Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Music has Ended: The Death of a Harper
Title
Music has Ended: The Death of a Harper
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ua Súilleabháin, Seán agus Donnelly, Seá
Composition Date
1600
Publisher
(B.Á.C.: I.A.B., 1991)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Tadhg Olltach Ó'n Cháinte cecinit Torchoir ceól Cloinne Cathoil, rug orra éag anachoin, teidhm bhus gomh síoruidhe so, dol dá síodhuighe seanma. Múisigtheach dorcha domhoin, Conchubhur Mac Conghalaigh, a gcúis gháire, a ngníomh doiligh, re síol nDáire dealuighidh. Ceól na gcuradh ó Chuan Dor, mairg, a Dhé bhí, d'ar beanadh, méar beóighlinn iúlmhur aithneach ciúnghlan ceóilbhinn cuartuightheach.
Dúsgadh leóin, losgadh anáidh, ceól codoil crú Donnabháin, a éag rob ghníomhradh ghoimhe, béad ríoghbhan is ríoghraidhe. Sliocht Dáire Cearb nár ceileadh, uatha trá ní tuigfidhear labhra faoilte na bhfoghur; damhna a gcaointe Conchubhur. Ní shaoilid filidh náid fáidh, ní mheasoid mná náid macáimh, céim soirbhis 'na ndiaidh d'fhagháil, liaigh doirbhis ó nDonnabháin. Glac lúthbhras ionar lia gean, Dallán Forgoill na bhfileadh, glór búidh budh clisdi croidhe, cisde rúin na ríoghroidhe. Taidhiúire a théad, tiún a chor - mar tá a niú is neamhthuar meanman - lúth saor an ríghmheóir mhire, fíghleóir caol ar gcruitire. Dá mhéad do-gheibhinn dá ghrádh ní bhraithinn chroidhche im chompán - an dallsa nár dhall croidhe - acht barr annsa ar n-ionmhoine.
Déanomh aoibhnis ní heól damh im thoirchim trá ná im dhúsgadh, ar gclódh céille, ar gcás cumhadh, bás mo chéile Conchubhar. Méar lúthmhur bhár lia anáir, croidhe dil Í Dhonnabháin, fáidh amhra an fhoilcheasa fuinn, damhna doirbhcheasa Domhnuill. Cumhthach ar aoi a daltáin daill inghean Eóghuin mheic Dhomhnuill, is baoth mar oire a hosna, saoth lem chroidhe an Charrthachsa. Graifneadh múisigtheach meóir bhrais, uaigneach 'na dhiaidh dá dhíoghrais, teagar coimseach rob chaoin cuir, toirseach dá thaoibh a dtorchuir. TORCHUIR / CEÓL / CLOINNE / CATHOIL /
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services