Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Litir ó'n Aifric Theas.
Title
Litir ó'n Aifric Theas.
Author(s)
Ua Neachtain, Eoghan,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1897
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Litir ó'n Aifric Theas. Tháinig an litir seo tamall ó shoin ó shean-charaid do'n Irisleabhar agus do chúis na Gaedhilge, ó'n té b'fhéidir dob' fhearr eolas ar Ghaedhilg agus ba mhó spéis innti i gConnach- taibh an fhaid do bhí sé ann .i. Eoghan ua Neachtain. Iohannesburg, 18/7/97. Eoin uasal Mac Néill. A chara ionmhuin — Is minic ó thángas do'n tír seo do shanntuigheas sgríobh chugat agus chum cáirde Gaedhealach eile, acht leis an bhfírinne inn- sint, ní hé bhí 'cur imnidhe orm go minic, óir ní rabhas suidhte mar budh mhian liom. Acht ó tá mé anois, le tamall, níos sócamh- laighe, budh mhaith liom fios d'fhagháil ar ar tharla do chúis na Gaedhilge agus d'á cáirdibh, ó d'fhág mé Éire. Níor mhaith liom a chur de buadhairt ort-sa, ó tá a fhios agam go bhfuil do sheacht sáith le deunamh agat; acht 'na dhiaidh sin, is agat atá an fios is fearr ar gach nídh d'á bhfuil uaim ar an gcuntar so, agus freisin is agat is fearr atá a fhios le n'innsint. D'á bhrígh sin, má 'sé do thoil é, budh mhian liom fios d'fhagháil ar an obair tá dh'á deunamh 'sna sgoiltibh, 'sna páipéiribh, agus ann gach áit eile, ar son na cúise. Cia an chaoi i bhful an tAthair Eoghan Ua Gramhna, nó an dtáinig sé a-bhaile fós? Ní fhacas an tIrisleabhar o Shamhain seo chuaidh thart, agus budh mhian liom é fheicsint gach mí. Mar sin má chuireann tú chugam an tIrisleabhar ó Shamhain go Samhain, agus má chuir an Dochtúir de híde a chuid oibre i gceann a chéile i n-aon leabhar, é sin freisin, agus an cunntas ar an bpéire, stiúrfad chugat-sa nó chum Sheagháin Uí hÓgáin a luach. Níor thuigeas riamh go dtí anois go raibh croidhthe na mbárd, do sgríobh abhráin ar Éirinn, go hiomlán 'n-a gcuid dánta. Acht tuigim anois go bhfuil sé nádúrtha ag daoinibh i gcian cuimhniughadh go grádhmhar ar a dtír, agus is minic thagas línte as abhránaibh na mbárd im' aigneadh nuair bhím ar m'obair, agus an méid eile smuainte atá 'sna dántaibh sin. Tá mé i sláinte mhaith anois, buidheachas le Dia, agus bhíos ó tháinig mé annso, acht aon ruaig amháin tinnis fuaras. Tá súil agam go bhfuil tú féin i ndeaghshláinte agus nach marbhóchaidh tú thú féin le hobair, mar do rinne an tAthair Ua Gramhna, is beag nach. Slán leat go ceann tamaill eile. Do bhuan-chara Gaedhealach Eoghan Ua Neachtain. [Ní le haghaidh an Irisleabhair do sgríobh ar gcara an litir seo, acht ní mheasam go bhfuil aon rud is mó chuireas áthas i gcroidhe na ndaoine ná ceangal grádhmhar do bheith eatorra agus na cáirde atá i bhfad
uatha. D'á bhrígh sin, gabhmaoid orainn go maithfidh an sgríbhneóir dhúinn a ndeárna- mar .i. an litir do chur i gcló fá choinne cáich. Cuireann sí i dtuigsin dúinn gur malairt spéir agus nach malairt spéise do ghní an té imthigheas thar muir.]
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services