Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cnoc Maoilruanadha.
Title
Cnoc Maoilruanadha.
Author(s)
Mac Fionnlaoigh, Peadar,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1897
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cnoc Maoilruanadha. An té d'innis an sgéal so do'n sgríbh- neóir, ní raibh amhras aige nárbh' fhior an uile fhocal de, acht ceaduighim do'n léaghthóir gan creideamhain do thabhairt acht do'n mhéid de is áil leis. Tá Gleann Domhain i dTír Chonaill tuairim agus deich míle ó Leitir Cheanainn ar an taoibh thiar. Ar an taoibh i bhfus de Ghleann Domhain 'seadh tá cnocán darab ainm Cnoc Maoilruanadha, agus seo é an t-adhbhar fá' dtugadh an t-ainm sin air. 'San tsean-aimsir bhí fear 'n-a chomh- nuidhe i gcró bheag ar thaoibh an chnocáin, Maolruanadha a ainm. Bhí sé i n-a fhear chráibhtheach naomhtha, agus an oiread sin fuatha aige ar dhíomhaoineas an tsaoghail go raibh sé 'n-a dhíthreabhach ag comhnuidhe i n-a aonar san chró sin gan aonduine 'n-a chomharsanachd. Bhíodh sé i gcomhnuidhe ag urnaighthe agus 'gá smachdughad féin. Ní óladh acht uisge agus ní itheadh acht na caortha agus na meacain do gheibheadh fá na sléibhtibh agus fá na gleanntaibh. Bhí a chlú agus a cháil ag imtheachd ar fud na tíre mar gheall ar an mbeathaidh naomhtha dhúthrachdaigh do bhí ag á caitheadh aige. Cidh tra acht do ghabh formad mór an t-aidhbheirseoir fá chráibhtheachd an fhir seo,
gur chuir sé iomad ain-spiorad le cathughadh do chur ar an duine mhaith. Acht do b'é méad a hurnaighthe agus a chráibhtheachda gur sháruigh ar na hainspioradaibh sin buaidh do bhreith air, gur fhill siad uile go léir ar ais go hifreann agus an gháir leó fá dhaing- neachd agus fá dhílseachd Mhaoilruanadha i seirbhís Dé. Do ghabh fearg mhór Sátan le n-a linn sin, gur chuir sé deamhain eile ní ba chumhachdaighe 'ná a chéile chum cathuighthe do chur ar Mhaolruanadha. Ní tháinig le haon deamhan aca druidim i ngar do chró an fhir naomhtha, agus níorbh' fheirrde dhóibh an tráth thigeadh seisean amach, mar bhíodh sé i gcomhnuidhe ag gabháil a phaidreacha nó ag síor-mhachdnamh ar neithibh diadha. Annsin théidheadh gach ainspiorad diobh ar ais go hifreann agus d'innseadh do'n diabhal nach raibh aon ghar a' bheith ag dréim le Maolruanadha, óir go raibh Dia féin agus a chuid aingeal 'gá choimhéad agus ag tabhairt cabhra dhó. Do chuir an tuairisg sin buile ar fad ar Shátan, go ndearna sé chomhairle fá dheireadh é féin do dhul ag brath ar Mhaol- ruanadha do mhilleadh agus a tharraing as an gcasán chóir. Mar sin de, tháinig sé tráthnóna amháin le tuitim na hoidhche, agus dealbh mhná óige air, agus d'iarr lóisdín ar an deagh-dhuine. D'eitigh Maolruanadha an bhréig-bhean go borb faoi sin agus do dhíbir ar siubhal ó n-a dhoras í, siúd a's go raibh truaighe aige dhi, mar bhí an oidhche fliuch doineannta, agus conncas dó go raibh an cailín gan teach gan dídean ó'n bhfear- thainn agus ó'n bhfuachd. Is é rud do rinne an bhean, dul thart i gcúl an tighe agus ceól do ghabháil, agus