Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Í go léir.

Title
Í go léir.
Author(s)
Ua Fodhlugha, Diarmuid,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1898
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 157


Í go léir.



Fear meadhón-aosda bhí 'na chomh-
nuidhe i n'aonar i dtigh beag
deas ceann-tuighe i ndeireadh an
droch-shaoghail. Ní raibh tigh (=
teach) ná treabh 'na chomhgar,
agus ní raibh triall duine ná
daonnaidhe air ó cheann 'ceann de'n bhlia-
dhain, ná beann aige orrtha. Bhíodh sé moch
déidheanach ag obair 's ag gnó go dícheal-
lach dho féin, gan aon'ne ag cur chuige ná
uaidh, agus níor bheag leis de chúram sain
gan daoine eile bheith ag déanadh mearbhaill
do. Badh mhaith an soláthraidhe chum a thighe
bhig é, agus bhí a rian air, is ar thaobh na
sgolb de'n tigh bhíodh an fuacht agus an
braon. Ní ag brath ar chomhursain a bhíodh
sé chum iasacht na háise oibre dh'fhagháil lá
earraigh, ná chum toradh a ghardha beag do
chur i dtaisge fá chomhair na doininne.



Ní bhíodh de bhiadh aige i rith na bliadhna
acht gach a dtéidheadh de mhin isteach i gcomhra
bhí i leath-taoibh na teine aige. Líonadh sé
an comhra amach go baic de mhin, uair sa
bhliadhain, agus bhíodh a' baint aisti go dtí
an taca sain arís. Thugadh an méid sin an
bhliadhain isteach go cruinn do, gan fuigh-


L. 158


leach, gan easnamh. Agus maidir le deoch,
bhí fíor-uisge flúirseach. “Nach iad na
breallóga iad sain a phósann!” adeireadh
sé leis féin, “agus a chaitheann a saoghal
'na dhiaidh sin a' treabhadh an donais. Cás
liom-sa é má bhím a' cothughadh inghine duine
eile, agus bheith i dtaoibh lem' leath-dhóithin
le n-ithe, b'fhéidir.



Bhí mar sin aige nó gur ghabh sé isteach i
dtigh comhursan lá áirithe, rud nár dhein
(nach ndearna) sé riamh go dtí an lá sain.
Am bídh a b'eadh é, agus bhí lucht an tighe
go léir 'na suidhe chum cláir nuair chuaidh sé
isteach, acht aon chailín amháin, agus ise ag
obair 's ag gnó ar fuaid an tighe. Níor
shamhluigh sé go bhfaca sé bean riamh nár
chomh breágh cruthamhail í. D'fhiafraigh sé
cia an chiall ná raibh an bhean óg ag
caitheamh an bhídh. “Ní itheann sí sin aon-
nídh,” ar siad-san. “Ní itheann, an eadh?”
ar sé. “Faic na ngrás,” arsa duine acu.
“Pioc ná blúire,” arsa duine eile.
“Greim ná sgiobas ní théidheann laistigh
d'á béal,” ar siad as béalaibh a chéile.
“Ar mh'anam,” ar sé, “gur mhaith an bhean
do dhuine bhocht í, agus gur breágh 'oirfeadh
a leithéid damh-sa mar mhnaoi.” D'fhonn an
sgeul a chiorrbhughadh, pósadh iad, líonadh an
comhra de mhin le linn a bpósta, agus
mhaireadar go síothach grádhach i bhfochair a
chéile; eisean gnóthach ó mhaidin go hoidhche
agus ag caitheamh na mine o ló go chéile
ise ag coimeád an tighe, agus ag ullmhughadh
na mine dho, acht gangreim dhá blas aici.
“Nár mé an t-amadán ná raibh pósta le
fada!” ar seisean i naigneadh féin, “acht
b'fhéidir gur dheacair dham bean chomh maith
agus chomh saoráideach fhagháil.”



I gcionn leath-bhliadhna, dubhairt an bhean
leis, nuair tháinig sé isteach go dtí n-a
phroinn lá, “tá an mhin ithte,” ar sise.
Phreab sé, “Í go léir?” ar sisean. “Í
go léir,” ar sise. “An í go léir, arú?” ar
sé. “Í go léir,” ars' an bhean; “ná fuilim 'á
rádh leat?” “Í go leir, í go léir!” ar sé arís
agus arís eile, agus in a raibh d'fhocal 'na
bhéal as sain go tráthnóna. “Caidé an
donas sain ort?” arsa fear a glaodhadh
isteach. “Í go léir!” ar seisean, “í go
léir!” “Caidé an mí-ádh 'imthigh ort?” ars
'an dara fear. “Í go léir!” ar seisean.
“Tá sé as a mheabhair,” ar siad eatorra
féin. Cuireadh sios ar an sagart. “Arú
cad d'éirigh dhuit?” ars' an sagart. “Í go
léir!” ar seisean, ag díriughadh a mhéire ar
a mhnaoi. “Cad atá ar bun aige?” d'fhiaf-
raigh an fagart. “Ní fheadramar,” do
ráidh na fir; “sin a bhfuaramar-na de
chunntas uaidh.” “Nach dall a leigeann
sibh oraibh bheith!” ars an bhean. “Tá ceist
oraibh im thaobh, tá sain. Cad do bheidheadh
ar bun aige, dár ndóigh, acht í go léir — an
mhaoin go léir, fhágaint agam-sa? Thuig-
feadh sibh go maith é, dá mbeideadh sibh aon-
nídh buaidhte no caillte leis.” Cailleadh
an fear bocht, agus fuair an bhean “Í go
léir.”



Diarmuid O' Foghludha



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Website developed by Niall O'Leary Services