Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Mód Gaedhealach.
Title
An Mód Gaedhealach.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1897
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Mód Gaedhealach. An cúigeadh lá deug de mhí Mheadhóin an Fhoghmhair tionóladh an seiseadh Mód i n-Inbhear Nis. B'é sin an cheud uair tháinig luchd cosanta na Gaedhilge i nEirinn agus i nAlbain d'aon láthair os comhair na coitcheanntachta. Do chuir Connradh na Gaedhilge Pádraig Mac Cathmhaoil, an leabhróir, agus Eoin Mac Neill, fear eagair an Irisleabhair seo, ar an teachdaireachd so go hAlbain. Do cuireadh fós ann E.E. Fournier mar theach- daire ó 'n bhFeis Ceoil. Do cuireadh ó n-a Breathnachaibh a mbárd féin, J.T.H. Thomas. Tosuigheadh obair an Mhóid 'san Halla Ceoil ar a deich a chlog ar maidin. Is é ba cheannphort do'n choimhthionól Tear- lach Mac-an-Tóisich, L.L.D., árd-uach- darán an chumainn Ghaedhealaigh. Tar a éis dó an óráid tionnsganta do thabhairt, do ghlaoidh sé ar na teachdairíbh. Do léigheadar so na dileagartha thugadar leo, agus rinne gach fear beagán cainte uaidh féin. Gaedhilg do bhí ins an dá dhileagra ó Eirinn, mar ba dhual. Ní'l dileagra na Feise Ceoil ar láimh againn. Dá mbiodh, do chuirfimís i gclo go toileamhail é. Is é seo dileagra Connartha na Gaedhilge mar leanas:- Dileagra DO LUCHD RIARTHA AN MHOID GHAEDHEALAIGH O LUCHD RIARTHA CONNARTHA NA GAEDHILGE AGUS AN OIREACHDAIS I N-EIRINN. Má tá dhá chineadh ar dhruim an dom- hain d'ar cóir cáirdeas agus ceangal dlúth bheith eatorra, is iad Gaedhil na hEireann agus Gaedhil na hAlban. Dá n-abradh neach an meud sin sa' tríomhadh ceud bliadhan roimhe seo, chuir- feadh an rádh iongantas mór ar na daoinibh go léir. Budh chuma é, dar leo, no a rádh gur chóir do chloinn ar aon mháthar bheith ceanamhail ar a chéile. Ní he sin e amháin, acht is cóir dhúinn aon rún agus aon intinn amháin do bheith againn leith ar leith i dtaobh na neithe bhaineas leis an dá chraoibh mhóra so de “Chineadh Scuit” go coitcheann. O'n cheud lá cuireadh rioghachd na hAlban ar bun, anuas go dti dhá cheud bliadhan ó shoin, ní raibh cineadh sa' domhan chomh teann meanmnach árd-aig- eanta muinighneach asta féin leis an gcineadh Ghaedhealach. D'a chomhartha sin féin, ní raibh aon chineadh is mó chuir spéis agus suim ina dteangaidh ná ina litridheachd ná iad. Ní raibh 'san Eoraip teanga ná litridheachd fuair oiread de
chúram agus de chothughadh agus de chaon-duthrachd ó n-a haos dána féin le teangaidh agus litridheachd na nGadheal ar feadh na haimsire sin. Acht is corrach an nidh an saoghal so. Thionntuigh an roth, agus na daoine agus an teanga bhi le ceudtaibh bliadhan fa airdchéim agus fa anóir, thuiteadar anuas go faon, agus fágadh le haimsir fhada fa smál agus fa dhearmad iad. Ta an roth ag gabháil timcheall arís. “Tháinig anam i nEirinn.” Tá an smaoin- eadh so ag dul i meud agus i dtreise ag muintir na hEireann ó ló go ló, gur mór an náire dhóibh, mur dtugaidh siad gan mhoill fá n-a gclú féin, a n-ainm, a dteanga, a litridheachd, a gceol, agus gach nid eile bhi fa mheas ag a sinsearaibh, do chosaint agus do choimhead ar bhás agus ar bhaoghal go deo. 