Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cumhachta na Cléire.

Title
Cumhachta na Cléire.
Author(s)
Laoide, Seosamh,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1898
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 142


Cumhachta na Cléire.



Bhí bean mhuinteardha dhom anuas ó
Chathair na Maighdine (Virginia City) am'
fhiosrughadh, agus dubhairt sí liom go bhfuair
Éireannach bás san áit sin tamall roimhe
sin. Níor labhair sé focal Beurla riamh,
agus an sagart d'ullmhuigh chum báis é —
Éireannach ba eadh é — ní raibh focal Gae-
dhilge aige. Nach brónach an sgeul, an
duine bocht sin (agus go leor, leor, dá
leithéid) do bheith ag fagháil bháis i bhfad ó
n-a dhúthaigh agus ó'n áit gur fhoghluim sé
teanga agus creideamh a shinnsear, agus
nach raibh i gcumas an tsagairt do chuir an
ola dhéidheanach air, aon fhocal do labhairt
leis. Ná tóg orm labhairt mar so, mar ní
bhaineann neithe de'n tsórt sin lem' ghnó,
acht 'na dhiaidh sin agus uile, ní bhfuil aon
rud is mó thabharfadh suaimhneas aignidh do
dhuine, ar linn báis dó, ná labhairt leis
san teanga do chualaidh sé ag a mháthair.
Gríosuigh suas na sagairt, ní fheaca riamh
fós aon cheist ná cúis do bheidheadh mar
mhaithe le h-Éirinn, ag dul chum cinn ar
foghnamh muna dtógfadh na sagairt idir
lamha í.



S. O'L.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services