Leomhanta lannmhar ceólmhar greannmhar
comhachdach calma cungantach,
'S is mór an t-aiteas go deó bheith eatorra
ar thórramh an bhairille 'dhiúgadh.
2. Stór ní taisgightheas leó, go dearbhtha; i
n-ór ná i n-earradh ní chumhduighidh,
Achd mór-chuid beath-uisge agus beóir i n-aisge
gan speóir d'á sgaipeadh ar an
dúthaigh.
An d'reóil má thagann gan lón 'n-a spaga,
do gheóbhaidh an casga gan chúntas,
le hól gan bacadh go bórd na maidne, ar
thórramh an bhairille 'dhiúgadh.
3.
Fó n-a dtearmainn deónach tarraingid
fóirne dalla gan súile,
'S is leór do bhacaigh gan treóir, go tapaidh
'n-a ndóid gan bata go siubhlaid.
Ní'l stróinse dealbh ó'n gCóbh go Caiseal,
ná fás i bhfearanntas Dubhagain,
Nach seoltar sealad 'n-a gcomhair i dtigh
'n tabhairne ar thórramh an bhairille
'dhiúgadh.
4.
'Sé an nós do chleachdaid le próinn an
eadartha — dóirse ar leathadh gan
dúnadh;
Bíonn dóthain seachdmhaine ag cóbaigh aca
ar bórd, is bainne 'n-a shrúllaibh.
Is dóigh le Gallaibh gur fó-bhrúid chatha, nó
tórman bagartha Lunndain
Gach geóin d'á gcanaid, 's gach spórt d'á
leanaid, ar thórramh an bhairille
'dhiúgadh.
5.
'Sé lóchrann lasamhail Fódla, Baile-
Mhacóda, cabhair 'n-a cumhgach,
Flós na Banba, rós na rabairne, seól-
tsruith bailte na Mhumhnach.
A shórt ní'l againn i gcló 's i ngairm, i
n-eólas, eagna, is iomchar,
Noch d'fhóireas galair le dórd a n-amhar,
ar thórramh an bhairille 'dhiúgadh.
6.
Tálaid cearca na háite bleachda níos
feárr go fada 'ná bólachd;
Fásann meacain ar bhláth an aitinn; bíonn
rás ag barcaidbh ar bhóithribh;
Bíonn álta banbh de ghnáth ag lachain;
bíonn báire ag asail i gcomhairthibh,
Agus dánta ag gabhair d'á ngabháil i
n-eagar, le grádh do Bhaile-Mhacóda.
Tagra.
I dtosach an chéid seo do mhair Pádraig Piarais i
bparóisde Baile-Mhacóda i gConndae Chorcaighe.
D'imigh 'na dhiaidh sin go Sasana Nua, an áit ar
sgríobh an dán “Slán cuirim libh” sa' bhliadhain 1834.
1. Sgeólfad .i. inneósad mar sgéal. Cúinse .i.
cumhaingse .i. cumhgach nó cosg. Tórramh an bhairille
(do) dhiúgadh .i. Cruinniughadh daoine ar bhás an
bhairille, fá mar bhiadh ar bhás duine nó ar thórramh
duine, agus gurab é is bás do'n bhairille é 'dhiúgadh.
2. I n-ór ná i n-earradh ní chumhduighid .i. ní dhéanaid
cumhdach no cnuasach i n-ór ná i n-ollmhaitheas. Gan
speóir .i. gan imnidhe nó cumha i n-a dhiaidh. Ionann
speóir agus spéir. 'Na spaga .i. agus é i n-a chorp gan
lúth. Casga .i. bairille. Go bórd na maidne .i. go
mbeidh sé 'n-a lá acht fíor-bheag.
3.
Is é eagar na ceud líne i gcaint sgurtha, “tar-
raingid fóirne (.i. bruidhne) dalla gan súile go
deónach (.i. go toileamhail) fó n-a dtearmainn.”
4.
Próinn .i. proinn nó méile. Cóbaigh .i. luchd
siubhail, stróinsí, daoine bhíos ag imtheachd 'n-a
“gcóib” ó áit go háit. Ionann cóib agus buidhean acht
gur focal tarcaisne é. Fó-bhrúid chatha .i. an fothram
is gnáthach ann roimh cath. Acht is tuairim linn gur
“fuabairt” nó “fóbairt” chatha an ceart .i. tionn-
sgnamh nó ionnsaighe ar chath do dhéanamh. Tórman
bagartha lunndain .i. tórman nó gleó mór chum
eagla do chur ar mhuintir Lunndain. Geoin .i. fothrom
sluigh mhóir agus iad ag caint agus ag gáire.
5.
Flós, Laidean é seo. Rós na rabairne .i. rogha
na mbailte ar féile agus ar fairsinge. Sruith .i. duine
triathamhail árd-chéimeach, ceannphort nó taoiseach;
séol-tsruith .i. sruith shéalas cách; seol-tsruith bailte
na Mumhnach .i. ceann grinn agus aoibhnis os cionn bailte
na Mumhan uile. Dord a n-amhar .i. binn-ghuth a
n-amhrán.
6. Comhairthe .i. dála comhair, rásaidhe capall.
Fuaras an dán so i sgríbhinn ata fá sheilbh Mhichíl
Uasail Mhic Gearailt i mBaile Cinn-fhaoladh i
n-aice le Baile Mhacóda.