Cnoc Maoilruanadha.
An té d'innis an sgéal so do'n sgríbh-
neóir, ní raibh amhras aige nárbh' fhior an 
uile fhocal de, acht ceaduighim do'n 
léaghthóir gan creideamhain do thabhairt acht 
do'n mhéid de is áil leis.  Tá Gleann 
Domhain i dTír Chonaill tuairim agus deich 
míle ó Leitir Cheanainn ar an taoibh thiar.
Ar an taoibh i bhfus de Ghleann Domhain 
'seadh tá cnocán darab ainm Cnoc
Maoilruanadha, agus seo é an t-adhbhar fá' 
dtugadh an t-ainm sin air.
'San tsean-aimsir bhí fear 'n-a chomh-
nuidhe i gcró bheag ar thaoibh an chnocáin, 
Maolruanadha a ainm.  Bhí sé i n-a fhear 
chráibhtheach naomhtha, agus an oiread sin fuatha 
aige ar dhíomhaoineas an tsaoghail go raibh 
sé 'n-a dhíthreabhach ag comhnuidhe i n-a 
aonar san chró sin gan aonduine 'n-a 
chomharsanachd.  Bhíodh sé i gcomhnuidhe ag 
urnaighthe agus 'gá smachdughad féin.  Ní óladh 
acht uisge agus ní itheadh acht na caortha agus na 
meacain do gheibheadh fá na sléibhtibh agus fá 
na gleanntaibh.  Bhí a chlú agus a cháil ag 
imtheachd ar fud na tíre mar gheall ar an 
mbeathaidh naomhtha dhúthrachdaigh do bhí ag á 
caitheadh aige.
Cidh tra acht do ghabh formad mór an 
t-aidhbheirseoir fá chráibhtheachd an fhir seo, 
gur chuir sé iomad ain-spiorad le cathughadh 
do chur ar an duine mhaith.  Acht do b'é 
méad a hurnaighthe agus a chráibhtheachda gur
sháruigh ar na hainspioradaibh sin buaidh do 
bhreith air, gur fhill siad uile go léir ar 
ais go hifreann agus an gháir leó fá dhaing-
neachd agus fá dhílseachd Mhaoilruanadha i 
seirbhís Dé.
Do ghabh fearg mhór Sátan le n-a linn 
sin, gur chuir sé deamhain eile ní ba
chumhachdaighe 'ná a chéile chum cathuighthe do 
chur ar Mhaolruanadha.  Ní tháinig le haon 
deamhan aca druidim i ngar do chró an fhir 
naomhtha, agus níorbh' fheirrde dhóibh an tráth 
thigeadh seisean amach, mar bhíodh sé i
gcomhnuidhe ag gabháil a phaidreacha nó ag 
síor-mhachdnamh ar neithibh diadha.  Annsin 
théidheadh gach ainspiorad diobh ar ais go 
hifreann agus d'innseadh do'n diabhal nach raibh 
aon ghar a' bheith ag dréim le Maolruanadha, 
óir go raibh Dia féin agus a chuid aingeal 'gá 
choimhéad agus ag tabhairt cabhra dhó.
Do chuir an tuairisg sin buile ar fad 
ar Shátan, go ndearna sé chomhairle fá
dheireadh é féin do dhul ag brath ar Mhaol-
ruanadha do mhilleadh agus a tharraing as an 
gcasán chóir.  Mar sin de, tháinig sé 
tráthnóna amháin le tuitim na hoidhche, agus 
dealbh mhná óige air, agus d'iarr lóisdín ar 
an deagh-dhuine.  D'eitigh Maolruanadha an 
bhréig-bhean go borb faoi sin agus do dhíbir ar 
siubhal ó n-a dhoras í, siúd a's go raibh 
truaighe aige dhi, mar bhí an oidhche fliuch 
doineannta, agus conncas dó go raibh an 
cailín gan teach gan dídean ó'n bhfear-
thainn agus ó'n bhfuachd.  Is é rud do rinne 
an bhean, dul thart i gcúl an tighe agus ceól 
do ghabháil, agus b'é sin an ceól ba bhinne agus 
ba thruaighmhéilighe d'á gcuala duine riamh.
