Litir ó'n Aifric Theas.
Tháinig an litir seo tamall ó shoin ó 
shean-charaid do'n Irisleabhar agus do chúis na 
Gaedhilge, ó'n té b'fhéidir dob' fhearr eolas 
ar Ghaedhilg agus ba mhó spéis innti i gConnach-
taibh an fhaid do bhí sé ann .i. Eoghan ua 
Neachtain.
Iohannesburg, 18/7/97.
Eoin uasal Mac Néill.
A chara ionmhuin —
Is minic ó thángas do'n tír seo do 
shanntuigheas sgríobh chugat agus chum cáirde 
Gaedhealach eile, acht leis an bhfírinne inn-
sint, ní hé bhí 'cur imnidhe orm go minic, óir 
ní rabhas suidhte mar budh mhian liom.  Acht 
ó tá mé anois, le tamall, níos sócamh-
laighe, budh mhaith liom fios d'fhagháil ar ar 
tharla do chúis na Gaedhilge agus d'á cáirdibh, 
ó d'fhág mé Éire.  Níor mhaith liom a chur 
de buadhairt ort-sa, ó tá a fhios agam go 
bhfuil do sheacht sáith le deunamh agat; acht 
'na dhiaidh sin, is agat atá an fios is fearr 
ar gach nídh d'á bhfuil uaim ar an gcuntar 
so, agus freisin is agat is fearr atá a fhios 
le n'innsint.
D'á bhrígh sin, má 'sé do thoil é, budh mhian 
liom fios d'fhagháil ar an obair tá dh'á 
deunamh 'sna sgoiltibh, 'sna páipéiribh, agus 
ann gach áit eile, ar son na cúise.
Cia an chaoi i bhful an tAthair Eoghan Ua 
Gramhna, nó an dtáinig sé a-bhaile fós?
Ní fhacas an tIrisleabhar o Shamhain seo 
chuaidh thart, agus budh mhian liom é fheicsint 
gach mí.  Mar sin má chuireann tú chugam 
an tIrisleabhar ó Shamhain go Samhain, agus má 
chuir an Dochtúir de híde a chuid oibre i 
gceann a chéile i n-aon leabhar, é sin 
freisin, agus an cunntas ar an bpéire, 
stiúrfad chugat-sa nó chum Sheagháin Uí 
hÓgáin a luach.
Níor thuigeas riamh go dtí anois go raibh 
croidhthe na mbárd, do sgríobh abhráin ar 
Éirinn, go hiomlán 'n-a gcuid dánta.  Acht 
tuigim anois go bhfuil sé nádúrtha ag 
daoinibh i gcian cuimhniughadh go grádhmhar 
ar a dtír, agus is minic thagas línte as 
abhránaibh na mbárd im' aigneadh nuair bhím 
ar m'obair, agus an méid eile smuainte atá 
'sna dántaibh sin.
Tá mé i sláinte mhaith anois, buidheachas 
le Dia, agus bhíos ó tháinig mé annso, acht aon 
ruaig amháin tinnis fuaras.  Tá súil agam 
go bhfuil tú féin i ndeaghshláinte agus nach 
marbhóchaidh tú thú féin le hobair, mar do 
rinne an tAthair Ua Gramhna, is beag nach.  
Slán leat go ceann tamaill eile.
Do bhuan-chara Gaedhealach
Eoghan Ua Neachtain. 
[Ní le haghaidh an Irisleabhair do sgríobh 
ar gcara an litir seo, acht ní mheasam go 
bhfuil aon rud is mó chuireas áthas i 
gcroidhe na ndaoine ná ceangal grádhmhar 
do bheith eatorra agus na cáirde atá i bhfad 
uatha.  D'á bhrígh sin, gabhmaoid orainn go 
maithfidh an sgríbhneóir dhúinn a ndeárna-
mar .i. an litir do chur i gcló fá choinne 
cáich.  Cuireann sí i dtuigsin dúinn gur 
malairt spéir agus nach malairt spéise do 
ghní an té imthigheas thar muir.]
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11