Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Fraincín Strae.
Title
Fraincín Strae.
Author(s)
Ua Ruaidhrí, Seaghán,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1897
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Fraincín Strae. Seo leas-ainm do bhí ar fhear bheag ar a bhfuil cuimhne agam ó laethibh m'óigeachta, i n-aice le Bealach a' Doirín, d'ár bha shloinneadh Ua Breannáin, acht mar shíl na daoine nach raibh a sháith céille aige, agus mar go raibh sé i gcomhnuidhe ag dul thart ar fad na tíre, thugadar an “strae” air. Bhí sé 'na shaor — 'na shibhnéir mhaith — mar shighe bheathadh, agus budh é an cainteoir géar greannamhail 'san nGaedhilg do b'fhearr d'á raibh 'san áit. Do bhí sé lá ag obair i dtigh, ag déanamh buird, agus chríochnuigh sé é tamall beag roimh am dínnéir. D'iarr siad air fanamhaint, acht mar go raibh cuinneóg le déanamh aige i dtigh eile ar an mbaile gcéadna, d'imthigh sé leis, ar shúil go mbéarfadh sé ar a dhínnéir ins an dara tigh. Acht nuair tháinic Frainc ann, bhí na daoine i ndiaidh a ithte. Ní dubhairt Frainc focal, acht thoisigh sé ag obair. D'éis tamaill, leag sé síos a chuid oirneise, agus amach leis ar
an mbealach tháinic sé, agus thoisigh sé ag amharc 's ag cuartughadh i measg na dtom ar gach taoibh de'n chasán. D'iarr muintir an tighe dhe, “Cad do chaillis, a Fhrainc?” “Do chailleas mo dhínnéar idir an dá theach so,” arsa Frainc, “agus tá mé dh'á chuartughadh.” Is dóich nár choinnigheadar 'na throsgadh é ní b'fhaide. Chuaidh sé suas go tigh an mhinistéara lá i ndiaidh a oibre, agus chuir na searbhfogh- antaidhthe na madaidh as. Bhuail Frainc na madaidh, agus d'éis teacht amach ar an mbóthar dhó, d'iarr fear dhe, “Ar chuirea- dar na madaidh asat, a Fhrainc?” “Níor chuireadar asam iad 'chor ar bith,” arsa Frainc. “Chuireadar annam iad.” Do bhí áth an tráth sin ar abhainn ghairbh shléibhe 'san áit do chuaidh an bóthar trasna, agus clochán déanta ann ionnus go bhféadfadh na daoine dul anonn cois-tirim. Do casadh Frainc agus an sagart ar a chéile ag an áth lá fearthanna d'á raibh tuile mór 'san abhainn, agus an t-uisge os cionn an chlocháin. Do thairg Frainc an sagart d'iomchur trasna ar a dhruim, má ogrui- gheadh sé. D'aontuigh an sagart go buidheach, agus chuaidh sé ar a dhruim. Nuair do bhíodar leath-bhealach 'san áth, do sheas Frainc ar chloich chorraigh, agus h-óbair go dtuitfidís le chéile 'san uisge. “Och, a Fhrainc,” ars' an sagart, “tá an donas ort.” “Má tá,” arsa Frainc, “ní bheidh sé níos faide orm, a athair Séamus” — agus chaith sé dhe é i lár na habhann. Bhí Frainc ag obair i gcuideachta móráin fear ceirde eile ar chreata tighe pobail úir do tóigeadh i mBéal Átha na Muice, agus bhí sé 'na shuidhe trasna círín an chreata lá, nuair tháinic beirt shagart faoi, ag féachaint mar do bhíodar ag dul ar aghaidh. Bhí aithne ag duine aca ar Fhrainc, agus dubhairt sé leis an bhfear eile forán do chur air. “Cuirfeadh,” ar seisean. “Arú a Fhrainc,” do ghlaoidh sé suas,” is mór an aoirde i n-a bhfuilir. Ní rachainn suas annsin ar chapall.” “B'fhéidir go rachadh sé cruaidh go leór ort teacht aníos ann ar do chosa' féin,” arsa Frainc, “ní hé amhain ar chapall.” Mar nach raibh áit chomhnuidhe aige féin ba ghnáthach leis an duine bochd codladh i dtigh ar bith d'á mbíodh sé ag obair ann, agus mar sin bhí sé 'na luighe 'na chodladh aon oidhche amháin i dtigh comharsan, agus ghlac sé taom doighe agus b'éigin dó glaodhach ar mhuintir an tighe, bhí sé chomh dona sin. D'éirigheadar 'na suidhe agus rinneadar freasdal air chomh maith agus d'fhéad siad. Do théigh an bhean deoch dó, acht mar go raibh an deoch ro-the le n-ól, thoisigh sí dh'á séideadh. “Ní gnáthach gaoth gan fear- thainn,” arsa Frainc ins an leabaidh gus é i lár spairne na doighe. Fuair sé biseach d'éis tamaill, agus d'éirigh sé chum na teineadh, agus bhíodar ag comhrádh. “Is olc í an doigh,” arsa fear an tighe. “Is olc,” arsa Frainc; “ní bheidheadh suim aici 'do mharbhadh.” “Budh chóir dhuit dul a luighe anois, a Fhrainc,” ars' an bhean, “ar faitchios fuachd do ghlacan.” “An