!” “Caidé an mí-ádh 'imthigh ort?” ars 'an dara fear. “Í go léir!” ar seisean. “Tá sé as a mheabhair,” ar siad eatorra féin. Cuireadh sios ar an sagart. “Arú cad d'éirigh dhuit?” ars' an sagart. “Í go léir!” ar seisean, ag díriughadh a mhéire ar a mhnaoi. “Cad atá ar bun aige?” d'fhiaf- raigh an fagart. “Ní fheadramar,” do ráidh na fir; “sin a bhfuaramar-na de chunntas uaidh.” “Nach dall a leigeann sibh oraibh bheith!” ars an bhean. “Tá ceist oraibh im thaobh, tá sain. Cad do bheidheadh ar bun aige, dár ndóigh, acht í go léir — an mhaoin go léir, fhágaint agam-sa? Thuig- feadh sibh go maith é, dá mbeideadh sibh aon- nídh buaidhte no caillte leis.” Cailleadh an fear bocht, agus fuair an bhean “Í go léir.” Diarmuid O' Foghludha
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services