Mar ba thruagh le Maolruanadha i 
gcéadóir an cailín bochd, d'éisd sé an 
uair sin le n-a ceól, agus chuir spéis agus an-
dúil ann, acht níor leig isteach i n-a chró í.  
Ar uair an mheadhóin oidhche, d'imthigh an 
diabhal ar ais go hifreann, agus bhí baramhail 
ghéar aige go raibh an báire leis agus go 
raibh an fear cráibhtheach gabhtha aige.  
Fuair Maolruanadha suaimhneas an chuid 
eile de'n oidhche sin acht i n-a áit dó bheith 
ag gabháil a chuid urnaighthe mar ba ghnáth, 
chaith sé deireadh na hoidhche, beag nach go 
breacadh an lae, ag smuaineadh ar 
sgéimh an chailín agus ar bhinne a ceoil.
An oidche 'n-a dhiaidh sin tháinig an diabhal 
le tuitim na hoidhce 'san chosamhlachd 
chéadna, gur iarr lóisdín arís ar Mhaol-
ruanadha.  Do dhiúltuigh Maolruanadha sin 
dó, siúd a's nár mhaith leis a dhéanamh.  
Acht chuimhnigh sé ar an mhóid do rinne sé 
gan bean ná cailín do leigean isteach 'n-a
chró choidhche.  Chuaidh an bhréig-bhean thart 
i gcúl an tighe agus do bhí ag seinnm ceoil ba 
chosmhail le céol sídhe go huair a dó dhéag, 
an uair b'éigean di imtheachd léi arís 
go hifreann.  Bhí an fear istigh ag 
éisdeachd leis ag seinnm agus an-dúil aige 
innti, agus an uair do stad sí tháinig cumha agus 
buadhairt aignidh air.  Níor chodail néal 
an oidhche sin agus ní dubhairt focal urnaighthe 
acht a oiread, acht ag géar-mhachdnamh ar an 
óg-mhnaoi agus a chroidhe dh'á mhearughadh le 
sgéimh a crotha agus le binne a glóir.
Ar maidin lá ar n-a bhárach d'éirigh 
Maolruanadha d'á leabaidh, agus is dóiche gur 
cogar aingil do chuala sé, óir chuimhnigh sé 
nár chóir dhó oiread áirde do thabhairt ar 
chailín agus a chuid urnaighthe do dhearmadadh.  
Lúb sé a ghlúna agus thoisigh ag urnaighe go 
dian dúthrachdach agus rinne rún daingean 
nach smuainfeadh a thuilleadh ar an gcailín 
agus nach n-éisdfeadh le n-a ceol.  Acht 'n-a 
dhiaidh sin níor éirigh leis buaidh glan do 
bhreith ar a smuaintibh fá dtaobh de'n óg-
mhnaoi, agus bhí mar sin eidir dhá chomhairle go 
dtáinig an tráthnóna.
Nuair do bhí an oidhche dorcha go maith, 
tháinig an t-aidhbheirseóir arís i gcruth an 
chailín, agus í ní ba dheise agus ní ba sgiamhaighe 
'ná bhí sí cheana féin, agus d'iarr lóisdín 
oidhche ar an bhfear. Chuimhnigh seisean ar a 
mhóid agus ar an rún do rinne sé ar maidin 
an lae sin, agus d'eitigh sé í, agus bagair uirri 
gan teachd arís d'á bhuaidhreadh agus thiomáin 
ar siubhal le garbh-fhoclaibh géara agus le 
gnúis dhorrdha dhoiceallaigh í, mar a's go 
mbeidheadh fearg mhór air.  D'imthigh sé 
isteach i n-a chró agus d'fhan an cailín amuigh i 
ngar do'n chró agus í ag gul agus ag caoineadh 
agus ag sileadh na ndeór.
Nuair do chonnaic Maolruanadha an 
cailín ag gul agus ag caoineadh go truaigh-
mhéileach, do ghlac sé truaighe go mór dhi, 
agus tháinig grádh dhó dhi agus dúil innti, agus níor 
réidhtigh sé a chroidhe ó na hainmhiantaibh
sin, ó nach ndearna sé a urnaighthe an lá 
sin le croidhe chomh glan agus ba ghnáth leis, agus 
d'éisd sé léi go toileamhail fonnmhar.  
