An Mód Gaedhealach.
An cúigeadh lá deug de mhí Mheadhóin
an Fhoghmhair tionóladh an seiseadh Mód
i n-Inbhear Nis. B'é sin an cheud uair
tháinig luchd cosanta na Gaedhilge i
nEirinn agus i nAlbain d'aon láthair os
comhair na coitcheanntachta. Do chuir
Connradh na Gaedhilge Pádraig Mac
Cathmhaoil, an leabhróir, agus Eoin Mac
Neill, fear eagair an Irisleabhair seo, ar
an teachdaireachd so go hAlbain. Do
cuireadh fós ann E.E. Fournier mar theach-
daire ó 'n bhFeis Ceoil. Do cuireadh ó
n-a Breathnachaibh a mbárd féin, J.T.H.
Thomas.
Tosuigheadh obair an Mhóid 'san Halla
Ceoil ar a deich a chlog ar maidin. Is é
ba cheannphort do'n choimhthionól Tear-
lach Mac-an-Tóisich, L.L.D., árd-uach-
darán an chumainn Ghaedhealaigh. Tar
a éis dó an óráid tionnsganta do thabhairt,
do ghlaoidh sé ar na teachdairíbh. Do
léigheadar so na dileagartha thugadar leo,
agus rinne gach fear beagán cainte uaidh
féin. Gaedhilg do bhí ins an dá dhileagra
ó Eirinn, mar ba dhual. Ní'l dileagra na
Feise Ceoil ar láimh againn. Dá mbiodh,
do chuirfimís i gclo go toileamhail é. Is
é seo dileagra Connartha na Gaedhilge
mar leanas:-
Dileagra
DO LUCHD RIARTHA AN MHOID
GHAEDHEALAIGH O LUCHD RIARTHA
CONNARTHA NA GAEDHILGE AGUS AN
OIREACHDAIS I N-EIRINN.
Má tá dhá chineadh ar dhruim an dom-
hain d'ar cóir cáirdeas agus ceangal dlúth
bheith eatorra, is iad Gaedhil na hEireann
agus Gaedhil na hAlban.
Dá n-abradh neach an meud sin sa'
tríomhadh ceud bliadhan roimhe seo, chuir-
feadh an rádh iongantas mór ar na daoinibh
go léir. Budh chuma é, dar leo, no a rádh
gur chóir do chloinn ar aon mháthar
bheith ceanamhail ar a chéile.
Ní he sin e amháin, acht is cóir dhúinn
aon rún agus aon intinn amháin do bheith
againn leith ar leith i dtaobh na neithe
bhaineas leis an dá chraoibh mhóra so de
“Chineadh Scuit” go coitcheann.
O'n cheud lá cuireadh rioghachd na
hAlban ar bun, anuas go dti dhá cheud
bliadhan ó shoin, ní raibh cineadh sa'
domhan chomh teann meanmnach árd-aig-
eanta muinighneach asta féin leis an
gcineadh Ghaedhealach. D'a chomhartha
sin féin, ní raibh aon chineadh is mó chuir
spéis agus suim ina dteangaidh ná ina
litridheachd ná iad. Ní raibh 'san Eoraip
teanga ná litridheachd fuair oiread de
chúram agus de chothughadh agus de
chaon-duthrachd ó n-a haos dána féin le
teangaidh agus litridheachd na nGadheal
ar feadh na haimsire sin.
Acht is corrach an nidh an saoghal so.
Thionntuigh an roth, agus na daoine agus
an teanga bhi le ceudtaibh bliadhan fa
airdchéim agus fa anóir, thuiteadar anuas
go faon, agus fágadh le haimsir fhada fa
smál agus fa dhearmad iad.
Ta an roth ag gabháil timcheall arís.
“Tháinig anam i nEirinn.” Tá an smaoin-
eadh so ag dul i meud agus i dtreise ag
muintir na hEireann ó ló go ló, gur mór an
náire dhóibh, mur dtugaidh siad gan
mhoill fá n-a gclú féin, a n-ainm, a dteanga,
a litridheachd, a gceol, agus gach nid eile
bhi fa mheas ag a sinsearaibh, do chosaint
agus do choimhead ar bhás agus ar
bhaoghal go deo.
'Sa teangaidh dhuthchais is eadh
mhaireas anam an chinidh. Ma cailltear
an teanga, cailltear an t-anam.
Buidheachas mór le Dia, tá an teanga
Ghaedhealach chomh beo brioghmhar
againn i nEirinn as bhi si riamh. Thréig
a lán i, acht nior tréigeadh ar fad i, agus
an mhuintir lean di, leanadar fós d'a brigh
agus d'a blas.
An rún agus an intinn seo atá againn i
nEirinn, ni 'l amhras againn nach bhfuil
siad agaibhse i nAlbain chomh maith
ceudna. Tuigimid an meud sin leis an
gcuireadh chairdeamhail seo fuaramar
uaibh.