b'é sin an ceól ba bhinne agus ba thruaighmhéilighe d'á gcuala duine riamh. Mar ba thruagh le Maolruanadha i gcéadóir an cailín bochd, d'éisd sé an uair sin le n-a ceól, agus chuir spéis agus an- dúil ann, acht níor leig isteach i n-a chró í. Ar uair an mheadhóin oidhche, d'imthigh an diabhal ar ais go hifreann, agus bhí baramhail ghéar aige go raibh an báire leis agus go raibh an fear cráibhtheach gabhtha aige. Fuair Maolruanadha suaimhneas an chuid eile de'n oidhche sin acht i n-a áit dó bheith ag gabháil a chuid urnaighthe mar ba ghnáth, chaith sé deireadh na hoidhche, beag nach go breacadh an lae, ag smuaineadh ar sgéimh an chailín agus ar bhinne a ceoil. An oidche 'n-a dhiaidh sin tháinig an diabhal le tuitim na hoidhce 'san chosamhlachd chéadna, gur iarr lóisdín arís ar Mhaol- ruanadha. Do dhiúltuigh Maolruanadha sin dó, siúd a's nár mhaith leis a dhéanamh. Acht chuimhnigh sé ar an mhóid do rinne sé gan bean ná cailín do leigean isteach 'n-a chró choidhche. Chuaidh an bhréig-bhean thart i gcúl an tighe agus do bhí ag seinnm ceoil ba chosmhail le céol sídhe go huair a dó dhéag, an uair b'éigean di imtheachd léi arís go hifreann. Bhí an fear istigh ag éisdeachd leis ag seinnm agus an-dúil aige innti, agus an uair do stad sí tháinig cumha agus buadhairt aignidh air. Níor chodail néal an oidhche sin agus ní dubhairt focal urnaighthe acht a oiread, acht ag géar-mhachdnamh ar an óg-mhnaoi agus a chroidhe dh'á mhearughadh le sgéimh a crotha agus le binne a glóir. Ar maidin lá ar n-a bhárach d'éirigh Maolruanadha d'á leabaidh, agus is dóiche gur cogar aingil do chuala sé, óir chuimhnigh sé nár chóir dhó oiread áirde do thabhairt ar chailín agus a chuid urnaighthe do dhearmadadh. Lúb sé a ghlúna agus thoisigh ag urnaighe go dian dúthrachdach agus rinne rún daingean nach smuainfeadh a thuilleadh ar an gcailín agus nach n-éisdfeadh le n-a ceol. Acht 'n-a dhiaidh sin níor éirigh leis buaidh glan do bhreith ar a smuaintibh fá dtaobh de'n óg- mhnaoi, agus bhí mar sin eidir dhá chomhairle go dtáinig an tráthnóna. Nuair do bhí an oidhche dorcha go maith, tháinig an t-aidhbheirseóir arís i gcruth an chailín, agus í ní ba dheise agus ní ba sgiamhaighe
'ná bhí sí cheana féin, agus d'iarr lóisdín oidhche ar an bhfear. Chuimhnigh seisean ar a mhóid agus ar an rún do rinne sé ar maidin an lae sin, agus d'eitigh sé í, agus bagair uirri gan teachd arís d'á bhuaidhreadh agus thiomáin ar siubhal le garbh-fhoclaibh géara agus le gnúis dhorrdha dhoiceallaigh í, mar a's go mbeidheadh fearg mhór air. D'imthigh sé isteach i n-a chró agus d'fhan an cailín amuigh i ngar do'n chró agus í ag gul agus ag caoineadh agus ag sileadh na ndeór. Nuair do chonnaic Maolruanadha an cailín ag gul agus ag caoineadh go truaigh- mhéileach, do ghlac sé truaighe go mór dhi, agus tháinig grádh dhó dhi agus dúil innti, agus níor réidhtigh sé a chroidhe ó na hainmhiantaibh sin, ó nach ndearna sé a urnaighthe an lá sin le croidhe chomh glan agus ba ghnáth leis, agus d'éisd sé léi go toileamhail