Bhíos i nEóchaill ag an sáile, tá tamall 
ó shoin agus d'airighinn “olishers” d'á thabhairt 
mar ainm ag aos óg an bhaile ar an luchd 
tuaithe thigeadh ann isteach chum na sáile.
Ba cheisd orm cad fá-ndeár an ainm sin, 
agus do luigheas ar an sgéal do bhreithniughadh.  
Ba ghearr gur dhineas amach gurab amhlaidh 
bhídís daoine bochda na tuaithe ag ceis-
diughadh a chéile 'féachaint cionnus mar 
'éirigheadh an tsáile leó.
“C'onnus atá sí (an tsáile) ag éirghe 
leat?”
“Go dian mhaith, buidheachas le Dia.”
“Ar ólais í?”
“D'ólas.”
“Ar oibrigh?”
“Dóibrigh.”
Ní bheireadh cluasa na n-aos óg achd ar 
an bhfocal “ar ólais í?” agus bhaisdeadar 
“olishers” ar na daoinibh bochda.
Ba ghnáth leis na daoinibh bochda deoch 
de'n tsáile d'ól, agus annsain deoch fíor-
uisge.  D'oibrigheadh an dá uisge ar a chéile, 
agus ní go ró-chneasda é.  Leanann an béas 
fós.
Bhíos i nDún Garbháin anoiridh.  Ní 
h-olishers d'airigheas d'á thabhairt annsain 
mar ainm ar luchd na tuaithe, achd “gay-
bricks”.
Siúd mé ag breithniughadh an fhocail sin
mar an gcéadna.  Ba ghearr gur dhineas 
amach é.
An dara freagra is é do stad i gclua-
saibh na n-aos óg i nDún Garbháin: “ar
oibrigh?” “D'oibrigh” (yebrig = gaybrick).
Sin mar dhéinid ar n-aos óg linn é.  I 
n-ionad na Gaedhilge d'fhoghlaim agus do la-
bhairt, ní beag léo de shult bheith ag faire 
ar fhuaim an fhocail go dtig léo riochd 
fonomhaideach éigin Béarla do chur air.
Is obair tharcaisneach í.  B'fhéidir gur 
ghearr go gcasfaidhe uirthi féin an tar-
caisne atá tuillte aici le fada.
Peadar Ua Laoghaire.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11