Beirimid beannachd chugaibh ó Eirinn,
an bheannachd Ghaedhealach sin is binne
agus is dílse agus is cumhachdaighe de
bheannachdaibh an domhain. Go mbuad-
haidh Dia libh!
Tabhartha fa n-a láimh-ne ar son
Connartha na Gaedhilge.
Eoin MacNéill, fear eagair Irisleabhair
na Gaedhilge.
Padraic Mac Cathmhaoil.
An 14adh lá de Mheadhón Fhoghmhair,
1897.
Tosuigheadh annsin ag tabhairt breith-
eamhnais ins na comórtasaibh. Bhi tri
cinéil díobh ann, ceol, léughthóireachd,
agus litridheachd. Ní'l de shlighe againn
annso leir-chunntas do chur sios ar na
comortasaibh. Ní chualamar agus ni
fhacamar dadamh de'n litridheachd, acht
thaitin na ceolta agus na leigheachda go
mór linn. Nuair bhí an Ghaedhilg
Albanach d'a leughadh, thugamar fa deara
go raibh eidir-dhealughadh mor idir i agus
ar gcanamhaint féin; acht nuair cuireadh
guth léi sa' cheol, níor shamhluigh sí bheith
chomh neamh-chosmhail le Gaedhilg na
hEireann.
Cuireadh stad ar an obair, ar feadh dha
uair sa mleadhón lae. Thug uachdarán an
Mhóid cuireadh d'a raibh i láthair, idir
breitheamhain, luchd comórtais, luchd riar-
tha an Mhóid, teachdairí,a gus sluagh mór
nach iad, fa theachd 'na dháil féin go Loch
Airdill, atá tuairim agus míle ó'n mbaile
mór, an áit i n-a fearadh fáilte agus féile
go fairsing flaitheamhail rompa. Bhi uain
againn annsin ar bheith ag caint le chéile.
Chuir se iongnadh mor orainn an meud
eolais do bhi ag cuid aca ar Ghaedhilg na
hEireann agus ar cheol na hEireann. Is
iomdha fear ann do bhí ag ceannach an
Irisleabhair seo, agus 'ga leughadh gach
uile mhi. Níor stadadar riamh ag cur
ceasd orainn i dtaobh na Gaedhilge, agus i
dtaobh mar bhi an saoghal ag éirghe léi i
nEirinn. Bhi dha cheud no trí cheud duine
againn ar fhaithche an tighe moir. Bhi
cóisdí ar tuarasdal ag an righ-fhear Mac-
an-Tóisich, 'g-ar n-iomchur o'n mbaile mor
amach agus ar ais. Píobairí ag seinnm
ceoil dúinn, dream de'n aos óg ag gabhail
abhrán, agus “taitneamh na gréine orainn,
aosda is og,” an fhaid do bhiomar ag
taisdeal na mbóthar agus na sráid; agus
an baile mor amuigh ag feuchaint
orainn.
Bhi cuirm cheoil ann um thráthnóna.
Bhí Tighearna Lobhait, taoiseach Cloinne
Fraiseir (ni'l a fhios againn an bhfuil na
hanmanna so 'na gceart againn), ag
riaghlughadh na cuirme mar uachdarán.
Fear óg dathamhail bhi ann, agus é gleusta
sa' mbreacán, eudach dúthchais na nGaed-
heal Albanach, mar bhí urmhór na ndaoine
uaisle eile do bhí i láthair. Na daoine rug
buaidh in gach comórtas ceoil ar maidin,
bhíodar ag gabháil an cheoil cheudna
dhúinn sa' tráthnóna. I gcaitheadh an
lae sin ar fad níor gabhadh acht abhrain
Ghaedhilge, acht amháin duan na Bain-
rioghna i ndeireadh na dála.
Do casadh orainn i rith an lae, gan
tráchd ar ar ainmnigheamar cheana, na
daoine uaisle seo leanas: Ian mac Aodha,
ó Hereford i Sasanaibh, fear fíor-Ghaed-
healach gan fiar gan cam; lámh cho-
thuighthe na Gaedhilge 'n-a thír féin, agus
ni hannamh thug se congnamh do chúis na
Gaedhilge i nEirinn; Eanraic Mac 'Ille-
bháin, ar a dtugthar “Fionn” mar chomh-
ainm, litridhe leigheannta i nGaedhilg na
hAlban; a dhearbhráthair-sean, Ian Mac
'Ille-bháin, chomhnuidheas i nInbhear-Nis;
an t-uasal urramach Tomás Sinton; Ian
Mac Aodha, fear eagair an Celtic Monthly
i nGlaschu; Ian Mac-an-Tóisich, fear
dlighidh, ba rúnaidhe do'n Mhód; Calum
Mac Phartholáin, sgribhneoir Gaedhilge;
A.S. Mac Giolla-brighde; Alasdair Mac-
Bain, fear sgríobhtha an tSanasáin
Albanaigh; Alasdair Mac Coinnich, fear
eagair do'n Scottish Highlander; fear eagair
an Highland News i nInbhear-Nis; an
major A.C. MacCoinnich, ó Maryburgh, etc.