fonnmhar. Níorbh' fhada go dtáinig sé amach i n-aindeoin a mhóide agus a dheagh-rúin, go dtug sé cuireadh do'n bhréag-mhnaoi fá theachd isteach 'n-a chró. Ba ghearr a mhoill di sin ag dul isteach. Is annsin do ghabh truaighe Rí na nGrás fá'n bhfear so do dhaoradh gan tráth a leasuighthe do thabhairt dó, ó bhí sé riamh go fíor-chráibhtheach duthrachdach carthanach soine- annta deagh-oibreach nó go dtáinig an cathughadh mór sin air. Ar an adhbhar sin, chuir Dia aingeal chuige le teachdaireachd, d'á iarraidh air aithrighe do dhéanamh. Tháinig an t-aingeal go tigh Mhaoil- ruanadha agus do chuaidh isteach. Annsin do phreab an diabhal 'n-a sheasamh, thug sgread uathbhásach, agus atharruigh a dhath, a dhealbh, agus a chuma. Tháinig a chruth diabhlaidhe agus a ghnúis deamhnach féin air. D'iompuigh ó'n aingeal mar neach do bheidheadh d'á dhalladh le solus mór agus lonnrachd, agus d'éirigh amach as an gcró. Níor mhór nár sgar a chiall le Maol- ruanadha leis an sgannradh tháinig air. Ar dteachd chuige féin arís dó, d'fhoillsigh an t-aingeal do caidé méad an pheacaidh d'ár ghéill sé, agus mar chuir Dia eisean chuige d'á iarraidh air aithrighe do dhéanamh. Achd níor chreid Maolruanadha focal uaidh. Do bhí a fhios aige gurbh' é an diabhal do bhí 'na chuideachda i gcruth mhná óige. Chuimhnigh sé ar an bpeacadh d'ár aontuigh sé, gur mheas sé bheith chomh ciontach sin nárbh' fhéidir leis maitheamhnas d'fhagháil ann ó Dhia go bráth. Shíl sé gur ag á mhealladh do bhí an t-aingeal ag tráchd ar aithrighe agus ar mhaitheamhnas. Do ghlac an t-aingeal foidhide leis agus labhair go ceannsa. D'innis dó fá ghrádh agus fá char- thanachd Dé, agus mar nach ndiúltóchadh sé maitheamhnas choidhche do'n fhíor-aithrigheach, dá throime a chuid peacadh. Níor éisd Maolruanadha leis, acht an gháir bháidhte as a béal i gcomhnuidhe go raibh sé caillte, agus é ag síor-mhallachdain ar Dhia, ar an diabhal, agus air féin. Níor stad an t-aingeal acht ag athchuingidh agus ag impidhe air fá iompódh ar Dhia agus aithrighe do dhéanamh, achd ní raibh aon ghar ann. Bhí Maolruanadha chomh dúr agus chomh dorrdha agus bhí sé roimhe, agus é ag gabháil do na mion- naibh móra agus do'n dia-mhasladh i gcomhnuidhe. Fhad agus bhí an t-aingeal ag labhairt, do bhí cosamhlachd choinnle ar lasadh aige i n-a láimh. Fá dheireadh thiar, nuair do bhí an choinneal dóighte acht fá thuairim orlaigh amháin, tháinig gruaim ar ghnúis an aingil agus sheas sé amach ó Mhaiolruanadha agus bhagair air, agus d'innis dó go raibh a thréimhse ghrása beag nach caithte. “Agus,” ar sé, “muna ndéanaidh tú aithrighe sul bheidheas an t-orlach so de'n choinnil dóighte, ní thiubh- raidh Dia a thuilleadh cáirde dhuit, agus damnóchthar go síorraidhe thú.” Annsin tháinig tosd ar Mhaolruanadha ar feadh tamaill, mar bheidheadh sé ar tí comhairle an aingil do dhéanamh. Ar an mball do smuain sé ar an bpeacadh do rinne sé, gur ghabh an t-éadóchas arís é,
