Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Fraincín Strae.

Title
Fraincín Strae.
Author(s)
Ua Ruaidhrí, Seaghán,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1897
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Fraincín Strae.



Seo leas-ainm do bhí ar fhear bheag ar
a bhfuil cuimhne agam ó laethibh m'óigeachta,
i n-aice le Bealach a' Doirín, d'ár bha
shloinneadh Ua Breannáin, acht mar shíl na
daoine nach raibh a sháith céille aige, agus mar
go raibh sé i gcomhnuidhe ag dul thart ar
fad na tíre, thugadar an “strae” air.
Bhí sé 'na shaor — 'na shibhnéir mhaith — mar
shighe bheathadh, agus budh é an cainteoir géar
greannamhail 'san nGaedhilg do b'fhearr
d'á raibh 'san áit.



Do bhí sé lá ag obair i dtigh, ag déanamh
buird, agus chríochnuigh sé é tamall beag roimh
am dínnéir. D'iarr siad air fanamhaint,
acht mar go raibh cuinneóg le déanamh
aige i dtigh eile ar an mbaile gcéadna,
d'imthigh sé leis, ar shúil go mbéarfadh sé
ar a dhínnéir ins an dara tigh. Acht nuair
tháinic Frainc ann, bhí na daoine i ndiaidh
a ithte. Ní dubhairt Frainc focal, acht
thoisigh sé ag obair. D'éis tamaill, leag
sé síos a chuid oirneise, agus amach leis ar


L. 63


an mbealach tháinic sé, agus thoisigh sé ag
amharc 's ag cuartughadh i measg na dtom
ar gach taoibh de'n chasán. D'iarr muintir
an tighe dhe, “Cad do chaillis, a Fhrainc?”
“Do chailleas mo dhínnéar idir an dá
theach so,” arsa Frainc, “agus tá mé dh'á
chuartughadh.” Is dóich nár choinnigheadar
'na throsgadh é ní b'fhaide.



Chuaidh sé suas go tigh an mhinistéara lá
i ndiaidh a oibre, agus chuir na searbhfogh-
antaidhthe na madaidh as. Bhuail Frainc na
madaidh, agus d'éis teacht amach ar an
mbóthar dhó, d'iarr fear dhe, “Ar chuirea-
dar na madaidh asat, a Fhrainc?” “Níor
chuireadar asam iad 'chor ar bith,” arsa
Frainc. “Chuireadar annam iad.”



Do bhí áth an tráth sin ar abhainn ghairbh
shléibhe 'san áit do chuaidh an bóthar trasna,
agus clochán déanta ann ionnus go bhféadfadh
na daoine dul anonn cois-tirim. Do
casadh Frainc agus an sagart ar a chéile ag
an áth lá fearthanna d'á raibh tuile mór
'san abhainn, agus an t-uisge os cionn an
chlocháin. Do thairg Frainc an sagart
d'iomchur trasna ar a dhruim, má ogrui-
gheadh sé.



D'aontuigh an sagart go buidheach, agus
chuaidh sé ar a dhruim. Nuair do bhíodar
leath-bhealach 'san áth, do sheas Frainc
ar chloich chorraigh, agus h-óbair go dtuitfidís le
chéile 'san uisge. “Och, a Fhrainc,” ars' an
sagart, “tá an donas ort.” “Má tá,”
arsa Frainc, “ní bheidh sé níos faide orm,
a athair Séamus” — agus chaith sé dhe é i lár
na habhann.



Bhí Frainc ag obair i gcuideachta
móráin fear ceirde eile ar chreata tighe
pobail úir do tóigeadh i mBéal Átha na
Muice, agus bhí sé 'na shuidhe trasna círín an
chreata lá, nuair tháinic beirt shagart faoi,
ag féachaint mar do bhíodar ag dul ar
aghaidh. Bhí aithne ag duine aca ar Fhrainc, agus
dubhairt sé leis an bhfear eile forán do
chur air. “Cuirfeadh,” ar seisean. “Arú
a Fhrainc,” do ghlaoidh sé suas,” is mór an
aoirde i n-a bhfuilir. Ní rachainn suas
annsin ar chapall.” “B'fhéidir go rachadh
sé cruaidh go leór ort teacht aníos ann ar
do chosa' féin,” arsa Frainc, “ní hé
amhain ar chapall.”



Mar nach raibh áit chomhnuidhe aige féin
ba ghnáthach leis an duine bochd codladh i
dtigh ar bith d'á mbíodh sé ag obair ann, agus
mar sin bhí sé 'na luighe 'na chodladh aon
oidhche amháin i dtigh comharsan, agus ghlac sé
taom doighe agus b'éigin dó glaodhach ar
mhuintir an tighe, bhí sé chomh dona sin.
D'éirigheadar 'na suidhe agus rinneadar
freasdal air chomh maith agus d'fhéad siad.
Do théigh an bhean deoch dó, acht mar go
raibh an deoch ro-the le n-ól, thoisigh sí dh'á
séideadh. “Ní gnáthach gaoth gan fear-
thainn,” arsa Frainc ins an leabaidh gus é i
lár spairne na doighe. Fuair sé biseach
d'éis tamaill, agus d'éirigh sé chum na
teineadh, agus bhíodar ag comhrádh. “Is olc í
an doigh,” arsa fear an tighe. “Is olc,”
arsa Frainc; “ní bheidheadh suim aici 'do
mharbhadh.” “Budh chóir dhuit dul a luighe
anois, a Fhrainc,” ars' an bhean, “ar
faitchios fuachd do ghlacan.” “An ag
iarraidh mo chur ins an áit chéadna i
bhfuaras í atá tú?” arsa Frainc.



