Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Tórramh an Bhairille.
Title
Tórramh an Bhairille.
Author(s)
Cúndún, Pádraig Piarais,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1897
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Tórramh an Bhairille. Pádraig Piarais Cúndún ro chan. 1. Sgeólfad teasdas ar shlóightibh Bhaile Mhacóda mhaiseamhail mhúinte, Treóin do chleachdas gach ló gan lagadh ortha ól gan cheasnadh gan chúinse,
Leomhanta lannmhar ceólmhar greannmhar comhachdach calma cungantach, 'S is mór an t-aiteas go deó bheith eatorra ar thórramh an bhairille 'dhiúgadh. 2. Stór ní taisgightheas leó, go dearbhtha; i n-ór ná i n-earradh ní chumhduighidh, Achd mór-chuid beath-uisge agus beóir i n-aisge gan speóir d'á sgaipeadh ar an dúthaigh. An d'reóil má thagann gan lón 'n-a spaga, do gheóbhaidh an casga gan chúntas, le hól gan bacadh go bórd na maidne, ar thórramh an bhairille 'dhiúgadh. 3. Fó n-a dtearmainn deónach tarraingid fóirne dalla gan súile, 'S is leór do bhacaigh gan treóir, go tapaidh 'n-a ndóid gan bata go siubhlaid. Ní'l stróinse dealbh ó'n gCóbh go Caiseal, ná fás i bhfearanntas Dubhagain, Nach seoltar sealad 'n-a gcomhair i dtigh 'n tabhairne ar thórramh an bhairille 'dhiúgadh. 4. 'Sé an nós do chleachdaid le próinn an eadartha — dóirse ar leathadh gan dúnadh; Bíonn dóthain seachdmhaine ag cóbaigh aca ar bórd, is bainne 'n-a shrúllaibh. Is dóigh le Gallaibh gur fó-bhrúid chatha, nó tórman bagartha Lunndain Gach geóin d'á gcanaid, 's gach spórt d'á leanaid, ar thórramh an bhairille 'dhiúgadh. 5. 'Sé lóchrann lasamhail Fódla, Baile- Mhacóda, cabhair 'n-a cumhgach, Flós na Banba, rós na rabairne, seól- tsruith bailte na Mhumhnach. A shórt ní'l againn i gcló 's i ngairm, i n-eólas, eagna, is iomchar, Noch d'fhóireas galair le dórd a n-amhar, ar thórramh an bhairille 'dhiúgadh. 6. Tálaid cearca na háite bleachda níos feárr go fada 'ná bólachd; Fásann meacain ar bhláth an aitinn; bíonn rás ag barcaidbh ar bhóithribh; Bíonn álta banbh de ghnáth ag lachain; bíonn báire ag asail i gcomhairthibh, Agus dánta ag gabhair d'á ngabháil i n-eagar, le grádh do Bhaile-Mhacóda. Tagra. I dtosach an chéid seo do mhair Pádraig Piarais i bparóisde Baile-Mhacóda i gConndae Chorcaighe. D'imigh 'na dhiaidh sin go Sasana Nua, an áit ar sgríobh an dán “Slán cuirim libh” sa' bhliadhain 1834. 1. Sgeólfad .i. inneósad mar sgéal. Cúinse .i. cumhaingse .i. cumhgach nó cosg. Tórramh an bhairille (do) dhiúgadh .i. Cruinniughadh daoine ar bhás an bhairille, fá mar bhiadh ar bhás duine nó ar thórramh duine, agus gurab é is bás do'n bhairille é 'dhiúgadh. 2. I n-ór ná i n-earradh ní chumhduighid .i. ní dhéanaid cumhdach no cnuasach i n-ór ná i n-ollmhaitheas. Gan speóir .i. gan imnidhe nó cumha i n-a dhiaidh. Ionann speóir agus spéir. 'Na spaga .i. agus é i n-a chorp gan lúth. Casga .i. bairille. Go bórd na maidne .i. go mbeidh sé 'n-a lá acht fíor-bheag. 3. Is é eagar na ceud líne i gcaint sgurtha, “tar- raingid fóirne (.i. bruidhne) dalla gan súile go deónach (.i. go toileamhail) fó n-a dtearmainn.” 4. Próinn .i. proinn nó méile. Cóbaigh .i. luchd siubhail, stróinsí, daoine bhíos ag imtheachd 'n-a “gcóib” ó áit go háit. Ionann cóib agus buidhean acht gur focal tarcaisne é. Fó-bhrúid chatha .i. an fothram is gnáthach ann roimh cath. Acht is tuairim linn gur “fuabairt” nó “fóbairt” chatha an ceart .i. tionn- sgnamh nó ionnsaighe ar chath do dhéanamh. Tórman bagartha lunndain .i. tórman nó gleó mór chum eagla do chur ar mhuintir Lunndain. Geoin .i. fothrom sluigh mhóir agus iad ag caint agus ag gáire. 5. Flós, Laidean é seo. Rós na rabairne .i. rogha na mbailte ar féile agus ar fairsinge. Sruith .i. duine triathamhail árd-chéimeach, ceannphort nó taoiseach; séol-tsruith .i. sruith shéalas cách; seol-tsruith bailte na Mumhnach .i. ceann grinn agus aoibhnis os cionn bailte na Mumhan uile. Dord a n-amhar .i. binn-ghuth a n-amhrán. 6. Comhairthe .i. dála comhair, rásaidhe capall. Fuaras an dán so i sgríbhinn ata fá sheilbh Mhichíl Uasail Mhic Gearailt i mBaile Cinn-fhaoladh i n-aice le Baile Mhacóda.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services