Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cumhachta na Cléire.
Title
Cumhachta na Cléire.
Author(s)
Laoide, Seosamh,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1898
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cumhachta na Cléire. Bhí bean mhuinteardha dhom anuas ó Chathair na Maighdine (Virginia City) am' fhiosrughadh, agus dubhairt sí liom go bhfuair Éireannach bás san áit sin tamall roimhe sin. Níor labhair sé focal Beurla riamh, agus an sagart d'ullmhuigh chum báis é — Éireannach ba eadh é — ní raibh focal Gae- dhilge aige. Nach brónach an sgeul, an duine bocht sin (agus go leor, leor, dá leithéid) do bheith ag fagháil bháis i bhfad ó n-a dhúthaigh agus ó'n áit gur fhoghluim sé teanga agus creideamh a shinnsear, agus nach raibh i gcumas an tsagairt do chuir an ola dhéidheanach air, aon fhocal do labhairt leis. Ná tóg orm labhairt mar so, mar ní bhaineann neithe de'n tsórt sin lem' ghnó, acht 'na dhiaidh sin agus uile, ní bhfuil aon rud is mó thabharfadh suaimhneas aignidh do dhuine, ar linn báis dó, ná labhairt leis san teanga do chualaidh sé ag a mháthair. Gríosuigh suas na sagairt, ní fheaca riamh fós aon cheist ná cúis do bheidheadh mar mhaithe le h-Éirinn, ag dul chum cinn ar foghnamh muna dtógfadh na sagairt idir lamha í. S. O'L.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services