Dubhras go raibh sé ag obair i dtigh eile
i n-ar chuireadar mí-shásadh air i dtaobh an
bhídh, mar do rinneadar leath-chuma air.
Fuair Frainc a dhínnéar fá leith lá,
agus bhí bean an tighe ag fagháil dínnéir
muintire an tighe fá réir ins an gcisde-
anaigh i raibh Frainc ag obair. Bhí pota
(nó crocán) mór 'na shuidhe ar an urlár,
agus é lán de chabáisde, agus spóla mór bagúin
i n-a lár ag dul d'á bhruith. Nuair do
thiompuigh an bhean a cúl, rug Frainc ar
choileán madaidh do bhí ag rinnc ar an
urlár, agus chaith sé isteach 'sa bpota é. Do
léim an coileán amach agus chraith sé é féin.
D'fhuagair an bhean ar Fhrainc — “Arú a


L. 64


Fhrainc, cad chuige a ndearna tú sin?”
“Ní fhaca mé muc ins an gcabáisde riamh
nach gcuirfinn an madadh aisti,” arsa
Frainc.



Is iomdha sgéal eile i dtaobh Fhrainc do
chualas, agus tá eagla orm go bhfuilid caillte
i measg na ndaoine 'san áit ar mhair sé,
trí mheathadh na Gaedhilge. D'éag se
bliadhain nó dhó d'éis aimsire an ghann-
tanais, agus beannachd Dé le n-a anam.



Seaghán Ó Ruaidhrí.



[Ní baoghal nach bhfuil roinnt éigin
seanchais ar Fhraincín ar marthain go fóill i
gcondae Mhuighe Eó. Is cuimhin linn an
t-oide sgoile Antoine Ó Dochartaigh ó'n
gcomharsanacht sin do bheith ar choimhthionól
de Chonnradh na Gaedhilge i mBaile Átha
Cliath, tá tuilleadh agus bliadhain ó shoin ann,
agus é ag teacht thar an seanchas céadna.]



Míniughadh.



Leas-ainm, nickname. Saor, a craftsman. Sibhnéir,
a local form of siúinéir, joiner. Budh é (boo-yaé) is used
instead of dob' é in the greater part of Connaught, and
also in Waterford and (to some extent at all events)
in Clare; so also budh í (boo-yee/), budh iadh (boo-yee 'adh),
budh eadh (boo-yă/) - hence perhaps mar (bu)dh eadh, mar
'dheadh = "as it it were," the ironical moryah.



Bord, gen. buird, vowels short in North Connacht;
Munster bórd, búird. Cuinneóg, churn. Dara,
locally darna. Ní dubhairt: in Connaught, dubhairt
is taken as if it were d'ubhairt, níor ubhairt, gur ubhairt
= go ndubhairt, but the passive is dubhras, not do
hubhras, Munster dubharthas; dubhradh is also used.
Toisigh = tosuigh = tosnuigh (M.), begin. For d'éis, l'éis
is common in N. Conacht = thar éis, 'r éis. Oirneis,
oirnéis, úirléis, tools, apparatus; ball oirnéise (or
úirléise) a tool. Tom, a bush, a clump of underwood,
etc. Coinnigh usual for congaibh, keep.



Chuir na madaidh as, see notes to Simple Iirsh Con-
versation this month. Anam local for ionnam, in me:
so annat, annainn, annaibh, annta.



Trasna, across. Clochán, stepping-stones in a river:
also means a stone hut such as those found in ancient
monastic settlements. The Sc. Gaelic form clachan
means a hamlet. An Clochán, Clifden. Clochán na
bhFomhorach (of the "Fomorians"), the Giant's Causeway.
Casadh ar a chéile, met. Tuile, flood. Tairg, offer.
Ograim, colloq. ogruighim, I wish or consent.
Corrach, shaky. Hóbair go dtuitfidís, they "were
like" to fall. See G.J., vol. 5, p. 183. An donas,
"the Mischief, the Evil One.



Fear ceirde, a craftsman. Creata, roof; creit,
a ridge, O'R., formerly applied to the body of a chariot.
Crit, the back, O'R. Forán do chur air, to address
him. Ar chapall, for a horse. Fraincín deliberately
misunderstood the idiom and took the words literally.
Béál Atha na Muice, Swineford. Círín, crest, ridge.



Taom doighe (dhĕ'ee, dhĕ'yĕ) a fit of colic. Doigh used
alone means "colic" in this district. See note in
Simple Irish Conversation, this month. B'éigin dó, it
was necessary for him. Freasdal, attendance. Téigh,
warm (verb), from te. Spairinn, wrestling, writhing,
agony.



Dubhras, it was said. Fagh fá (faoi) réir = get ready.
Such uses of fagh are suspicoiusly like the English idiom
with "get." Fuair sé déanta é, he got it made, for
chuir sé d'á dhéanamh é. Cisdeanach, f., Kitchen. Spóla,
a piece or chunk (of meat, etc.) Tiompuigh, local for
iompuigh - also ionntuigh and tionntuigh. Aimsir an
ghanntanais, the Famine times.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services