Níorbh' fhada go dtáinig sé amach i 
n-aindeoin a mhóide agus a dheagh-rúin, go dtug 
sé cuireadh do'n bhréag-mhnaoi fá theachd 
isteach 'n-a chró.  Ba ghearr a mhoill di sin 
ag dul isteach.
Is annsin do ghabh truaighe Rí na nGrás 
fá'n bhfear so do dhaoradh gan tráth a 
leasuighthe do thabhairt dó, ó bhí sé riamh go 
fíor-chráibhtheach duthrachdach carthanach soine-
annta deagh-oibreach nó go dtáinig an 
cathughadh mór sin air.  Ar an adhbhar sin, 
chuir Dia aingeal chuige le teachdaireachd, 
d'á iarraidh air aithrighe do dhéanamh.  
Tháinig an t-aingeal go tigh Mhaoil-
ruanadha agus do chuaidh isteach.  Annsin do 
phreab an diabhal 'n-a sheasamh, thug sgread 
uathbhásach, agus atharruigh a dhath, a dhealbh, 
agus a chuma.  Tháinig a chruth diabhlaidhe agus a 
ghnúis deamhnach féin air.  D'iompuigh ó'n 
aingeal mar neach do bheidheadh d'á dhalladh 
le solus mór agus lonnrachd, agus d'éirigh amach 
as an gcró.
Níor mhór nár sgar a chiall le Maol-
ruanadha leis an sgannradh tháinig air.
Ar dteachd chuige féin arís dó, d'fhoillsigh 
an t-aingeal do caidé méad an pheacaidh 
d'ár ghéill sé, agus mar chuir Dia eisean chuige 
d'á iarraidh air aithrighe do dhéanamh.  Achd 
níor chreid Maolruanadha focal uaidh.  Do 
bhí a fhios aige gurbh' é an diabhal do bhí 'na 
chuideachda i gcruth mhná óige. Chuimhnigh 
sé ar an bpeacadh d'ár aontuigh sé, gur 
mheas sé bheith chomh ciontach sin nárbh' 
fhéidir leis maitheamhnas d'fhagháil ann 
ó Dhia go bráth.  Shíl sé gur ag á 
mhealladh do bhí an t-aingeal ag tráchd 
ar aithrighe agus ar mhaitheamhnas.  Do ghlac 
an t-aingeal foidhide leis agus labhair go 
ceannsa.  D'innis dó fá ghrádh agus fá char-
thanachd Dé, agus mar nach ndiúltóchadh sé 
maitheamhnas choidhche do'n fhíor-aithrigheach, 
dá throime a chuid peacadh.  Níor éisd 
Maolruanadha leis, acht an gháir bháidhte 
as a béal i gcomhnuidhe go raibh sé caillte, 
agus é ag síor-mhallachdain ar Dhia, ar an 
diabhal, agus air féin.  Níor stad an 
t-aingeal acht ag athchuingidh agus ag impidhe 
air fá iompódh ar Dhia agus aithrighe do 
dhéanamh, achd ní raibh aon ghar ann.  Bhí 
Maolruanadha chomh dúr agus chomh dorrdha agus         
bhí sé roimhe, agus é ag gabháil do na mion-
naibh móra agus do'n dia-mhasladh i gcomhnuidhe.
Fhad agus bhí an t-aingeal ag labhairt, do 
bhí cosamhlachd choinnle ar lasadh aige i n-a 
láimh.  Fá dheireadh thiar, nuair do bhí an 
choinneal dóighte acht fá thuairim orlaigh 
amháin, tháinig gruaim ar ghnúis an aingil 
agus sheas sé amach ó Mhaiolruanadha agus bhagair 
air, agus d'innis dó go raibh a thréimhse ghrása 
beag nach caithte.  “Agus,” ar sé, “muna
ndéanaidh tú aithrighe sul bheidheas an 
t-orlach so de'n choinnil dóighte, ní thiubh-
raidh Dia a thuilleadh cáirde dhuit, agus 
damnóchthar go síorraidhe thú.”