Bíthear 'ga mheas i nEirinn, ag corr-
dhuine go háirithe, go bhfuil aigneadh dúr
doicheallach ag an urmhór de luchd leighin
na Gaedhilge i nAlbain i dtaobh Gaedhilge
na hEireann agus i dtaobh luchd léighinn
na hEireann. Tig linn a rádh nár
airigheamar a bheag ná a mhór de'n
aigneadh sin ag aon duine d'a ndubhra-
mar thuas ná ag aon Albanach eile. Tá
dóchas láidir againn go bhfeicfimid iad go
leir 'n-ar measg i nEirinn, an cheud uair
eile bhias an tOireachtas d'a thionol
againn, no uair éigin eile, muna féidir sin.
Ó bhi teachdaire ann o'n bhFeis Ceoil,
agus fear fiúntach geur-chúiseach dob' eadh
e fein, ní fuláir go mbeidh a fhios feasda
ag luchd stiurtha na hoibre sin nach
gceadóchadh na hAlbanaigh oiread agus
aon abhrán amháin do ghabháil tre Bheurla,
acht duan na Bainríoghna nach bhfuil
atharruighthe go Gaedhilg aca go foill is
dócha. Da dtugadh muintir na Feise leath
na n-abhrán dúinn i nGaedhilg, nior mhór
linn dóibh an leath eile, agus duan na
Bainríoghna 'na gceann, do thabhairt do'n
dream atá gan dúil sa' Ghaedhilg.
Ni maoidhte do mhuinntir na hAlban ar
a shon sin. D'airigheamar cuid mhór aca
idir uasal agus íseal ag labhairt Gaedhilge
le 'chéile, acht nior leig a leisge d'aon
fhear aca Gaedhilg do labhairt ar an sgálán
os comhair cáich. Chuir seo iongnadh
mór orainn. Is ar éigin is féidir teanga do
chur fa mheas ag an gcoitcheanntacht ar
aon tslighe is fearr ná a labhairt os ard os
comhair na coitcheanntachta, go mór mhór
má' 's iad luchd an eudaigh chaoil a
labhras i. Tuigimid-ne an sgeul sin go
maith i nEirinn, agus ní stadfamaoid
choidhche acht ag gearán agus ag geur-
chasaoid, chomhfhad a's leantar de'n nós
so ag síor labhairt Beurla amháin os
comhair an phobail i n-áit ar bith i n-a
bhfuil Gaedhilg ag na daoinibh. Má
stríocamaoid fein do'n Bheurla os comhair
an tsaoghail, is fánach an obair dhúinn
bheith 'gá iarraidh ar na daoinibh gan
stríocadh dho sa' bhaile, ar sgoil, ar aonach,
nó cíbé obair ar a mbíd. Acht ta intinn na
nGaedheal d'a neartughadh le tamall, agus
i gceann tamaill eile, le congnamh Dé, ní
bheidh leisge ar aon-duine fá chúl do
thabhairt le n-a shamhail sin de dhroch-nós
lag-mheasach, daor-chroidheach meata mí-
fhearamhaíl.
Níor mhaith linn comórtas do thógáil
idir Thadhg agus Domhnall, acht ni fheud-
famaoid an sgeul do sgaoileadh tharainn
gan tráchd ar bhuaidh amháin atá ag an
mbuidhin thall orainn féin, .i. tuilleadh
litridheachd bheith fa chló aca de'n chineál
is oireamhnaighe mar adhbhar léighte do
'n choitcheanntachd. Fuaramar tri leabhair
Ghaedhilge atá tar eis a gclóbhuailte i
nAlbain, agus nior fheudamar gan a rádh
linn féin gur mór a náire agus a thruaighe
dhúinn gan a samhail do bheith againn i
nEirinn.
“How to read Gaelic” dob' ainm do
cheann aca. Ian Mac 'Ille-bháin agus
Alasdair MacBain do chuir i n-eagar é.
Dá mbíodh a leitheid de leabhrán againn-
ne ni bhiadh le deunamh againn acht a
chur i láimh Gaedhilgeora, agus an chúis
d'fhágáil faoi féin uaidh sin amach.
“Leabhar na Ceilidh(e)” is ainm do'n
dara leabhar. Eanraic Mac 'Ille-bháin do
dheasuigh é. Sgeulta gearra grinn agus
abhráin agus dánta atá ann.
“Sgeulta Arabiánacha” (The Arabian
Nights) an treas leabhar. Ni'l aon cheann
aca ro-mhór ná ró-dhaor, agus ni'l ionnta
acht Gaedhilg na ndaoine.
Cia sgríobhfas nó dheasóchas dúinn
roinnt leabhar Eireannach mar iad?