ag iarraidh mo chur ins an áit chéadna i bhfuaras í atá tú?” arsa Frainc. Dubhras go raibh sé ag obair i dtigh eile i n-ar chuireadar mí-shásadh air i dtaobh an bhídh, mar do rinneadar leath-chuma air. Fuair Frainc a dhínnéar fá leith lá, agus bhí bean an tighe ag fagháil dínnéir muintire an tighe fá réir ins an gcisde- anaigh i raibh Frainc ag obair. Bhí pota (nó crocán) mór 'na shuidhe ar an urlár, agus é lán de chabáisde, agus spóla mór bagúin i n-a lár ag dul d'á bhruith. Nuair do thiompuigh an bhean a cúl, rug Frainc ar choileán madaidh do bhí ag rinnc ar an urlár, agus chaith sé isteach 'sa bpota é. Do léim an coileán amach agus chraith sé é féin. D'fhuagair an bhean ar Fhrainc — “Arú a
Fhrainc, cad chuige a ndearna tú sin?” “Ní fhaca mé muc ins an gcabáisde riamh nach gcuirfinn an madadh aisti,” arsa Frainc. Is iomdha sgéal eile i dtaobh Fhrainc do chualas, agus tá eagla orm go bhfuilid caillte i measg na ndaoine 'san áit ar mhair sé, trí mheathadh na Gaedhilge. D'éag se bliadhain nó dhó d'éis aimsire an ghann- tanais, agus beannachd Dé le n-a anam. Seaghán Ó Ruaidhrí. [Ní baoghal nach bhfuil roinnt éigin seanchais ar Fhraincín ar marthain go fóill i gcondae Mhuighe Eó. Is cuimhin linn an t-oide sgoile Antoine Ó Dochartaigh ó'n gcomharsanacht sin do bheith ar choimhthionól de Chonnradh na Gaedhilge i mBaile Átha Cliath, tá tuilleadh agus bliadhain ó shoin ann, agus é ag teacht thar an seanchas céadna.] Míniughadh. Leas-ainm, nickname. Saor, a craftsman. Sibhnéir, a local form of siúinéir, joiner. Budh é (boo-yaé) is used instead of dob' é in the greater part of Connaught, and also in Waterford and (to some extent at all events) in Clare; so also budh í (boo-yee/), budh iadh (boo-yee 'adh), budh eadh (boo-yă/) - hence perhaps mar (bu)dh eadh, mar 'dheadh = "as it it were," the ironical moryah. Bord, gen. buird, vowels short in North Connacht; Munster bórd, búird. Cuinneóg, churn. Dara, locally darna. Ní dubhairt: in Connaught, dubhairt is taken as if it were d'ubhairt, níor ubhairt, gur ubhairt = go ndubhairt, but the passive is dubhras, not do hubhras, Munster dubharthas; dubhradh is also used. Toisigh = tosuigh = tosnuigh (M.), begin. For d'éis, l'éis is common in N. Conacht = thar éis, 'r éis. Oirneis, oirnéis, úirléis, tools, apparatus; ball oirnéise (or úirléise) a tool. Tom, a bush, a clump of underwood, etc. Coinnigh usual for congaibh, keep. Chuir na madaidh as, see notes to Simple Iirsh Con- versation this month. Anam local for ionnam, in me: so annat, annainn, annaibh, annta. Trasna, across. Clochán, stepping-stones in a river: also means a stone hut such as those found in ancient monastic settlements. The Sc. Gaelic form clachan means a hamlet. An Clochán, Clifden. Clochán na bhFomhorach (of the "Fomorians"), the Giant's Causeway. Casadh ar a chéile, met. Tuile, flood. Tairg, offer. Ograim, colloq. ogruighim, I wish or consent. Corrach, shaky. Hóbair go dtuitfidís, they "were like" to fall. See G.J., vol. 5, p. 183. An donas, "the Mischief, the Evil One. Fear ceirde, a craftsman. Creata, roof; creit, a ridge, O'R., formerly applied to the body of a chariot. Crit, the back, O'R. Forán do chur air, to address him. Ar chapall, for a horse. Fraincín deliberately misunderstood the idiom and took the words literally. Béál Atha na Muice, Swineford. Círín, crest, ridge. Taom doighe (dhĕ'ee, dhĕ'yĕ) a fit of colic. Doigh used alone means "colic" in this district. See note in Simple Irish Conversation, this month. B'éigin dó, it was necessary for him. Freasdal, attendance. Téigh, warm (verb), from te. Spairinn, wrestling, writhing, agony. Dubhras, it was said. Fagh fá (faoi) réir = get ready. Such uses of fagh are suspicoiusly like the English idiom with "get." Fuair sé déanta é, he got it made, for chuir sé d'á dhéanamh é. Cisdeanach, f., Kitchen. Spóla, a piece or chunk (of meat, etc.) Tiompuigh, local for iompuigh - also ionntuigh and tionntuigh. Aimsir an ghanntanais, the Famine times.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services