Annsin tháinig tosd ar Mhaolruanadha ar 
feadh tamaill, mar bheidheadh sé ar tí 
comhairle an aingil do dhéanamh.  Ar an 
mball do smuain sé ar an bpeacadh do 
rinne sé, gur ghabh an t-éadóchas arís é, 
agus is é freagra thug sé ar an aingeal, 
“Mar dhóigh mé an choinneal, dóighfidh 
mé an t-orlach.”  Annsin do labhair an 
t-aingeal leis de ghuth árd-mhilltineach, dhá 
fhuagra air go raibh sé malluighthe dá 
ríribh ó Dhia, “agus” ar sé “gheobha tú bás 
annso i mbárach le tart.”  D'fhreagair 
Maolruanadha go mí-urramach é, agus dubh-
airt, “A aingil bhréagaigh, tá a fhios 
agam anois gur dom' mhealladh atá tú.  
Ní féidir go bhfuighinn bás le tart 'san 
áit seo, agus a oiread uisge thart timcheall 
orm.  Tá tobar fíor-uisge annsin amuigh 
nár thiormuigh riamh, agus tá srothán le hais 
binne an tighe do thionntóchadh roth mhór-
mhuilinn, dá theo é an lá samhraidh; agus súd 
thíos Loch Beithe, ar a shnámhfadh cabhlach 
long.  Is mór an amaideachd duit a rádh 
go dtiocfadh le duine ar bith bás d'fhagháil 
le tart 'san áit seo.”  Acht d'imthigh an 
t-aingeal uaidh gan freagra. 
Chuaidh Maolruanadha 'n-a luighe 'n-a 
dhiaidh sin, acht má chuaidh, níor chodail néal 
tré ro-bhuadhairt aignidh.  Ar maidin lá 
ar n-a bhárach ar ndúiseachd dó go moch, 
tháinig an tart air ba ghéire d'ár mhothuigh 
duine riamh.  Do léim sé as a leabaidh agus 
chuaidh chum an ftópa fá choinne uisge, 
achd ní raibh deor ann.  Amach leis feasda 
chum na tiobrad, acht ní bhfuair braon 
annsin acht an oiread.  Thionntuigh sé ar 
a chois chum an tsrotháin do bhí le hais an 
tighe, achd bhí sé seo tirim go gainimh roimhe.
Bhí na bruacha agus na mion-chlocha fá lár
geal-tirim mar bheidheadh siad gan deor
uisge d'fheicsint le bliadhain.  Chuimhnigh 
Maolruanadha annsin ar tharringireachd 
an aingil agus baineadh geit as.  D'éirigh
crith-eagla air agus bhí an tart ag fás air
gach móimeint.  D'imthigh de lán-rith chum
Locha Bheithe, achd ar dteachd dó go bruach
an locha, leig se aon bhéic aisdeach amháin
as agus thuit 'na-mhalcán ar an talamh.  Bhí
Loch Bheithe tirim roimhe mar an gcéadna.
Súd mar fuair buachaill na mbó ar n-a 
bhárach é 'n-a luighe ar bhruach an locha, a 
shúile ag imtheachd as a cheann, a theanga 
sínte amach as a chraos, agus cnap cubhair ghil 
um a bhéal.  Dob' í an chuma uathbhásach do 
bhí air nach leigfeadh an eagla do na 
daoinibh dul 'n-a chomhair le n-a chur, agus
fágadh annsin a chorp go rug bran-éin agus 
madraidhe allta leó é.
Súd mar thárla do Mhaolruanadha de 
bharr a pheacaidh agus a aindiúide agus a
éadóchais, agus sin é an fáth nach ceart do 
dhuine ar bith teacht tars an sean-rádh úd .i. 
“mar dhóigh mé an choinneal, dóighfidh mé 
an t-orlach,” agus súd é thall Cnoc Mhaoil-
ruanadha mar fhiadhnaise ar an sgéal so.
Peadar MagFionnlaoigh.
NOTES.
Maolruanadha (maol, votary, follower: ruanadha
genitive of ruanaidh, a hero) final adha pronounced ee.
Hence O Maoilruanadha, Mulroney, Moroney.  Note
that maol in such names is a separate word, genitive
maoil.
Meacan, any large edible taproot, such as parsnip, etc.
Siúd a's = although, also common in Munster.
Fa daoibh de, the usual Donegal phrase for "about,
concerning" = i dtaoibh.
Milltineach = uathbhásach, terrible.
Stópa, a "stoap" of wooden pail.
Malcán = ualach, cnap, a lifeless lump.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11