'Sa teangaidh dhuthchais is eadh mhaireas anam an chinidh. Ma cailltear an teanga, cailltear an t-anam. Buidheachas mór le Dia, tá an teanga Ghaedhealach chomh beo brioghmhar againn i nEirinn as bhi si riamh. Thréig a lán i, acht nior tréigeadh ar fad i, agus an mhuintir lean di, leanadar fós d'a brigh agus d'a blas. An rún agus an intinn seo atá againn i nEirinn, ni 'l amhras againn nach bhfuil siad agaibhse i nAlbain chomh maith ceudna. Tuigimid an meud sin leis an gcuireadh chairdeamhail seo fuaramar uaibh. Beirimid beannachd chugaibh ó Eirinn, an bheannachd Ghaedhealach sin is binne agus is dílse agus is cumhachdaighe de bheannachdaibh an domhain. Go mbuad- haidh Dia libh! Tabhartha fa n-a láimh-ne ar son Connartha na Gaedhilge. Eoin MacNéill, fear eagair Irisleabhair na Gaedhilge. Padraic Mac Cathmhaoil. An 14adh lá de Mheadhón Fhoghmhair, 1897. Tosuigheadh annsin ag tabhairt breith- eamhnais ins na comórtasaibh. Bhi tri cinéil díobh ann, ceol, léughthóireachd, agus litridheachd. Ní'l de shlighe againn annso leir-chunntas do chur sios ar na comortasaibh. Ní chualamar agus ni fhacamar dadamh de'n litridheachd, acht thaitin na ceolta agus na leigheachda go mór linn. Nuair bhí an Ghaedhilg Albanach d'a leughadh, thugamar fa deara go raibh eidir-dhealughadh mor idir i agus ar gcanamhaint féin; acht nuair cuireadh guth léi sa' cheol, níor shamhluigh sí bheith chomh neamh-chosmhail le Gaedhilg na hEireann. Cuireadh stad ar an obair, ar feadh dha uair sa mleadhón lae. Thug uachdarán an Mhóid cuireadh d'a raibh i láthair, idir breitheamhain, luchd comórtais, luchd riar- tha an Mhóid, teachdairí,a gus sluagh mór nach iad, fa theachd 'na dháil féin go Loch Airdill, atá tuairim agus míle ó'n mbaile mór, an áit i n-a fearadh fáilte agus féile go fairsing flaitheamhail rompa. Bhi uain againn annsin ar bheith ag caint le chéile. Chuir se iongnadh mor orainn an meud eolais do bhi ag cuid aca ar Ghaedhilg na hEireann agus ar cheol na hEireann. Is iomdha fear ann do bhí ag ceannach an Irisleabhair seo, agus 'ga leughadh gach uile mhi. Níor stadadar riamh ag cur ceasd orainn i dtaobh na Gaedhilge, agus i dtaobh mar bhi an saoghal ag éirghe léi i nEirinn. Bhi dha cheud no trí cheud duine againn ar fhaithche an tighe moir. Bhi cóisdí ar tuarasdal ag an righ-fhear Mac- an-Tóisich, 'g-ar n-iomchur o'n mbaile mor amach agus ar ais. Píobairí ag seinnm ceoil dúinn, dream de'n aos óg ag gabhail abhrán, agus “taitneamh na gréine orainn, aosda is og,” an fhaid do bhiomar ag taisdeal na mbóthar agus na sráid; agus an baile mor amuigh ag feuchaint orainn. Bhi cuirm cheoil ann um thráthnóna. Bhí Tighearna Lobhait, taoiseach Cloinne Fraiseir (ni'l a fhios againn an bhfuil na hanmanna so 'na gceart againn), ag riaghlughadh na cuirme mar uachdarán. Fear óg dathamhail bhi ann, agus é gleusta sa' mbreacán, eudach dúthchais na nGaed- heal Albanach, mar bhí urmhór na ndaoine uaisle eile do bhí i láthair. Na daoine rug buaidh in gach comórtas ceoil ar maidin, bhíodar ag gabháil an cheoil cheudna dhúinn sa' tráthnóna. I gcaitheadh an lae sin ar fad níor gabhadh acht abhrain
Ghaedhilge, acht amháin duan na Bain- rioghna i ndeireadh na dála. Do casadh orainn i rith an lae, gan tráchd ar ar ainmnigheamar cheana, na daoine uaisle seo leanas: Ian mac Aodha, ó Hereford i Sasanaibh, fear fíor-Ghaed- healach gan fiar gan cam; lámh cho- thuighthe na Gaedhilge 'n-a thír féin, agus ni hannamh thug se congnamh do chúis na Gaedhilge i nEirinn; Eanraic Mac 'Ille- bháin, ar a dtugthar “Fionn” mar chomh- ainm, litridhe leigheannta i nGaedhilg na hAlban; a dhearbhráthair-sean, Ian Mac 'Ille-bháin, chomhnuidheas i nInbhear-Nis; an t-uasal urramach Tomás Sinton; Ian Mac Aodha, fear eagair an Celtic Monthly i nGlaschu; Ian Mac-an-Tóisich, fear dlighidh, ba rúnaidhe do'n Mhód; Calum Mac Phartholáin, sgribhneoir Gaedhilge; A.S. Mac Giolla-brighde; Alasdair Mac- Bain, fear sgríobhtha an tSanasáin