agus is é freagra thug sé ar an aingeal, “Mar dhóigh mé an choinneal, dóighfidh mé an t-orlach.” Annsin do labhair an t-aingeal leis de ghuth árd-mhilltineach, dhá fhuagra air go raibh sé malluighthe dá ríribh ó Dhia, “agus” ar sé “gheobha tú bás annso i mbárach le tart.” D'fhreagair Maolruanadha go mí-urramach é, agus dubh- airt, “A aingil bhréagaigh, tá a fhios agam anois gur dom' mhealladh atá tú. Ní féidir go bhfuighinn bás le tart 'san áit seo, agus a oiread uisge thart timcheall orm. Tá tobar fíor-uisge annsin amuigh nár thiormuigh riamh, agus tá srothán le hais binne an tighe do thionntóchadh roth mhór- mhuilinn, dá theo é an lá samhraidh; agus súd thíos Loch Beithe, ar a shnámhfadh cabhlach long. Is mór an amaideachd duit a rádh go dtiocfadh le duine ar bith bás d'fhagháil le tart 'san áit seo.” Acht d'imthigh an t-aingeal uaidh gan freagra. Chuaidh Maolruanadha 'n-a luighe 'n-a dhiaidh sin, acht má chuaidh, níor chodail néal tré ro-bhuadhairt aignidh. Ar maidin lá ar n-a bhárach ar ndúiseachd dó go moch, tháinig an tart air ba ghéire d'ár mhothuigh duine riamh. Do léim sé as a leabaidh agus chuaidh chum an ftópa fá choinne uisge, achd ní raibh deor ann. Amach leis feasda chum na tiobrad, acht ní bhfuair braon annsin acht an oiread. Thionntuigh sé ar a chois chum an tsrotháin do bhí le hais an tighe, achd bhí sé seo tirim go gainimh roimhe. Bhí na bruacha agus na mion-chlocha fá lár geal-tirim mar bheidheadh siad gan deor uisge d'fheicsint le bliadhain. Chuimhnigh Maolruanadha annsin ar tharringireachd an aingil agus baineadh geit as. D'éirigh crith-eagla air agus bhí an tart ag fás air gach móimeint. D'imthigh de lán-rith chum Locha Bheithe, achd ar dteachd dó go bruach an locha, leig se aon bhéic aisdeach amháin as agus thuit 'na-mhalcán ar an talamh. Bhí Loch Bheithe tirim roimhe mar an gcéadna. Súd mar fuair buachaill na mbó ar n-a bhárach é 'n-a luighe ar bhruach an locha, a shúile ag imtheachd as a cheann, a theanga sínte amach as a chraos, agus cnap cubhair ghil um a bhéal. Dob' í an chuma uathbhásach do bhí air nach leigfeadh an eagla do na daoinibh dul 'n-a chomhair le n-a chur, agus fágadh annsin a chorp go rug bran-éin agus madraidhe allta leó é. Súd mar thárla do Mhaolruanadha de bharr a pheacaidh agus a aindiúide agus a éadóchais, agus sin é an fáth nach ceart do dhuine ar bith teacht tars an sean-rádh úd .i. “mar dhóigh mé an choinneal, dóighfidh mé an t-orlach,” agus súd é thall Cnoc Mhaoil- ruanadha mar fhiadhnaise ar an sgéal so. Peadar MagFionnlaoigh. NOTES. Maolruanadha (maol, votary, follower: ruanadha genitive of ruanaidh, a hero) final adha pronounced ee. Hence O Maoilruanadha, Mulroney, Moroney. Note that maol in such names is a separate word, genitive maoil. Meacan, any large edible taproot, such as parsnip, etc. Siúd a's = although, also common in Munster. Fa daoibh de, the usual Donegal phrase for "about, concerning" = i dtaoibh. Milltineach = uathbhásach, terrible. Stópa, a "stoap" of wooden pail. Malcán = ualach, cnap, a lifeless lump.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services