Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Olishers agus Gaybricks.
Title
Olishers agus Gaybricks.
Author(s)
Ua Laoghaire, Peadar,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1897
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
“Olishers” agus “Gaybricks”. Bhíos i nEóchaill ag an sáile, tá tamall ó shoin agus d'airighinn “olishers” d'á thabhairt mar ainm ag aos óg an bhaile ar an luchd tuaithe thigeadh ann isteach chum na sáile. Ba cheisd orm cad fá-ndeár an ainm sin, agus do luigheas ar an sgéal do bhreithniughadh. Ba ghearr gur dhineas amach gurab amhlaidh bhídís daoine bochda na tuaithe ag ceis- diughadh a chéile 'féachaint cionnus mar 'éirigheadh an tsáile leó. “C'onnus atá sí (an tsáile) ag éirghe leat?” “Go dian mhaith, buidheachas le Dia.” “Ar ólais í?” “D'ólas.” “Ar oibrigh?” “Dóibrigh.” Ní bheireadh cluasa na n-aos óg achd ar an bhfocal “ar ólais í?” agus bhaisdeadar “olishers” ar na daoinibh bochda. Ba ghnáth leis na daoinibh bochda deoch de'n tsáile d'ól, agus annsain deoch fíor- uisge. D'oibrigheadh an dá uisge ar a chéile, agus ní go ró-chneasda é. Leanann an béas fós. Bhíos i nDún Garbháin anoiridh. Ní h-olishers d'airigheas d'á thabhairt annsain mar ainm ar luchd na tuaithe, achd “gay- bricks”. Siúd mé ag breithniughadh an fhocail sin
mar an gcéadna. Ba ghearr gur dhineas amach é. An dara freagra is é do stad i gclua- saibh na n-aos óg i nDún Garbháin: “ar oibrigh?” “D'oibrigh” (yebrig = gaybrick). Sin mar dhéinid ar n-aos óg linn é. I n-ionad na Gaedhilge d'fhoghlaim agus do la- bhairt, ní beag léo de shult bheith ag faire ar fhuaim an fhocail go dtig léo riochd fonomhaideach éigin Béarla do chur air. Is obair tharcaisneach í. B'fhéidir gur ghearr go gcasfaidhe uirthi féin an tar- caisne atá tuillte aici le fada. Peadar Ua Laoghaire.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services