Albanaigh; Alasdair Mac Coinnich, fear eagair do'n Scottish Highlander; fear eagair an Highland News i nInbhear-Nis; an major A.C. MacCoinnich, ó Maryburgh, etc. Bíthear 'ga mheas i nEirinn, ag corr- dhuine go háirithe, go bhfuil aigneadh dúr doicheallach ag an urmhór de luchd leighin na Gaedhilge i nAlbain i dtaobh Gaedhilge na hEireann agus i dtaobh luchd léighinn na hEireann. Tig linn a rádh nár airigheamar a bheag ná a mhór de'n aigneadh sin ag aon duine d'a ndubhra- mar thuas ná ag aon Albanach eile. Tá dóchas láidir againn go bhfeicfimid iad go leir 'n-ar measg i nEirinn, an cheud uair eile bhias an tOireachtas d'a thionol againn, no uair éigin eile, muna féidir sin. Ó bhi teachdaire ann o'n bhFeis Ceoil, agus fear fiúntach geur-chúiseach dob' eadh e fein, ní fuláir go mbeidh a fhios feasda ag luchd stiurtha na hoibre sin nach gceadóchadh na hAlbanaigh oiread agus aon abhrán amháin do ghabháil tre Bheurla, acht duan na Bainríoghna nach bhfuil atharruighthe go Gaedhilg aca go foill is dócha. Da dtugadh muintir na Feise leath na n-abhrán dúinn i nGaedhilg, nior mhór linn dóibh an leath eile, agus duan na Bainríoghna 'na gceann, do thabhairt do'n dream atá gan dúil sa' Ghaedhilg. Ni maoidhte do mhuinntir na hAlban ar a shon sin. D'airigheamar cuid mhór aca idir uasal agus íseal ag labhairt Gaedhilge le 'chéile, acht nior leig a leisge d'aon fhear aca Gaedhilg do labhairt ar an sgálán os comhair cáich. Chuir seo iongnadh mór orainn. Is ar éigin is féidir teanga do chur fa mheas ag an gcoitcheanntacht ar aon tslighe is fearr ná a labhairt os ard os comhair na coitcheanntachta, go mór mhór má' 's iad luchd an eudaigh chaoil a labhras i. Tuigimid-ne an sgeul sin go maith i nEirinn, agus ní stadfamaoid choidhche acht ag gearán agus ag geur- chasaoid, chomhfhad a's leantar de'n nós so ag síor labhairt Beurla amháin os comhair an phobail i n-áit ar bith i n-a bhfuil Gaedhilg ag na daoinibh. Má stríocamaoid fein do'n Bheurla os comhair an tsaoghail, is fánach an obair dhúinn bheith 'gá iarraidh ar na daoinibh gan stríocadh dho sa' bhaile, ar sgoil, ar aonach, nó cíbé obair ar a mbíd. Acht ta intinn na nGaedheal d'a neartughadh le tamall, agus i gceann tamaill eile, le congnamh Dé, ní bheidh leisge ar aon-duine fá chúl do thabhairt le n-a shamhail sin de dhroch-nós lag-mheasach, daor-chroidheach meata mí- fhearamhaíl. Níor mhaith linn comórtas do thógáil idir Thadhg agus Domhnall, acht ni fheud- famaoid an sgeul do sgaoileadh tharainn gan tráchd ar bhuaidh amháin atá ag an mbuidhin thall orainn féin, .i. tuilleadh litridheachd bheith fa chló aca de'n chineál is oireamhnaighe mar adhbhar léighte do 'n choitcheanntachd. Fuaramar tri leabhair Ghaedhilge atá tar eis a gclóbhuailte i nAlbain, agus nior fheudamar gan a rádh linn féin gur mór a náire agus a thruaighe dhúinn gan a samhail do bheith againn i nEirinn. “How to read Gaelic” dob' ainm do cheann aca. Ian Mac 'Ille-bháin agus Alasdair MacBain do chuir i n-eagar é. Dá mbíodh a leitheid de leabhrán againn- ne ni bhiadh le deunamh againn acht a chur i láimh Gaedhilgeora, agus an chúis d'fhágáil faoi féin uaidh sin amach. “Leabhar na Ceilidh(e)” is ainm do'n dara leabhar. Eanraic Mac 'Ille-bháin do dheasuigh é. Sgeulta gearra grinn agus abhráin agus dánta atá ann.
“Sgeulta Arabiánacha” (The Arabian Nights) an treas leabhar. Ni'l aon cheann aca ro-mhór ná ró-dhaor, agus ni'l ionnta acht Gaedhilg na ndaoine. Cia sgríobhfas nó dheasóchas dúinn roinnt leabhar Eireannach mar iad?
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services